Caoineadh na Mairbh i gConamara

Ruaidhrí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Céard atá i gceist le caoineadh na marbh? Deir Séamas Ó Catháin, an t-údar béaloideasa, go raibh an nós seo - caoineadh a dhéanamh os cionn an mhairbh le fáil i mbeagnach gach tír ar domhan agus gur nós é atá an-sean ar fad. Deir sé gur sa Ghréig atá na caointe is sine le fáil. Tá sé san Iliad, agus déanann Arastotail tagairt dó. Bhí sé le fáil sa Róimh cosúil le traidisiún na Gréige agus i chuile áit ar fud na hEorpa. Maireann sé fós sa bhFionnlainn agus san Israel. Sé Giraldus Cambrensis an chéad chuairteoir go hÉirinn a rinne tagairt do chaoineadh.

Tá cruthú againn go ndeachaigh an nós i bhfad siar i stair na tíre seo agus go deimhin gur nós réamhstaire é. Tá sé le fáil sa litríocht - Deirdre ag caoineadh Naoise, Cúchulainn ag caoineadh Fherdia, Torna ag caoineadh Chuirc agus Néill 423 A.D., Seanchán ag caoineadh Dhalláin 597 A.D. I Sanas Chormaic tá tagairt do chaoineadh a scríobh Colmán do Chuimín Fota a fuair bás 661 A.D. agus tá píosa ann faoi "lám-comairt" (bualadh bos), nós a ghabh leis an gcaoineadh.

Agus mise ag caint ar chaoineadh anseo tá mé ag smaoineamh ar an véarsaíocht, ar an gceol agus ar nósanna mar bhualadh bosa a bhíodh ag na fir agus ag na mná caointe. Taobh amuigh de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire níl mórán eolais againn faoi na focla a bhíodh sna caointe. Ní raibh daoine sásta iad a chur ar théip do lucht béaloideasa mar bhain siad leis an mbás agus rud eile chaithfeadh údar a bheith leo. Dúirt roinnt ban liom féin go ndearna siad caoineadh ach ní bheadh siad sásta é a chur ar théip. Ní bheadh aon mhothú ann gan údar agus ní bheadh sé ádhúil. Ina nóta leis an gceirnín Songs Of Aran deir Cowell ag tagairt do na píosaí beaga caointeoireachta atá air nach raibh an dream a rinne é sásta a n-ainmneacha a chur leis ná fiú amháin go bhfeicfeadh éinne iad dá dhéanamh.

Ba ghlaoch é a d'éirigh aníos ina racht as buaireamh agus corraíl intinne an duine chráite. Labhair an caointeoir go díreach leis an gcorp, amhail is dá mbeadh sé beo, go minic i bhfoirm véarsaíochta agus go minic le ceol freisin. I gConamara nuair a bhíodh an corp leagtha amach thosaíodh bean amháin ag caoineadh agus bhíodh triúr nó ceathrar eile timpeall an choirp freisin ag cabhrú léi. Bhíodh a gcuid lámha crochta suas san aer acu, iad dá gcraitheadh, iad ag luascadh anonn agus anall, ag cromadh anuas os cionn an choirp, ag leagan a lámha ar an mbord nó amannta ar an gcorp. Bhíodh siad ag caint go díreach leis, ag tabhairt amach a ainm agus á mholadh. Is minic gur duine amháin a bhíodh ag véarsaíocht agus na mná eile ag olagón léi. Seo go díreach mar a chonaic Mr. & Mrs. S.C. Hall, na taistealaithe, é i gCúige Mumhan agus tá cur síos maith air ina leabhar Ireland, its Scenery and Character Imleabhar 1.

Mar a dúirt mé mholtaí an duine a bhí básaithe go hard na spéire, a chineáltacht agus a chneastacht. Ní minic a cáineadh éinne i gcaoineadh. B'fhéidir gur mhaith leis na mná caointe é a dhéanamh amannta ach bhíodh gaolta le gach uile dhuine ar an tórramh agus tar éis braon a bheith ólta ag daoine tharlódh rudaí. Ach anois agus arís bhí cáineadh ann - jumpers, Black and Tans, nó duine a rinne éagóir mhór ar an té a bhí os cionn cláir.

Rinneadh tagairt do chraobh ginealaigh nó do mhuintir an duine, do fhlaithiúlacht an duine - 'níor lig tú amach éinne ariamh as do theach le hocras'. Labhraíodh chomh maith is a bhí an duine ag obair - 'nár bhreá an fear oibre ar an easca tú','nár mhaith an fear sa gcladach tú, is nár mhaith an fear sa gcurach tú', 'nár bhreá uait sníomh agus cárdáil ar do thúirne lín agus do shiostal i do láimh'.

Bhíodh mná áirithe i ngach uile bhaile a bhí go maith ag caoineadh agus mura bhfaighidís cuireadh ar thórramh bheidís an-mhaslaithe. Ní bhíodh fir ag caoineadh chomh minic sin ach amháin nuair a bhíodh gaol gar leo básaithe. Ní minic a bhíodh mná aonair ag caoineadh - bhíodh triúr nó ceathrar i gcónaí ann. Tá sé le feiceáil san amhrán Caoineadh na dTrí Mhuire:

Gabhaigí aníos, a mhná,
go gcaoinfidh sibh liom mo pháistín

agus in Amhrán Mhuighinse:

Beidh triúr ban óg óna sléibhte agam,
Le mé chaoineadh os cionn cláir.

Ní mórán duine faoi bhun 50 bliain i gConamara a chuala an sórt seo caoineadh. Bhí an seansaol ag athrú. Bhíodh corr dhuine ag teacht abhaile ó Mheiriceá agus ó Shasana ag sochraid agus bhíodh náire orthu dá dtosódh an gaolta ag caoineadh mar seo. Stopaidís iad go minic. Dúirt seanfhear liom féin 'd'imigh an nós mar d'imigh an carthanas as na daoine'. Amannta chuir an chléir in aghaidh an nóis freisin. Chomh fada siar le 1631 chuir Sionad Chúige Thuama faoin Ardeaspag Maoilsheachlainn Ó Cadhla ina aghaidh. "Prohibe nturululatus in defunct orum exequiis" (Coisctear caoineadh ar shochraidí). Ní déantaí aon chaoineadh go dtí go mbeadh an corp leagtha amach le cead a thabhairt don anam éalú ó mhadraí an diabhail. Ní raibh cead deora a ligean ar an gcorp. Ceapadh go gcuirfeadh siad marc nó poll ar an gcorp. Bhíodh na mná caointe ag leagan lámha ar an gcorp agus dá phógadh amannta.

Dhéantaí caoineadh le maidneach an lae dá gcailltí duine i rith na hoíche, ag fógairt don bhaile go raibh duine básaithe. Is dócha gur as seo a tháinig an mallacht "scread mhaidne ort".

Nuair a bhíodh an corp ag dul chuig na reilige leagtaí anuas é agus is minic a déantaí dreas caointe. An uair sin ní thugtaí an corp go dtí an séipéal. Bhíodh píosa eile caointe ag an uaigh. Tar éis don chorp a bheith curtha théadh na mná go dtí an áit a raibh a ngaolta féin curtha agus bhíodh píosa eile caointe acu. Go deimhin chaointí na mairbh in áiteacha eile. Dúirt seanbhean liom ag caint faoina fear - 'Chaoin mé é faoi dhó gach uile lá, mar bhí sé lách cineálta liom i gcónaí agus níor dhúirt sé "thug tú eitheach" riamh liom. Ligeadh mé mo cheann anuas ar an áit ina mbíodh sé ina luí agus chaoineadh mé é.'

Go minic is ar a ngaolta féin a bhíodh na mná caointe ag smaoineamh nuair a bhíodh siad ag caoineadh os cionn coirp. Sin é an fáth a mbíodh an méid sin mothú ann.

Cé go bhfuil go leor cainte faoi chaointeoirí gairmiúla ní raibh a leithéid coitianta i gConamara mar dúirt bean amháin liom 'ní raibh an t-airgead ann'. Ní chaointí páistí óga ach amháin na tuismitheoirí. 'Fiú amháin' a dúirt fear amháin liom 'ní raibh gá beannacht Dé a chur lena n-anam. Ba naomh iad agus níor theastaigh sé uathu'.

Mar a dúirt mé cheana tá an sean-nós caointe imithe go deo as an taobh seo. Thit Conamara isteach i ngréasán mór an chaointe a bhí spréite ar fud na hEorpa agus níos faide ó bhaile, uair amháin. Tá an gréasán sin sceite anois. B'fhéidir go bhfuil corr-shnáth fágtha fós. Má tá, éistigí go cúramach agus bíodh ómós agat don chaointeoir mar tá glór ár gcine leis na mílte bliain sa gcaoineadh thruamhéalach sin.