Fás Shinn Féin

Glaodh The Sinn Féin Rising ar an Éirí Amach mar gheall ar an nós leisciúil a bhí san RIC Sinn Féin Volunteers a ghlaoch ar Óglaigh na hÉireann. Rinneadh seo cé nach raibh aon bhaint ag Sinn Féin, a bhí beag bídeach ag an am, le hÉirí Amach na Cásca agus go raibh a gcuid polasaithe an-difriúil ó pholasaithe an IRB. Mar sin féin, bhí an nasc déanta. Chas an pobal in aghaidh an Pháirtí Rialtais Dúchais, ní hamháin mar gheall ar an Éirí Amach, ach freisin mar gheall ar an mbaint a bhí acu leis an gcogadh agus ar a míshástacht faoi pholasaithe agus ceannairí an pháirtí. I bpríosúin na Breataine agus sa bhaile tháinig ceannairí nua chun cinn, ina measc Éamon de Valera agus Mícheál Ó Coileáin. Bhreathnaigh sé gurbh iad Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann an dream ab fhearr le bac a chur le críochdheighilt sa tír agus brú a chur ar an Stát le feirmeacha a chur ar fáil do na bochtáin faoin tuath. San Eoraip bhí Arm na Breataine gann ar shaighdiúirí agus bhreathnaigh Rialtas na Breataine i dtreo na hÉireann agus iad ag iarraidh coinscríobh a chur i bhfeidhm. Le coinscríobh i bhfeidhm, bheadh ar gach fear a bhí in aois mhíleata dul isteach san Arm. Sheas náisiúnaithe agus poblachtánaigh in aghaidh an choinscríofa agus nuair a tharraing Rialtas na Breataine siar é, b’fhacthas do dhaoine gur bua é sin do Shinn Féin agus na hÓglaigh. Tháinig deireadh leis an gcogadh i mí na Samhna 1918. D`fhógair Rialtas na Breataine olltoghchán. Bhí daoine tinn tuirseach den Pháirtí Rialtais Dúchais agus bhí siad ag iarraidh deis a thabhairt do dhream nua. As 105 suíochán, bhuaigh Sinn Féin 73. Ní bhfuair an Páirtí Rialtais Dúchais ach 6 cinn. Fuair na hAontachtaithe 26.