Bailiúchán Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth

https://www.cartlann.ie/files/original/4dab005067148da684488de7050baec4.JPG

Bailiúchán Lamhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth.

https://www.cartlann.ie/files/original/020d81b346d97db656d180ca9626f21d.JPG

Páidir, Lth as Lámhscríbhinn 52

Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo.

Is faoi scéalta agus faoi sheanchas atá sa chuid is mó den ábhar i Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth.I measc an ábhair bhéaloidis áirítear scéalta, paidreacha, foclóirí, tomhais agus seanfhocail. I bhfoirm alt nó dréachtaí atá cuid den ábhar seo agus i bhfoirm nótaí garbha nó liostaí atá an chuid eile.  An-taisce go deo iad na nótaí ar imill na leathanach agus an t-ábhar ilghnéitheach. Sna litreacha, meamraim agus nótaí pearsanta éagsúla faightear breis eolais ar na scéalaithe agus ar an gcaidreamh a bhí ag Mac Giollarnáth leo, ar an gcaidreamh a bhí idir na bailitheoirí éagsúla, agus ar an bhflosc oibre a bhí ar bhailitheoirí agus ar bhéaloideasóirí ag an am.

Léiríonn na lámhscríbhinní an dúil a bhí ag Mac Giollarnáth sa dúlra freisin. I measc na dtéacsanna a d’fhoilsigh sé ar an dúlra tá Féilire na nÉan (1940) agus Mo Dhúthaigh Fhiáin (1949). Sliocht as ceann de na foclóirí dúlra agus fiadhúlra atá sa leathanach scanta agus tras-scríofa deireanach thall.

Bailiúchán Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth