Cormac Mac Cárthaigh

Bás an Choileánaigh (23/08/1979)

Labhraíonn Tomás Ó Ceallaigh le Cormac Mac Cárthaigh - staraí a fhoilsíonn a chuid taighde san iris Agus - faoi bhás an Choileánaigh. Maíonn sé nach féidir brath ar thuairisc an Ghinearáil Emmet Dalton, a bhí leis an gCoileánach nuair a maraíodh é, agus a thug tuairisc ar an eachtra sa Freeman’s Journal. Deir Mac Cárthaigh gur féidir go leor dá bhfuil ráite ag Dalton a bhréagnú. Pléitear na cúiseanna a raibh Mícheál Ó Coileán i gCorcaigh nuair a maraíodh é, agus labhraítear freisin fúthu siúd a mbeadh cúis phearsanta acu é a mharú.