Irisí an Phléaráca

Cur Síos

Bhí Iris an Phléaráca – a foilsíodh gach bliain idir 1991 agus 2014 – mar chuid lárnach d’Fhéile an Phléaráca. Is san Iris a bhí clár na Féile, cur síos ar imeachtaí na Féile, grianghraif, fógraí agus nuacht. Tugadh deis don dream óg ceird na scríbhneoireachta – idir fhilíocht agus ghearrscéalta – a chleachtadh, agus foilsíodh scéalta agus dánta nuachumtha sna hIrisí. Tá ailt spéisiúla iontu faoi chultúr, faoi stair, agus faoi shaol an phobail i gConamara agus in Árainn. Chuir lucht acadúil, polaiteoirí, scríbhneoirí, taighdeoirí agus saineolaithe eile peann le pár faoi théamaí ilghnéitheacha; i measc na dtéamaí sin tá: na báid agus an bhádóireacht, an béaloideas agus nósanna na ndaoine, stair agus polaitíocht an cheantair agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus saol na Gaeilge. Tá na hIrisí seo go léir digitithe agus iad ar fáil sa mBailiúchán seo.

Míreanna sa mBailiúchán

Iris an Phléaráca 1991
Leagan scanta d'Iris an Phléaráca 1991

Iris an Phléaráca 1992
Leagan scanta d'Iris an Phléaráca 1992

Iris an Phléaráca 1993
Leagan scanta d'Iris an Phléaráca 1993
Breathnaigh ar gach 23 mír