Polaitíocht Chonamara in Irisí an Phléaráca

Ní ábhar iontais é go bhfuil cúrsaí polaitíochta i gConamara go minic mar ábhar díospóireachta agus anailíse in Irisí an Phléaráca. Tá spéis ar leith ag muintir Chonamara i bpolaitíocht an cheantair, i bhfianaise an tionchair atá ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar na nithe sin – ar nós cúrsaí pleanála, teanga, tithíochta agus fostaíochta – atá ag dó na geirbe ag muintir na Gaeltachta. I mórán chuile Iris déanann Donncha Ó hÉallaithe anailís ar bhoscaí vótála na Gaeltachta i dtoghcháin éagsúla.

Pléitear go mion sna hIrisí an méid a thit amach le linn fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agus oidhreacht na gluaiseachta sin, ina measc bunú Raidió na Gaeltachta agus an forás a tháinig ar Údarás na Gaeltachta. Dar ndóigh, tá gné láidir pholaitíochta in eagarfhocail an Phléaráca freisin, agus go minic ba theachtaireacht shoiléir a bhí inti do pholaiteoirí na linne le go réiteodh siad fadhbanna sóisialta an cheantair.

Mar a bheifeá ag súil leis, tá cúrsaí teanga lárnach i ndioscúrsa na nIrisí, agus déantar anailís ghrinn agus chriticiúil ar iarrachtaí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta dul i ngleic le meath na teanga i gConamara. Tá agallaimh le polaiteoirí éagsúla sna hIrisí freisin, ina measc Comhairleoirí Contae, baill bhord an Údaráis, agus Airí Rialtais.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.