Peadar Ó Máille

Agallamh le Peadar Ó Máille (09/05/1981)

San eagrán seo de Blianta faoi Bhláth tá Peadar Ó Máille (1895-1985) as Baile Logáin, Cor na Rón Thoir, Indreabhán ag caint ar an tréimhse a chaith sé in Óglaigh na h-Éireann. D`fhás na hÓglaigh go sciobtha tar éis Éirí Amach na Cásca, agus is minic a bhunaigh duine a tháinig abhaile as ceantar éigin eile díorma de na hÓglaigh ina bhaile féin. Is amhlaidh a tharla i gcás an cheantair siar ón Spidéal. Bhí Peadar Ó Máille ag múineadh Gaeilge i gCo. Laoise agus ba é a bhunaigh díorma de na hÓglaigh siar ón Spidéal thart ar 1917. Ba é freisin a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta do Shinn Féin i gConamara do thoghchán 1918. Rinne poblachtánaigh an cheantair an-obair, dar leis.

Cuireann sé síos ar an seal a chaith sé i bpríosún i gcampa an Churraigh – bhídís ag déanamh tolláin éalaithe. Deir sé go raibh na gardaí príosúin go maith, tríd is tríd. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha bhí sé ar chuid den dream a coinníodh istigh, in éineacht le daoine ar nós Pheadair Uí Dhónaill agus Thomáis Uí Dheirg (a bhí ina Aire Oideachais sna 1930í agus na 1940í) nuair a scaoileadh gach duine eile amach. Coinníodh na príosúnaigh seo istigh ionas nach gcuirfeadh siad tús arís le gníomhaíochtaí míleata ina gceantair dúchais. Labhraíonn sé faoin deacracht a bhí aige, mar phoblachtánach, i gcúrsaí fostaíochta tar éis an Chogaidh Chathartha. Thug sé aghaidh ar Uíbh Fhailí le post nua a ghlacadh ach b`éigean dó filleadh abhaile nuair nach raibh sé sásta móid dílseachta a ghlacadh don Saorstát nua a bunaíodh i 1922. Labhraíonn Peadar Ó Máille freisin faoin aithne a bhí aige ar Mhicheál Ó Coileáin (tríd an IRB), ar Éamon De Valera agus ar an scríbhneoir Pádraig Ó Conaire i mBaile Átha Cliath.