An tAtlantean - Bob Quinn

https://www.cartlann.ie/files/original/2975f36a82f1ed6783ddb29f3caef8ab.jpg

Bob Quinn. Pic le Hugh O’Connor.

Peigí Ní Chonghaile

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá taispeántas nua grianghraf le Bob Quinn "Muintir an Bhaile" á sheoladh mar chuid d'Fhéile Pléaráca Chonamara 2014. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis.

Is liosta le háireamh an obair atá déanta agus atá á déanamh ag Bob Quinn. Is scannánaí, scribhneoir agus grianghrafadóir é agus bíonn sé ag plé le ceol agus péintéireacht freisin.

Tá sé ina bhall d'Aos Dána le fiche bliain agus is é an chéad scannánaí a fuair an gradam seo. Is iad na scannáin is cáiliúla leis ná Caoineadh Airt Uí Laoghaire (1975), Poitín (1978), Budawanny (1987) agus The Bishop's Story (1994). Bhain sé cáil amach leis an sraith teilifíse Atlantean (1984) bunaithe ar na ceangail agus cosúlachtaí a chonaic sé idir shaol phobal na Gaeltachta i gConamara agus shaol mhuintir na meánmhara agus an mheánoirthir. Scríobh sé dhá leabhar bunaithe ar an téama céanna, Atlantean agus The Atlantean Irish (2005). Scríobh sé leabhar eile Maverick i 2001 faoi RTE agus an tréimhse a chaith sé ar Údarás na heagraíochta sin. Tá aithne mhór ar Bhob de bharr a chuid grianghraf agus i 1996 chomhhoibrigh sé féin agus Liam Mac an Iomaire ar an leabhar grianghraf Conamara, An Tír Aineoil. Leabhar álainn snasta í seo le grianghraif daoine a raibh is a bhfuil aithne mhór orthu ar fud Chonamara de bharr a bpearsantachtaí, scileanna oibre agus slí mhaireachtála. Éiríonn le Bob na tréithe speisialta sin a bhaineann le muintir Chonamara, go háirithe an mhuintir siúd a mhair saol traidisiúnta an cheantair sna blianta siar, a léiriú sna grianghraif.

Níl fhios agam an bhfuil comhaireamh déanta ag Bob ar an ábhar ar fad atá curtha amach aige ach deir sé go bhfuil 73 scannán leis, obair óna seascaidí ar aghaidh i gCártlann RTÉ, agus go bhfuil 25,000 dá chuid claonchlónna (negatives) i Leabharlann Hardiman Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus níl ansin ach cuid den obair. Níl dabht ar bith faoi ach ó chuir sé faoi i gConamara gur shúigh sé isteach an méid de shaol an phobail Ghaeltachta seo a bhí sé in ann agus go bhfuil taifead iontach déanta aige ar an saol sin do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Chomh maith le bheith ag doiciméadú saol mhuintir Chonamara ag baile, ní dhearna sé dearmad ar an dream arbh éigean dóibh aghaidh a thabhairt thar sáile chun a mbeatha a shaothrú. I measc na gclár a rinne sé faoi mhuintir Chonamara ar imirce, tá Graceville (1997) a rinne sé in éineacht le Seosamh Ó Cuaig. Is faoi na "Connemaras" é seo nó an dream a chuaigh as Conamara go Minnesota faoi scéim imirce urraithe sa 19ú haois agus an cruatan a d'fhulaing siad thall. I 2004, rinne sé clár eile le Ó Cuaig Damhsa an Deoraí faoi halla damhsa an Galtymore i Londain. Léiriú a bhí anseo ar shaol na n-imirceach i Londain óna caogadaí ar aghaidh, agus mar a bhí an Galtymore ina lárionad sóisialta chun casadh le cairde agus tuairisc jabanna a fháil ach é freisin ina "thearmann" ón uaigneas agus ón gcumha.

Chuaigh mé chun cainte le Bob mar go bhfuil taispeantas nua grianghraf leis "Muintir an Bhaile" le seoladh i Ros A Mhíl mar chuid d'fhéile an Phléaráca. Tá sé arais go sealadach agus é ag obair ar dhírbheatháisnéis sa teach ar chónaigh sé ann ó 1973-95 nuair a bhog sé féin agus a chlann siar go dtí an Tuairín. Is teach stairiúil é an teach seo suite ar bhruach Loch a'Mhuilinn ar imeall bhaile na Ceathrún Ruaidh. Is mar mhonarcha lása a tógadh é ag tús an chéid seo caite faoi Bhord na gCeantar Cúng. Mar a dúirt Bob, tógadh an monarcha chun obair a chur ar fáil do chailíní óga na háite Ie go mbeadh slí mhaireachtála dóibh ag baile, ach séard a tharla i go leor cásanna ná gur shábháil siad an méid a bhí siad in ann óna bpá le haghaidh paisinéireacht a cheannach go Meiriceá nó go pé áit ar thug siad aghaidh air.

Cheannaigh Bob Quinn an monarcha ó Ghaeltarra Éireann i 1975 ar £5000. Ón am sin go dtí gur bhog sé féin agus a chlann amach as i 1995 bhí an teach lárnach d'imeachtaí cultúrtha agus sóisialta a tharla i gConamara. Bhíodh pictiúrlann ann sna seachtóidí ag taispeáint saothair Cinegael. Ba é Cinegael an complacht scannánaíochta a bhunaigh Bob, Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides i 1973 le go mbeadh léiriú á dhéanamh i scannáin agus i bhfíseáin ar an saol i gConamara seachas daoine i gcónaí a bheith ag faire ar íomhánna Hollywood nó ar leagan RTÉ den saol in Éirinn. Bhíodh saothar Cinegael á 'speáint i hallaí pobail ar fud Chonamara agus i nGaeltachtaí eile chomh maith. Labhair Bob faoin oíche a raibh World Premiere den scannán Caoineadh Airt Uí Laoghaire sa monarcha ar an gCeathrú Rua. Bhí an áit feistithe mar phictiúrlann agus tháinig maithe agus móruaisle shaol na scannán agus na meán as BÁC. Bhí an aimsir uafásach an oíche sin agus mar a dúirt Bob, baineadh as a gcleachtadh iad mar tháinig siad trí phuiteach agus trí phortach ag an bpremiere. Tá cur síos ar an oíche seo agus go leor eile sa gclár Cinegael Paradiso a rinne Robert Quinn, mac Bhob i 2008 faoin bpictiúrlann ar bhruach Loch an Mhuilinn. Is sa teach nó monarcha seo freisin a réitíodh don chraoladh bradach a rinne TnaG as Ros Muc i bhFómhar 1987 agus a chuir tús leis an bhfeachtas as ar tháinig TG4. Ba é Bob Quinn an ceannródaí agus an saineolaí ó thaobh criú a chur le chéile maidir leis an dtaobh teicniúil den chraoladh, in éineacht le daoine eile ar nós Donncha Ó hÉallaithe, Seosamh Ó Cuaig, Pádraig de Bhaldraithe, Colm Mhainnín agus go leor eile. Is ann freisin a reachtáileadh an chéad chruinniú as ar tháinig Féile Phléaráca Chonamara i 1991. Tugadh cuireadh do go leor den dream a bhí gníomhach i bhfeachtas na teilifíse chuig cruinniú a heagraíodh de bharr an alt a scríobh Breandán Ó hEithir ag an am ag rá go raibh an Ghaeltacht réidh lena cur. Socraíodh ag an gcruinniú sin go ndéanfaí ceiliúradh chun a léiriú chomh beo bríomhar is a bhí an Ghaeltacht fós agus is as sin a tháinig an fhéile Pléaráca Chonamara.

Mheabhraigh mé d 'Bhob go ndearna sé agallamh cheana leis an iris Pléaráca i 1995 inár mhínigh sé cén fáth gur tháinig sé go Conamara. Dúirt sé san agallamh sin gur chuir sé faoi i gConamara mar gur thuig sé ag an am chomh tábhachtach is a bhí an Ghaeilge mar shórt "foscadh" ón commercial consumer society. D' fhiafraigh me dó ar aimsigh sé an foscadh sin. Dúirt sé gur aimsigh sé foscadh agus tearmann. Ba blow-in a bhí ann a raibh scileanna scannanaíochta aige, thaitnigh an cineál saoil pobail leis a bhí i gConamara, mionlach a bhí i bpobal na Gaeltachta agus bhí suim aige i saol mionlaigh. Nuair a tháinig sé go Conamara sna seachtóidí, chuir an áit i gcuimhne dó mar a bhíodh saol pobail i mBÁC sna caogadaí, go háirithe an áit ar as é féin - Rath Garbh, is cuimhin leis go raibh saol maith pobail ansin. Ach tuigeann sé go bhfuil an saol a mheall é go Conamara athraithe go mór anois. Deir sé go bhfuil Conamara anois cosúil le haon cheantar fho-uirbeach eile i sochaí an tomhaltais. Tá an chathair ag slogadh isteach an phobail agus na bailte beaga ar an imeall á dtréigean. Tá an t-athrú seo i saol Chonamara faoi phlé aige sa dírbheatháisnéis a bhfuil sé ag obair uirthi faoi láthair. Tá an leabhar scríofa agus é ag cuartú foilsitheora lena haghaidh. D' fhiosraigh mé céard eile a bhí sa leabhar agus dúirt se gur mheas sé go raibh sé in am aige a chuid smaointe féin a chur síos maidir lena chuid scannanaíochta, mar go bhfuil an oiread sin tagairtí déanta ag daoine eile dá shaothar, cuid acu a n-aontaíonn sé leo agus cuid acu nach n-aontaíonn. Tá sé ag obair ar scannán nua faisnéise chomh maith. Sé an teideal atá báistithe aige air ná Stair na hÉireann i gCéad Masla. Sin leagan den stair nach bhfuil cloiste againn cheana agus beidh sé spéisiúil mar leagan.

D'fhiafraigh mé dó cé acu de na meáin oibre is fearr leis, an ghrianghrafadóireacht, an scannánaíocht nó an scríbhneoireacht agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt sé an scríbhneoireacht, go mbaineann sé i bhfad níos mó sásaimh as. Agus as an saothar uilig atá déanta aige go dtí seo cén píosa oibre is mó a sheasann amach dó féin? Atlantean an freagra a thug sé, measann sé gur é an píosa oibre is tábhachtaí é atá déanta aige. Deir sé gur thug an teachtaireacht atá in Atlantean cead do cheoltóirí traidisiúnta blas an oirthir ina gcuid ceoil a threisiú. Deireann sé freisin go bhfuil staraithe anois ag athbhreithniú an stádais a tugadh do na Ceiltigh i stair na hÉireann, rud a thagann leis an méid a bhí le rá aige féin in Atlantean roimhe sin. Is léir idir a dhírbheatháisnéis a mbeidh muid uilig ag faire amach di, an scannán faisnéise Stair na hÉireann i gCéad Masla agus an taispeántas nua grianghraf "Muintir an Bhaile" nach bhfuil Bob Quinn ag tógáil rudaí go réidh. Go mba fada buan é!

Beidh taispeántas grianghraf Bhob Quinn "Muintir an Bhaile" á sheoladh ag 7.00 ar an Aoine 16 Bealtaine ag Cé Ros a' Mhíl.