Tá an Teilifís ag Teacht

https://www.cartlann.ie/files/original/294c24c0cb89661b0bef5b2df3c732be.jpg

Cathal Goan

Bríd Ní Chartúr

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Labhair Bríd Ní Chartúr le Cathal Goan, Ceannasaí TnaG le gairid. Phléigh siad na ceisteanna a bhíonn dhá gcur ag an bpobal maidir leis an tseirbhís nua teilifíse tré Ghaeilge, a bheas a cheanncheathrú i mBaile na hAbhann.

I láthair na huaire sí RTÉ atá i gceannas ar bhunú an stáisiúin nua ach deir Cathal Goan gurbh é an aidhm atá ag gach duine go mbeidh TnaG neamhspleách go hiomlán ó RTÉ ach nach féidir sin a bhaint amach "go dtí go dtugtar isteach reachtaíocht".

Maidir le déanamh na gcláracha don stáisiún nua deir Cathal Goan go bhfuil tús curtha leis an gcéad bhabhta coimisiúnaithe. "Tá muid ag súil go mbeidh léiritheoirí ag tosnú ar na cláracha sin lá ar bith feasta.” Tá suas le tríocha nó dhá scór uair a' chloig de chláracha le déanamh. Tá os cionn fiche uair a chloig déanta cheana féin ag Telegael sa Spidéal, cláracha atá ceannaithe isteach agus athghuthú déanta orthu. "Is cláracha do pháistí iad - cláracha, tá súil agam, nach bhfaca páistí roimhe seo agus measaim go ngabhfaidh siad go maith i gcionn ar an bpobal amach anseo.”

An mBeidh Blas Gaeltachta Air?

Bhíodh an Feachtas Náisiúnta Teilifíse agus an Meitheal Oibre a bhunaigh Teilifís na Gaeltachta i Ros Muc ag cur go leor béime ar chomh tábhachtach is a bhí sé go mbeadh blas Gaeltachta ar an seirbhís nua ach an mbeidh, fiú má tá an ceanncheathrú le bheith sa Ghaeltacht?

Deir Ceannasaí TnG nár mhaith leis go gceapfadh aon duine gur seirbhís Gaeltachta a bheas ann. "Nileamar bunaithe ar na prionsabail céanna lenar bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Níl mé ag rá rud ar bith i gcoinne na bprionsabal ach tá mé ag rá gur prionsabail eile atá I gcelst anseo. Tá na préamhacha sa nGaeltacht ach caithfldh muid na háiteacha eile a thabhairt linn chomh maith agus mar a tá a fhios againn uilig tá go leor Gaeilge ins na bailte móra anois, tá go leor den phobal Gaeilge ann. B'fhéidir nach bhfaigheann slad an deis an teanga a úsáid go laethúil mar a úsáidtear í sa nGaeltacht. Ag an am céanna d'fhéadfá a rá, tá tús á chur le pobal Gaeilge ins na bailte móra agus ins na cathracha agus ba mhaith linn a bheith ag freastal orthu sin chomh maith."

Ach an mbeidh siad in ann an dá thrá a fhreastal nó an gcaillfidh muintir na Gaeltachta suim ann mura mbeidh sé dírithe orthu féin ar dtús? Céard faoin dearcadh go gcaithfear na Gaeltachtaí a thabhairt leat ar dtús agus ansin leanacht ar aghaidh leis an dream eile?

Deir Cathal nach dtig le TnaG dearmad a dhéanamh gur sa Ghaeltacht atá "tobar na Gaeilge" agus gur as an nGaeltacht a thiocfaidh cuid mhaith den inspioráid.

Na Jabanna sa Teilifís

Cé ag an mbeidh na jabannaí ag dul? An mbeidh tús áite tugtha don Ghaeilgeoir ó dhúchas? Is léir nach mbeidh mar go mbeidh sé "ag bralth ar chumas na ndaoine chun an job a dhéanamh agus sin é an slat tomhals is tábhachtaí atá ann”, dar le Cathal Goan.

Cé go ndeirtear gur ar an dTulach a bheas an cheanncheathrú, tá cúigear as ochtar den fhoireann atá fostaithe go dtí seo, ag obair as oifigí i mBaile Átha Cliath. Deir Cathal Goan go mbeidh "bunús na fóirne" lonnaithe ar an dTulach i gceann bliana, nuair a bheas an ceanncheathrú tógtha.

"Tá súil agam mí Lúnasa seo chugainn go mbeldh daoine istigh ansin (sa cheanncheathrú) ag obair ar nós an diabhail. Ba cheart go mbeadh muid uilig, bhuel ní bheidh muid uilig anseo, beidh daolne in áiteacha eile ach beidh croí na fóirne anseo. Beidh mise agus an bhainistíocht ag obair anseo, faoin am seo an bhliain seo chugainn."

Ainm na Teilifíse

Is léir ó Chathal Goan nach bhfuil sé an-tógtha leis an ainm "Teilifís na Gaeilge”. Deir sé go bhfuil go leor daoine ag ceapadh gur droch ainm atá ann. "Cibé ar bith, tá sé ró-fhada. Mar ainm. Is cinnte go dtiocfaidh giorrú air”.

Aithníonn sé nach mar a chéile an seirbhís teilifíse atá le bunú agus an cineál seirbhíse a theastaigh ón Meitheal Oibre a chuir Teilifís na Gaeltachta ar bun i Ros Muc, 1987. "Measaim go raibh béim níos mó ag an am sin ar sheirbhís áitiúil nuair a bhí an agóid sin ann. Ní hé sin an rud atá i gceist againn - seirbhís náisiúnta, sa mhéid is go bhfuil muid ag iarraidh pobal iomlán na Gaeilge a thabhairt linn, seachas an pobal áitiúl."

Céard faoi na Páistí Scoile?

Chreid an Feachtas Náisiúnta Teilifíse go mba chóir don stáisiún nua Gaeilge díriú ar pháistí, leis an teanga a shábháilt. Ní maith le Cathal Goan an chaint seo faoi shábháilt na teangan. "Caithfidh muid a bheith iontach soiléir faoi seo- ní shábháilfidh TnaG an Ghaeilge agus níl muid anseo leis an teanga a shábháilt. Táimid anseo le seirbhís teilifíse mhaith a chur ar siúl, sin an dearcadh atá againne. Ní hé an príomhdhualgas atá oraunn a bheith inár slánaitheoirí ar an teanga. Sé an rud atá muid ag iarraidh a chur i gcrích ná sceideal tarraingteach clár a chur ar fáil a mbeidh daoine sásta breathnú air. Tá béim á chur ar chláracha do pháistí, mar má bheireann muid linn anois iad fanfaidh siad linn agus beidh ar a laghad trian den sceideal dírithe ar pháistí, idir páistí réamhscoile suas go dtí na déagóirí.”

Agus an dtiocfaidh le TnaG dul i gcoimhlint Ie leitheidí Coronation St.? Deir Cathal Goan go bhfuil Coronation St. chomh seanbhunaithe i samhlaíocht gach duine faoin am seo go n-ardaíonn sé an cheist ar cheart dúinn a bheith in iomaíocht leis nó ar cheart é a fhágáil ar leathtaobh agus bealach eile a aimsiú. "Tá na ceisteanna sin le cíoradh againn. B'fhéidir nach bhfaighfimid réiteach ar gach ceist craoltóireachta ach déanfaimid ár ndícheall sceideal leathan a chur ar fáil a bheidh tarraingteach don chuid is mó den phobal Gaeilge idir óg agus aosta."

Go néirí leo.

https://www.cartlann.ie/files/original/ffaa83ab7bf5586a2d65f2d6447d3522.jpg

Teilifís na Gaeltachta ag craoladh ó Chnoc Mordáin i 1987

'Nach mór an chliú Is an chreidiúint atá ag dhul don dream
A chuaigh go mullach Mhordáin 's chuir an fearas ina chrann.
Nuair a shroich an scéala na seomraí thuas sa Dáil
Ní dhearna Máire ach díriú agus casadh a bhaint as an bpeann.'

Seo véarsa a scríobh Mícheál Ó Cuaig as Aill na Brún, Cill Chiaráin do Amhrán na Teilifíse. Roghnaíodh é mar cheann de na véarsaí a bhí le dul in Amhrán na Teilifíse ach fágadh ar lár é nuair a deineadh taifead ar an amhrán i Raidio na Gaeltachta. B'fhéidir gur trí thimpist a tharla sé, más ea is éasca an scéal a chur ina cheart.