Éamon a Búrc - ag cur síos ar ghábhadh a ndeachaigh sé tríd ar an bhfarraige

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sliocht as bailiúchán de scéalta ón seanchaí Éamon a Búrc arbh as an Aird Mhóir Cama dó. Tógadh an scéal seo as bailiúchán a chuir Peadar Ó Ceannabháin in eagar agus a d’fhoilsigh an Clóchomhar i 1983. Deirtear linn gur tharla an eactra seo sa bhliain 1896.

Mise Éamon a Búrc as an Aird Mhóir atá ag dul ag inseacht an scéil seo agus an chuma a d'éirigh an gábhadh. Lá aimsir baint arbhair atá dhá scór bliantaí ó shoin ann, tuairim is mar sin ar chuma ar bith, bhí mé ag dul chun farraige ag dul ag iascach. Agus is é an sórt iascach a bhí mé a dhul a dhéanamh ag dul ag tógáil potaí gliomacha. Ag gliomadóireacht a bhí mé féin agus beirt fhear eile insa mbád. Tuairim trí thonna go leith ar méid a bhí an bád, bád nua agus culaith nua seoil uirthi tar éis déanamh. An criú a bhí in éineacht liom insa mbád, Joe Guairim agus mo chol ceathar Murchadh Ó Flaithearta agus mé féin. Agus bhí an fómhar ann agus bhí an t-arbhar le baint go géar agus theastaigh ó gach aon fhear acu fanacht istigh sa mbaile an lá seo le bheith ag baint an arbhair. Bhí leasmhac ag Murchadh ó Flaithearta de Mhaolánach agus dúirt sé go gcuirfeadh sé amach é sin in éineacht liom an lá seo mar bhí an mhaidin an-bhreá agus stócach eile de Chlainn Ui Maoilchiaráin -sin iad an criú a bhí in éineacht liom ag dul amach ar maidin chun na farraige. Agus d'fhan an criú [eile] istigh ag baint an arbhair.

Sheol muid amach as céibh na hAirde Móire agus nuair a sheol ní raibh mórán gaoithe ann - gaoth aerlag. Agus d'iarr mé ar an dá stócach a dhul agus buille a chur faoin mbád a bheodh amach muid le dhul go dtí na potaí - ceann an rí (an rí-phota). Rinneadar sin agus ghabh muid amach chomh fada is a bhí againn le dhul, domhain go maith i bhfarraige. Tháinig muid suas leis an eangach - na bpotaí - agus ghabh muid dá dtógáil nó gur thóg muid deich gcinn fhichead de photaí. Agus nuair a bhí na potaí tógtha againn ansin dúirt muid go ngabhfadh muid ag iascach agus an lá go han-bhreá - agus chuaigh.

Agus ón gcéad lá riamh ar chuir mé dorú i bhfarraige go dtí an lá deireanach ní fhaca mé iasc chomh tréan agus a bhí le fáil, mar bhí breams agus ballaigh ar an urchar. Chuir muid síos pota fataí a bheadh againn agus bhí na fataí i ngar go leor dá bheith bruite agus muid ag dul ag glanadh éisc le cur síos leo nuair a chonaic mé bád ag seoladh isteach. Agus badh é an t-ainm a bhí ar fhear an bháid Vail Ó Iarnáin agus tháinig sé an-chongarach dúinn agus muid ar ancaire ag iascach agus chuir sé bail ó Dhia orainn. Ní raibh ann ach go raibh sé gaibhte tharainn go díreach glan nuair a thosaigh sé ag déanamh oíche den lá agus tháinig corrbhraon báistí as gaoth cineál aniar agus aniar aduaidh. Dhubh an lá de léim agus tháinig faitíos orm féin nuair a chonaic mé an chosúlacht a bhí ag teacht ar an lá agus oíche déanta aige de - chomh dubh le oíche ar bith dá bhfeicfeá. An chéad amharc eile a thug mé tharam chonaic mé an fharraige tógtha mar a d'fheicfeá cnoc chugam aniar ón taobh thiar. Ní raibh agam le déanamh ach chomh tréan agus a d'fhéad mé é an seol a scaoileadh agus tosaí ag ceangal cúrsaí i mo sheol.

Nuair a bhí sin déanta, ní raibh ann ach go raibh sé ceanglaithe agam, nuair a bhuail an fharraige an bád agus muid triúr ar an téad. Thit sí anuas le fána agus dúirt mé le duine de na stócaigh óga a dhul suas agus an seol cinn a chrochadh agus chuaigh agus chroch sé é agus cheap mé go mbeadh fuilleach ansin féin. Bhí mé féin ar an halmadóir thiar agus mo dhóthain imní orm agus ní raibh ann ach go raibh an seol cinn crochta nuair a tugadh amach as na haighrí an seol agus ní fhaca mé aon amharc riamh ar an gceaileacó, níor fhan agam ach na rópaí. Ní raibh aon bhlas le déanamh agam ach barr an phíce ar éigean agus bhí sé ina stoirm chomh mór agus na stócaigh a bhí ag caint liom ná raibh mé in ann iad a chloisteáil, go gcaithfidís a theacht go dtí mé agus a mbéal a leagan isteach ar mo chluais agus a seanbhlaoigh a chur astu sula gciallóinn céard a bhíodh i gceist acu.

Bhí mé ag iarraidh a bheith ag déanamh an bhealaigh agus bhí Maolan seo - badh é ba láidre - bhí sé agus a ghalún aige ag cur farraige amach chomh tréan is a bhí sí ag teacht isteach. Bhí muid ag déanamh an bhealaigh agus thabharfainn a bhfaca mé beo riamh as a bheith ar an talamh dá bhféadfainn é agus bhí mé chomh siúráilte den bhás agus a bhí mé beo ná insa mbád. Bhí muid ag dul nó go dtáinig muid suas le oileán agus nuair a tháinig, d'iarr na stócaigh orm rith cladaigh a thabhairt don bhád agus go mb'fhéidir go sábhálfadh muid féin beo. Agus dúirt mé leo ná raibh againn ach an drochsheans dá dtéadh muid ar an gcladach - go maródh na clocha agus an fharraige muid féin agus go mbrisfí an bád - agus má bhí aon bhealach againn le teacht beo go mbadh é an bád a choinneál ag imeacht é agus fair play a thabhairt di.

Leag muid faoin oileán agus nuair a leag, an fharraige a bhí ag éirí i bhfoisceacht chúig mhíle dúinn bhuaileadh sé an seol agus shilfeá go mba plump toirní a thiocfadh nuair a thigeadh meall farraige ar an seol leis an torann a ghníodh sé. Bhuaileadh sé isteach idir an dá shúil insan éadan mé féin a bhí ag gabháil an bháid agus bhaineadh sé an anáil díom ar feadh chúig noiméad glan gan aon bhréag. Bhí mé ag iarraidh a bheith ag seasamh leis agus ag déanamh an bhealaigh abhaile chomh maith agus a d'fhéad mé. Agus bhí muintir na mbailteachaí ar chéibh na hAirde Móire agus ar an gcora a bhí isteach uaidh - bhí chomh maith le trí chéad duine ann ag faire ar na báid a bhí ar an bhfarraige - ag ceapadh nach dtiocfadh aon cheann beo go deo acu.

Gach uile bhád eile dá raibh ar an bhfarraige bhí siad ag imeacht ina gcrainnte gan seol ar bith ag déanamh ar thalamh eile a bhí taobh thall a dtugann siad Leitir Mealláin air. Agus an fear, an tlarnánach a chuaigh isteach tharam roimhe sin, an t-oileán a bhí roimhe féin badh é an t-ainm a bhí air Inis Múscraí, nuair a bhuail an gála mór é féin agus cuireadh isteach ar an oileán é. Agus nuair a cuireadh, shábháil sé é féin agus beirt fhear eile a bhí in éineacht leis agus briseadh an bád agus réabadh í agus níor facthas aon chipín riamh di, seol ná crann nó ní dá raibh ná í féin riamh ó shoin.

Sheol mé isteach faoi Bhior agus nuair a sheol bhí an méid seo daoine ar chora na hAirde Móire ag breathnú ar an mbád ag dul isteach. Agus fear dá raibh in éineacht liom insa mbád, Joe Guairim, bhí an bád an-chóngarach dó agus bhí siad ag rá liom arís nuair a tháinig mé i dtír nár chuir sí an cile i bhfarraige ó fuaireadar amharc uirthi ach sínte siar ar bharr na farraige. Dúirt duine acu go mbadh í a bhí ann agus dúirt Guairim seo narbh í agus dúirt cuid eile go mbadh í. Ach bhí siad féin ag sáru ar a chéile nó gur bhailigh muid tharstu aníos.

Agus bhí an ghaoth gann agus ar inn ar éigean a chuir mé oileán fúm a dtugann siad oileán an Chúrnáin air. Bhí sin dona go leor. Nuair a bhí muid ag teacht isteach ag an talamh agus é in am againn a theacht timpeall le bord a bhaint as an mbád, ní raibh aon duine de na stócaigh in ann an seol a thabhairt fúithi agam, ní raibh aon ghair agam féin corraí as an áit a raibh mé. Tháinig muid timpeall siar agus an seol ar an taobh eile ar an mbád againn, ar an mbord as cionn an chrainn, agus d'iarr mé ar an stócach a dhul suas agus an taca a lagan agus lag i riocht is go dtabharfainn seans don chleith - an tseoil- gan í a bhriseadh agus fair play a thabhairt di nó go dtáinig muid timpeall siar ag an gcora a bhí romhainn thiar arís.

Agus bhí Guairim seo romham agus nuair a tháinig mé i bhfoisceacht cainte dó: 'Gairim féin agus coisricim thú', a deir sé, 'scaoil isteach an bád anseo'. Bhí mé an-ghar do chéibh na hAirde Móire agus dúirt mé liom féin go mbadh é an cás céanna é. Ní dhearna mé ach mo láimh a shá fúm agus a theacht timpeall arís ar an mbord eile. Nuair a tháinigeas don chéad bhord eile bhí mé an-ghar don chéibh agus dúirt mé leis an Stócach seo Maolán ancaire a bheith réidh aige le caitheamh ina dhiaidh mar ní raibh muid in ann a dhul isteach mara dtugadh an seol isteach muid le stoirm agus le gála. Mar a d'iarr mise ar Mhaolán bhí sé déanta ag Maolán agus nuair a sháigh mé an bád suas sa gcéibh chaith Maolán an t-ancaire mar a d'iarr mé air agus cheangail sé an téad den tseas deiridh agus sin é a stop an bád.

Éamon a Búrc - ag cur síos ar ghábhadh a ndeachaigh sé tríd ar an bhfarraige