Bád Pheada: An Morning Star

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)


“Oh Morning Star, you are my darling,
You are my fancy I do declare
For when I’m drinking I’m always thinking
And knowing that you’ll come back here”

Ina shuí lena uncail taobh amuigh de Tigh Joe Mac i gCill Rónáin i Samhradh na bliana 1960 a thit Johnny Healion i ngrá le báid Chonamara. Bhí cleachtadh mhaith ar bháid agus ar sheoltóireacht aige roimhe sin ós rud é gur tógadh i mBeann Éadair é ach an lá áirid seo chonaic sé An Mhaighdean Mhara ag teacht isteach go sean-chéibh Chill Rónáin le ualach móna, an seol tosaigh agus an jib caite anuas aici agus ag ceangal suas le balla. Dúirt sé go gcaithfeadh sé ceann de na báid sin a fháil. Ach fillfidh muid ar Johnny ar ball.

https://www.cartlann.ie/files/original/2310a92afd22f2c9f422aa43f585cfe5.jpg

Glactar leis gurbh é Patrick Brannelly a thóg An Morning Star. Rugadh Patrick tuairim dhá chéad slat ó dheas de chéibh na Cora Duibhe (Blackweir) in aice le Baile na Cúirte. Tá píosa de bhalla an tí le feiceáil ann fós le taobh an chró. Tá cuid dá mhuintir fós i mBaile na Cúirte. Tá neantóga agus driseacha ag fás go fairsing anois, san áit ar tógadh An Morning Star agus An Tónaí ar an gCora Dubh.

Rugadh Patrick Brannelly sa mbliain 1859. Ba saor báid a athair freisin. Ba feairín beag crua é Patrick agus ní raibh cinneadh ar bith leis ag obair. Rinne sé an oiread sin oibre gur dúradh go mbíodh na daoine maithe ag obair in éineacht leis. Bhíodh go leor printísigh aige, agus thóg sé báid i gCinn Mhara agus i nGaillimh freisin. I measc na mbád eile a thóg sé bhí An Tónaí, An Chorainn, An Lovely Ann (Moonraker anois), An Catherine, Queen of Connemara, ar scríobh Francis A. Fahy an t-amhrán fúithi, agus Morning Star eile a bhí ag Maitias Ó Máille i Ros Muc.

Ní bhfuair Patrick saol fada. Bhí sé féin agus printíseach, Johnny Barrett as Leitir Ard, Carna, a bhí chúig bhliana déag, i ngleoiteog ar chuan Chinn Mhara. D'iompaigh an bád agus de réir an teastas báis fuair Patrick bás de "cold and exposure" ar an gceathrú lá déag de Dheireadh Fómhair 1892. Tá sé curtha i reilig Bhaile na Cúirte. Tháinig Johnny Barrett slán.

Bád Pheada

https://www.cartlann.ie/files/original/db44beaec6aa15852d5bdb47d3c45dab.jpg

An Morning Star ag seoladh ag an bhFéile mhór bád i Douarnanez na Briotáine i 1988. Is é Paul Healion, deartháir le Johnny atá ar an halmadóir.

Níltear cinnte cé dhó a rinneadh An Morning Star nó cén bhliain. Ceaptar gur tógadh í am eicínt idir 1884 agus1890. Dúirt Pádraig a' Mháille liom go raibh sí ag muintir Birmingham in Oileán Eide ar feadh achar gearr agus go raibh St. Patrick uirthi. Dúirt Cóilín Ó hlarnáin gur do Pheaitsín Sheáin Mhaolra Ó Flaithearta as Inis Eirc ach a bhí ina chónaí ar an gCladach i nGaillimh a rinneadh í. Ba deartháir le Peaitsín é Tony Sheáin Mhaolra a raibh An Tónaí aige, agus Joe Sheáin Mhaolra, a bhí ina shaor ar An Brig St. John. Bhí clann iníon ag Peaitsín, a bhí ag obair an bháid agus tugadh Bád na mBan ar an Star. Dúirt Johnny Bailey gur chuala sé óna sheanathair gur lucht glasógaí a chuaigh an chéad lá ariamh inti. Bhí sí ag tarraingt adhmaid ó na Réamainn agus na Comerfords go Co. an Chláir.

Báitheadh mac le Peaitsín i nGaillimh agus dhíol sé an bád le Nóra Ní Chonaire as Tír an Fhia, a bhí tagtha abhaile as Meiriceá. Phós Peada Mhicil Hughie Ó Conghaile as Inis Bearachain isteach sa teach agus mar gheall ar sin is Bád Pheada is minicí a tugadh uirthi ina dhiaidh sin.

Ní bád mór a bhí inti. Shnámhfadh síar cheithre throigh go leith uisce, aon déag sé ina seas crainn, agus tríocha seacht troigh ar faid. Tharraing sí go leor móna go Cinn Mhara agus Árainn as Caladh Thaidhg, An Sruthán agus as Ros an Mhíl. Thug sí go leor fuisce soir freisin agus lasta anoir as Gaillimh go siopa Hynes i dTír an Fhia, agus go dtí an siopa beag a bhí ag Peada féin. Bhíodh Peada agus a chlann, Peadar, Joe, Pádraig, agus Colm inti. Báitheadh Colm aisti ag dul soir ag Ceann Bóirne.

Caite i dTír an Fhia

https://www.cartlann.ie/files/original/0f1bd610fab34a99887b34ac429d8233.jpg https://www.cartlann.ie/files/original/632e514c44aa6d5e50ffc9b0e89b10c0.jpg

Cosúil leis na báid eile nuair a tháinig na leoraithe bhí a cuid oibre déanta. Bhí sí caite i dTír an Fhia ar feadh trí bliana déag agus droch-chaoi uirthi nuair a cheannaigh Dennis Aylmer as Bleá Cliath í ar £200 sa mbliain 1965. Chuir sé Michael Willy ag obair uirthi. Fuair siad cílle an Morning Star eile a bhí titithe i Snámh Bó, i Ros Muc, ar £1 le cur inti, cílle beithe. D'íoc Dennis £37 ar an adhmad as Gort lnse Guaire. Leoraí feamainne a thug an t-adhmad anoir agus is poitín a fuair fear an leoraí mar íocaíocht. Chaith Dennis £1500 ar fad uirthi agus bhí ard-mheas aige ar obair Mhichael Willy.

Mar a fuair Johnny Healion an stair

I Meán Fómhair '66 sheol Dennis Aylmer síos go Luimneach í, suas an tSionainn, tríd an Grand Canal, áit ar chaith sí an Geimhreadh. I Márta '67 bhí sí i nDún Laoghaire. Rinne sé roinnt mhaith seoltóireachta ar an gcósta thoir agus sa mbliain 1971 dhíol sé le cúpla duine eile í i mBleá Cliath. Is cosúil nach ndearna siad sin tada léi mar sa mbliain 1975 chonaic Johnny Healion í i gCaladh an Ghuail i nDún Laoghaire agus an-chraite. Cheannaigh sé í ó Ray Naughton, duine den ghrúpa ar £500.

Rinne Johnny agus cara leis, Nicky Kelly, obair uirthi agus sa mbliain 1976 thug Máirtín Mylotte í féin agus marquee síos go Carna ar lowloader le haghaidh Féile Mhic Dara. Ins an ngeall bhí sí féin, An Hunter agus An Volunteer. Ceaptar anois go raibh an-bhaint ag turas an Star i '76 go Conamara le aithbheochaint na mbád. Bhí sí i gConamara aríst i '77, '78, '79 agus bhí sí ag an gcéad Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, scór bliain ó shin. Níor dearnadh mórán léi ansin go dtí gur tugadh síos chuig Colm Ó Maoilchiaráin í in 1985. Thóg sé as an nua í agus tá tarraingt sé troigh anois aici agus tá sí tríocha naoi troigh, sé órlaigh. Ghearr Joe Mhaidín seolta di.

Ag taisteal ó shin

Tá go teor taistil déanta aici lena criú ó shin - Johnny, a dheartháir, Paul, Joe Taylor, Tommy Quirke, Paddy Murphy agus daoine eile. Bhí sí i Douarnanez sa bhFrainc i '88, '92, '96, san Ollainn i '95 agus i Lorient i '97. Tá difríocht an mhór idir an Star agus báid eile a théann ar thurais mar seo. Is bád oscailte í an Star i gcónaí agus deirimse leat nach aon spóirt í t'aghaidh a thabhairt ar fharraigí oscailte ar feadh trí nó ceathair de laethanta i mbád gan aon deic ach mar a bhí fadó.

Tá video, Working Gaffers, déanta faoi An Morning Star agus tá scannán déanta faoi Johnny féin ag obair ar an leath-bhád a rinne sé, Star of the West. Tá gleoiteog déanta aige agus faoi láthair tá sé ag obair ar an Meaircín Joe i mBleá Cliath. Ní droch-amhránaí é Johnny ach oiread lena ghiotar, go háithrid nuair a thosaíonn sé ag cumadh a chuid véarsaí faoi An Morning Star.

"Hoist up your great mainsail my little darling. Hoist up your seol tosaigh and jib as well. For there is no Bád Mór that will ever beat you, ln the calm or in the swell. "

Morning Star eile

https://www.cartlann.ie/files/original/8eaeb7c08414b85f4f2f4c1987d30eb4.jpg

HUP, A BHUACHAILLÍ! : An Morning Star á ndíriú suas i dTír an Fhia thart ar 1963, tar éis don saor bhád Michael Willy é a dheisiú. Nach iontach an cúnamh a bhí ar fáil.

Sula gcriochnóidh mé is fiú dhá fhocal a rá faoin Morning Star eile. Sé Brannelly a thosaigh í ach chríochnaigh Seáinín Keane í. Bhí sí an-mhór, leathchéad troigh ar faid. Bhí sí ag Neidín Ó Conghaile i gCloch na Rón, mar sin tugadh Bád Neidín uirthi. Cheannaigh Maitias Tom Ó Máille í ar £100 timpeall 1921. Tharraing sí go leor ábhair ag siopa Mháille i Ros Muc, beithigh agus muca as Árainn, agus slata mara go Cill Chiaráin suas go dtí 1955. Chuir an gála mór Debbie drochbhail uirthi i 1961.

Tá mé faoi chomaoin mhór ag na daoine seo a thug cúnamh dom, Johnny Bailey, John William Seoige, Pádraig a'Mháille, Dennis Aylmer, Beachla Joe Ó Domhnaill, Meta Uí Mháille, Cóilín Ó hlarnáin agus dar ndóigh Johnny Healion féin. Ná raibh sé i bhfad go raibh tú, a Johnny, i gConamara le do Star aríst. © Ruaidhrí Ó Tuairisg & Pléaráca Teo

https://www.cartlann.ie/files/original/2a3c27d4da2c790311a4483fc091f25d.jpg

An Morning Star ag luí le céibh. Ceaptar gur úinéir an bháid ag an am, Peada Mhicil Hughie Ó Conghaile, fear an chaipín ar chlé. Ní fios cé hiad an bheirt eile.

Bád Pheada: An Morning Star