An Ghéarchéim Rialtais Dúchais

Faoi 1912 bhí an chuma ar an scéal, ar deireadh, go raibh Rialtas Dúchais ar na bacáin. Bhí vótaí na nÉireannach ag teastáil ó Rialtas na Breataine chun fanacht i gcumhacht agus Rialtas Dúchais an luach saothair. Bhagair aontachtaithe Uladh éirí amach seachas géilleadh do pharlaimint Bhaile Átha Cliath. Is mar fhreagra air sin a bunaíodh Óglaigh na hÉireann a bhí sásta troid le Rialtas Dúchais 32 contae a bhaint amach. Cumann na mBan agus na gasóga poblachtánacha Fianna Éireann na heagraíochtaí a bhí ag mná agus buachaillí le cúnamh a thabhairt do na hÓglaigh sa chás go mbeadh troid ann. Thug aontachtaithe agus náisiúnaithe gunnaí Gearmánacha i dtír agus faoi shamhradh 1914 bhreathnaigh sé go mbeadh Cogadh Cathartha ann. Ansin thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. D’éirigh an-mhaith leis an earcaíocht in Arm na Breataine i gceantair bhochta sna bailte móra ach ní bochtáin amháin a liostáil. Liostáil aontachtaithe lena ndílseacht don Bhreatain a léiriú. Dúirt Mac Réamoinn le náisiúnaithe an rud céanna a dhéanamh. Bhí sé ag súil go mbeadh níos mó measa ag muintir na Breataine ar náisiúnaithe dá bhfeicfidís é sin ag tarlú. Tháinig scoilt in Óglaigh na hÉireann faoina mholadh. Thosaigh grúpa nua, na hÓglaigh Náisiúnta. D`aontaigh siadsan le polasaí earcaíochta Mhic Réamoinn. Bhí siadsan i bhfad níos fairsinge ná Óglaigh na hÉireann, a thit as a chéile i bhformhór na tíre.

An Ghéarchéim Rialtais Dúchais