Curachaí ar an Spidéal

Tommy Standún

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sna seachtóidí bhíodh cáil ar an Spidéal faoi Féile na gCurachaí ar an gcaoi céanna is atá cáil ar Chinn Mhara de bharr Cruinniú na mBád. Ach an oiread le roinnt eile féilte farraige, níor reachtáileadh Féile na gCurachaí i mbliana sa Spidéal. Ach fós féin tá borradh nua faoin spórt sláintiúl seo gCois Fharraige. Le fada an lá ní raibh aon fhoireann iomartha ón Spidéal ag tógáil páirt sna féilte curachaí. Is cosúil go mbeidh athrú ar an scéal sin. An samhradh seo, thosaigh grúpa díograiseach ag iomradh agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh foireann fear agus foireann ban ag tógáil páirt sna rástaí curachaí an chéad bhliain eile. Tá baint mhór ag Tommy Standún leis an aithbheochan seo sna curachaí, agus cuireann sé síos anseo air.

Is iomaí iomróir agus bádóir stuama ó chian is ó chóngar a thug aghaidh ar Fhéile Churachaí an Spidéil le beagnach cúig bhliain fichead anuas. Ba údar ríméid i measc pobal na háite é gur mhúnlaigh siad le chéile féile den scoth a raibh trácht air ar fud na gceithre chearn. Bhí saibhreas do gach sórt, ceoil is scléipe, airíocht is ealaíon, curadóireacht is fíodóireacht. D'fheadfaí a bheith cinnte go mbíodh an chraic ar fheabhas i mBaile an Droichid ar an dara deire seachtaine de Mheitheamh.

Chuir an phoiblíocht nasiúnta teilifíse Féile Curachaí an Spidéil san aicme céanna le mórfhéilte na tíre i rith na seachtódaí agus na hochtódaí. Chuidigh an fhéile le athbheochan na ngeallta bád seol atá le feiceál go flúirseach i láthair na huaire. Bhí coimhlint láidir le mothú go mór mhór idir bailte fearainn an cheantair, i gcomórtais éagsúla - an garraí is slachtmhaire, caitheamh na gcrúití, paráid na bhflótanna, baint mhóna, rás bóthair, iascaireacht, ealaín agus ceardaíocht. Ba cúis mórtais i gcroí gach duine páirt a thógáil i bpríomh taispeántas cultúrtha na Gaeltachta.

Neartaigh an fhéile thar tréimhse scór bliain de bharr fuinneamh Choiste na gCurachaí agus de bharr na smaointe úra a cuireadh faoi bhráid. Ach taréis obair dhíograsach thar na blianta tháinig droch rath ar an bhféile, a bhí mar ábhar mórtais ag muintir An Spidéil. Faraor géar ní raibh féile ar an mbaile le bliain anuas de thoradh easpa suime i measc muintir an cheantair go ginearálta.

Ach taréis blianta fada ag teacht i ngleic le mór chuid deacreachtaí tá an coiste taréis athbheochan a mhúscailt i rás curach arís. Le bliain anuas deineadh athchóireamh ar na deich gcurach atá faoi chúram an choiste. Ó mí Bealtaine seo caite tá seans ag daoine óga agus aosta iomradh curach a thríáil faoi chúram agus stiúr iomróirí an cheantair. Cé nar cuireadh béim ar rásaíocht baistíodh Na hUrchair Liath ar ghrúpa faoi leith a bhí ag iomradh don chéad uair agus an leathchéad bliain bainte amach acu uilig. Ag deireadh an tsamhraidh bhí anchosúlacht ar an scéal go raibh na fóirne mná ag fáil an láimh in uachtar ar na sean-bhádóirí. Tá'r ag súil go leanfar leis an iomradh i rith an gheimhreadh ar Loch Coirib gar do chathair na Gaillimhe.

https://www.cartlann.ie/files/original/1b464dfdab33461e54a35eb7b757ae47.jpg

Feile na gCurachaí ar an Spidéal, 1996.(pic: Donncha Ó hÉalaithe)