Cluiche Dodhearmadtha 1939

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2006. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

I chuile eagrán den iris bhliantúil Pléaráca, ó foilsíodh an chéad cheann i 1991, bhí alt ann ag Séamas Ó Cualáin faoi chluichí móra peile agus iománaíochta ar fhreastal sé féin orthu. Bhásaigh Séamas roinnt seachtain ó shoin. Cé nach raibh sé ag aireachtáil go maith sa samhradh, bhí sé ag obair ar an alt seo agus d'iarr a mhac Ciarán orainn é a fhoilsiú mar go b'shin a bheadh a athair a iarraidh. Is léargas eile ar dhúthracht Shéamais i chuile rud a raibh plé aige leis, an tslacht agus an t-eolas a chuir sé isteach san alt agus tá an paisean a bhí aige don imirt ar an bpáirc peile ag léimt amach as an scríbhneoireacht. Aireoidh muid uainn Séamas go mór. Tá súil againn go bhfuil diaspóireachtaí móra aige sna Flaithis leis na laochra peile sin a raibh an oiread sin mórtais aige astu agus má théann siad i muinín an phinn, nach mbeidh sé ró-ghéar orthu ó thaobh na gramadaí de. Déanann muid comhbhrón lena mhac Ciarán, a iníon Máire agus a chuid gaolta agus cairde go Iéir.

Ba chorrach an saol a bhí ann an tríú lá de Mheán Fómhair 1939, ach níor chuir tús an chogaidh dhomhanda idir an Ghearmáin is Sasana ná an roilleadh báistí as domsa ná do na mílte eile a ghabh an tráthnóna sin trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ar a mbealach go Cluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Na "sean-naimhde" iomána, Corcaigh is Cill Chainnigh, a bhí á bhféachaint féin arís le seilbh a fháil ar Chorn Mhic Chárthaigh. Ba é an naoú huair don dís bualadh le chéile sa bhabhta deiridh agus go nuige seo bhí an chreach roinnte go cothrom eatartha. Agus ó tharla gur bhuaigh siad araon an Chraobh aon uair dhéag ar fad ba é seo "báire na tola".

Rinne sé aiteall roimh an gcluiche mór agus bhí grian bháite an fhómhair ag iarraidh briseadh trína néalta dubha dorcha gruama. Nuair a chuir an réiteoir, Séamas Ó Flatharta, tús leis an gcluiche d'ionsaigh na Laighnigh le díocas, ach cuireadh ar gcúl iad agus tógadh gártha glóracha nuair a d'aimsigh an Súilleabhánach an sliotar agus ó thríocha slat amach ghread go hábalta aclaí é i dtreo chuaillí Chill Chainnigh. Ach ar an drochuair chuaigh an t-urchar folamh.

Ba ghearr ina dhiaidh gur cheap fear do-ghabhála Chill Chainnigh, Séamas Langtún, an sliotar, shleamhnaigh sé isteach ar nós míol Márta, bhuail go héasca ealaíonta faoi dhéin na cearnóige agus i bhfaitheadh na súl bhí an liathróid go domhain san eangach ag Séamas Ó Faoláin.

Throid na Corcaigh go dána dásachtach, ach feanc níor baineadh as cosantóirí cróga críonna Chill Chainnigh agus bhí na Laighnigh tuilleadh chun cinn le cúilín ón Langtúnach. Anois rinne na Muimhnigh tréaniarracht agus le comhimirt idir Liam Mac Cathmhaoil agus an Buachallach chuir an Duinníneach cúilín breá amach. Ach ba bheag é éifeacht an scóir sin nuair a fuair an Langtúnach cúilín eile do Chill Chainnigh ó saorphoc.

Níor thúisce an sliotar buailte amach ná chuaigh gaiscigh na Mumhan i gceann oibre. Sheol an Buachallach an liathróid chuig Micheál Ó Braonáin a d'aimsigh an Súilleabhánach ó Mhainistir na Corann agus d'ardaigh seisean meanma na gCorcaíoch nuair a chuir sé an bhratach uaine ar foluain go buacach.

Neartaigh ar an gcomhlann anois agus tháinig ar shála a chéile scóranna a chuir an lucht féachana i mbarr a gcéille Ie lúcháir.

Gar do leath ama tháinig na Laighnigh go cíocrach craosach, chuir an Laoitheach an sliotar go dtí an Langtúnach, uaidh sin go Séamas Ó Maolchathaigh agus isteach go gleoite go dtí an chearnóg mar ar léim an Brianach go glan oscartha agus scinn an liathróid isteach sa líon - rud a d'fhág sé chúilín d'fharasbarr (2-4 do 1-1) ag Cill Chainnigh ag am sosa.

Go luath sa dara leath chuir an Laoitheach luaineach na dea-fhir ó bhruacha na Feorach seacht gcúilín chun tosaigh. Bhí scamaill mhóra mhillteacha bhagracha ag bailiú os cionn mhachaire an choimheascair nuair a chaith na Corcaigh iad féin ar a "naimhde". Stop an Lorcánach an fogha fíochmhar ach ar ais leis na Muimhnigh arís - L. Tabb chuig R. Ó Rinn trasna go Seán Ó Loinsigh a chuir an buille abhaile le neart a choirp. Cúl do Chorcaigh!

Bhéic an slua, phléasc an tóirneach, scal na lasracha agus thit an bháisteach ina tuillte. Ach níor ghoill seo blas ar dhíograis na bhfear iomána. Cúilín eile do Chorcaigh ón Súilleabhánach agus gan ach cúl breise anois ag Cill Chainnigh. Chuir S. Ó Faoláin cúilín eile leis sin do na Laighnigh agus bhí scór dá shamhail ag an Loinseach, a bhí dochloíte i lár báire do fhorgla na Mumhan.

Go grod dá éis tugadh saorphuc slat is fiche do Chorcaigh. Chinn an Loinseach ar chúl a fháil agus na scóranna a chothromú ach ní raibh i ndán dó ach saorphoc seachtó slat. Toghadh Mac Cathmhaoil leis an mbuille rí-thábhachtach seo a thógáil. Chrom, bhuail is dhírigh sé an liathróid ar nós piléir isteach go béal báire. Tharraing na hiománaithe go gonta gusmhar agus cluineadh gíoscán caol ceolmhar na fuinseoige ar fud na faiche. Bhí an sliotar i gcúl na heangaí agus murar lig lucht leanúna Chorcaigh scód lena spleodar ní lá go maidin é!

Bhí an lasóg sa bharrach anois agus níorbh fhiú trácht ar a raibh d'am fágtha - nóiméad ar a mhéad. ln amas anamúil d'aimsigh fir Chill Chainnigh saorphoc seachtó slat. Fágadh seo faoi fhéinní na gcéadta cath - Pádraig Ó Faoláin ó Thulach Uí Ruáin. Choinnigh sé guaim air féin, chiúinigh an t-ollslua agus bhuail sé le fuinneamh. Ach loic an sliotar stolptha spadánta agus thit sé go righin réchúiseach i bhfad ón sprioc.

Amach le cúlaithe Chorcaigh leis an gcontúirt a mhaolú ach tháinig gan choinne Séamas Ó Ceallaigh mar a bheadh scail ann, agus le béim bheoga bhríomhar chuir sé an liathróid thar an dtrasnán.

Bhí an cath briste agus an chreach tógtha ag na Laighnigh.

An fhaid is a bhéas meas ar chluiche ársa ár sinsir tráchtfar go máiteach mórtasach ar mhórghníomhartha bháireoirí Chill Chainnigh is Chorcaigh an lá stairiúil úd cois Life.

Séamas Ó Cualáin