An tÉireannach 1934-37: Páipéar in Aghaidh Stuif

Éamon Ó Ciosáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Deir údair mhóra gurb é Inniu an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge a dhírigh ar chúrsaí nuachta seachas ar ghnóthaí na Gaeilge. Ach bhí páipéar eile ann roimhe, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath gach uile Shatharn ó Mheitheamh 1934 go Feabhra 1937. Rinne an nuachtán An tÉireannach léirmheas géar ar imeachtaí Hitler, Mussolini agus deachtóirí eile. Ba mhar a chéile an pholaitíocht a bhí le brath taobh thiar de agus an pholaitíocht a chleacht an Chomhdháil Phoblachtach (Republican Congress), comhdháil de ghrúpaí ceardchumann, de shóisialaithe agus de Phoblachtóirí sóisialacha (1934-36). Bhí difríocht mhór eile idir An tÉireannach agus Inniu, agus b'shin gur

' ... cainteoirí dúchais na daoine a bhailigh Seán Beaumont le chéile mar scríbhneoirí don pháipéar seo agus le cuidiú leis ar dhóigheanna eile'

mar a scríobh an t-iriseoir Cathal Ó Tuathail agus é ag fógairt teacht an pháipéir nua i 1934.

B'fhurasta sin a aithneachtáil ar leathanach tosaigh an pháipéir. Tugadh 'fear mór blaghrúch agus boghséarachta' ar an Dr. Goebbels i 1936. Tharla 'Máthair Ghuir sa Spáinn' an bhliain chéanna nuair a thosaigh Cogadh na Spáinne. (D'imigh triúr a raibh baint acu le An t-Éireannach sall ag troid ar thaobh na Poblachta: Proinsias Ó Riain, Éamon McGrotty as Doire, agus Eoghan Ó Duinnín, údar La Nina Bonita agus an Róisín Dubh). Ba mhinic 'Cúrsaí na hEuróipe ina mBraing' mar a scríobh Seán Ó Cathasaigh as Carna, agus tá an bhail chéanna orthu aríst. (Féach cliseadh na Náisiún Aontaithe anois, sách cosúil leis an mbail a bhí ar Chonradh na Náisiún sna 1930idí). Bhíodh 'an Fhrainc ag cur a cosa uaithi', giollaí Hitler ina 'madraí dúchais', 'An tSeapáin á gróigeadh féin suas' agus a mhacasamhail de chainteanna breátha go gáifeach ar bharr na n-aistí.

https://www.cartlann.ie/files/original/a66bbcd4c26c4797e60a13b1ee84e38d.jpg

Grianghraf a tógadh i gCois Fharraige sna 1930idí de dream a raibh baint acu leis An Éireannach. Ó chlé; Gearóid Ó Broin, Mícheál ó Maoláin as Árainn,Tomás de Bhaldraithe, Seosamh Ó Cuinneáin agus Pádraig Ó Finneadha.

Muintir na nGaeltachtaí a scríobh bunáite mór an ábhair ann. Sna Gaeltachtaí ba mhó a bhí lucht a léite: i gConamara agus in Árainn, i dTír Chonaill agus i Rinn Ó gCuanach. Is maith a d'fhéad bunaitheoir an pháipéir, Seán Beaumont a mhaíomh i 1937:' ... we have what no other Irish paper ever had, a circulation in the Gaeltacht'.

'Fear a' bháinín an fear ar fónamh i saol na hÉireann' - Seán Beaumont

Nuachtán a scríobh daoine ón nGaeltacht do mhuintir na Gaeltachta a bhí in An t-Éireannach, agus bhí a shliocht air. Ba nós 'gearradh a chur sa gcaint agus cior dá réir a chur ina dhiaidh sin uirthi', mar a scríobh Seán Ó Cathasaigh. Bhí tóir ar a leithéid agus bhaineadh daoine sásamh as. Cérbh ionadh sin nuair ab iad an dream ar thug Máirtín Ó Cadhain na 'Democrat-Ghaeilgeoirí' orthu a chuireadh a mbarúil faoin saol os ard ann. Peadar Neilí Ó Domhnaill as an gCeathrú Rua a bhí i gceist ag an gCadhnach leis an ainm sin, agus bhíodh aistí agus litreacha gearánacha ag Peadar ar An t-Éireannach. Scríobhadh Mícheál Ó Maoláin as Árainn ann, (fear mór de chuid an ITGWU agus duine de lucht leanúna Jim Larkin). Is ar an bpáipéar a foilsíodh óráidí Mháirtín Uí Chadhain agus na conspóidí a raibh sé páirteach iontu, ar nós 'Fianna Fáil agus an Ghaeltacht' tráth ar éirigh cogadh na mbó maol idir é féin agus Criostóir Mac Aonghusa faoi pholasaithe an rialtais ag an am. Ní raibh An t-Éireannach i bhfad ar bun nuair a fógraíodh go raibh 'Claidhe na Muice Duibhe ar Mhuintir na Gaedhealtachta', an áit ar thug an Cadhnach óráid uaidh ar an gCeathrú Rua, Lúnasa 1934, agus an ráiteas sin ann. Ar An t-Éireannach a foilsíodh an chaint. Is ann freisin a cháin sé 'scilling ghágach' an dole. Ar ndóigh bhí nathadóirí nach é ag scríobh don pháipéar. Ba mhaith ab fhiú scrúdú a dhéanamh ar a raibh i gcló ann agus iarracht a dhéanamh cuid den chaint chraicneach chéanna a chur ar pháipéir Ghaeilge na linne seo seachas an Ghaeilge a chodail amuigh a bhíos le léamh iontu go ró-mhinic.

https://www.cartlann.ie/files/original/669ff5d200abbba9775a78694a94888c.jpg

Máirtin Ó Cadhain ag tabhairt oráide 'Claidhe na Muice Duibhe ar Mhuinntir na Gaedhealtachta' ag Feis na Ceathrún Rua, Lúnasa 1934. Cuireadh téacs an óráide i gcló san Éireannach.

Ba iad gnáthmhuintir na Gaeltachtaba mhó a bhí ar intinn lucht an pháipéir. Rud nua a bhí ann dá bhrí sin. Ba mhinic Conradh na Gaeilge agus an rialtas cáinte faoina n-easpa suime i gceist na Gaeltachta. Go deimhin, dúirt Mícheál Ó Maoláin ar An t-Éireannach gur chosúil gur thábhachtaí ag Conradh na Gaeilge smeadar beag Gaeilge ar bhusanna Bhaile Átha Ciath ná gach a raibh de dhaoine óga ag tréigean na Gaeltachta le dhul ar an imirce. Dá réir sin ba mhinicí i bhfad a luaití Conradh na Náisiún ná Conradh na Gaeilge ar an bpáipéar. Sa nGaeltachta bhí ceist na teanga le troid, agus thar aon rud eile chaithfí muintir na Gaeltachta a shaoradh ón anró, ón 'ionglach agus meirse ar páighe' mar adúirt an páipéar, agus a gcearta a thabhairt dóibh. Ba bheag seachtain a théadh thart nach mbíodh tuairisc nó gearán ar an bpáipéar faoin imirce a bhí ag marú na Gaeilge. Mar adúirt siad féin, bhí scéal an ghamhna bhuí déanta ag An t-Éireannach dhe. Ach b'shin a raibh de thairbhe ann dó. Ba é croí-lár an scéil gur

' ... dí-náireach an mhaise dhúinn a bheith a' trácht ar an nGaedhealtacht, ar Ghaedhilge ná ar Ghaedhealachas agus druim díbeartha dá chur ar an dream a chothóchadh agus a choinneochadh iad'.

Tuige An t-Éireannach?

Dream réabhlóideach, lucht gnímh praiticiúil a bhí sna daoine a bhunaigh an páipéar. Is é an chaoi gur gheall De Valera do Choiste Gnótha Chonradh na Gaeilge i 1930 go mbeadh a pháipéar (Irish Press/Scéala Éireann) faoi Ghaeilge uilig gach Sathairn. Cé go raibh roinnt Gaeilge ar an Irish Press, níor comhlíonadh an gheallúint, agus chrom lucht an Chonartha ar An Claidheamh Soluis a fhoilsiú in athuair. Theip orthu agus tháinig lagtrá sa mbliain 1934 nuair nach raibh d'irisí Gaeilge ar an bhfód ach Ar Aghaidh agus An tUltach. Bhailigh Seán Beaumont, oifigeach gairmoideachais Preisbitéireach, foireann daoine le tabhairt faoi pháipéar ar ard chaighdeán a chur amach. Páipéar nuachta ceart: mar adúirt Peadar O'Curry, iriseoir a chuidigh leis, 'it was a real paper'. Bhí beirt bhunaitheoir eile ann, scoth scríbhneoirí Chonnachta. Tomás Ó Flatharta as Árainn, deartháir le Liam Ó Flatharta a raibh bliain caite i Meiriceá aige ag obair agus ag scríobh do ghluaiseacht an lucht oibre, mhol sé do Bheaumont dul i mbun gnímh agus páipéar bíogach a chur ar an saol. Ba Chumannach an Flathartach, agus chuaigh sé le muintir Trotsky tar éis 1928. Ba é a scríobh Aranmen All agus Cliffmen of the West, agus ba dheas uaidh gearrscéalta Gaeilge a scríobh do An t-Éireannach. Bean chumasach agus sárcheoltóir atá ligthe in ndearmad roinnt, Sorcha Ní Ghuairim, as Roisín na Maithneach i gCarna a bhí ina heagarthóir lánaimsireach sa deireadh. Bhí sé ag luí le réasún go mbeadh an páipéar tréithiúil de bharr tuiscint Shorcha don dúchas, dearcadh neamhleithscéalach an Fhlathartaigh faoi chúrsaí polaitíochta, agus cur chuige Bheaumont, a rinne an jab gan aon ghaotaireacht ach a dhul go bun an angair, ar nós Phrotastúnaigh eile Chonradh na Gaeilge fadó. Ba é Beaumont é féin a d'íoc na fiacha móra a rinneadh in imeacht na dtrí bliana.

https://www.cartlann.ie/files/original/14e7287b4c9c17640857b081dc5d153d.jpg

Nuacht áitiúil don chéad uair

Ba ghearr a bhí an páipéar ar bun gur scríobh Tomás Ó Flatharta alt nuachta as Árainn ag cáineadh an dream a shíl go 'millfí' muintir Árann le compord agus ag cur síos ar Bhéarla an tsagairt pharóiste. Bhí sé ina raic faoin tuairisc, ach ba é an toradh ab fhearr ar an obair gur spreag sé daoine eile le scéalta nuachta a chur isteach. Bhíodh beagán seanchais iontu i dtosach, ach mar adúirt an chéad eagarfhocal ariamh ar An t-Éireannach, bhí ré an tseanchaí caite. Nuacht áitiúil den chineál a chraoltar ar Raidió na Gaeltachta anois a bhíodh sna tuairiscí. Chuirtí síos ar obair na mbóithre, ar an 'dole, cigirí, imirce agus cuairteoirí, ar anró agus drochaimsir an gheimhridh ar na hoileáin’. Bhíodh tuairiscí speisialta ann ó 'Mhuintir na Gaedhealtachta', an eagraíocht a chuir an feachtas ar bun le brú a chur ar rialtas De Valera daoine a aistriú go Condae na Mí. D'oibrigh an eagraíocht agus an páipéar as láimh a chéile, nó ba sheanchairde Beaumont agus Seán Ó Coisdeala. Bhí dóchas ag An tÉireannach go ndéanfadh 'Muintir naGaedhealtachta' páirtí polaitiúil díobh féin, ós rud é nach raibh aon pháirtí eile dáiríre faoi Ghaeltacht ná faoi Ghaeilge.

Ba mhór i gceist an deolchaire, mar a thugtaí ar an 'dole', sna blianta sin. Ba rud nua é, agus athrú mór ar an saol. Spreag sé na filí i gConamara le dhul ag sáraíocht le chéile faoi i 1935. Foilsíodh amhráin ‘Iomarbhá faoin Dole’ ar fad ach ceann ar An t-Éireannach. Is iomaí píosa eile a cuireadh i gcló air ag plé cheist an deolchaire, scéim an dá phunt, na deontais, agus eile.

https://www.cartlann.ie/files/original/452395416f8ae95d436554d117e8df8a.jpg

Tomás Ó Flaithearta (1890-1936), Gort na gCapall, lnis Mór, iriseoir sóisialach a bhí ar dhuine de bhunaítheoirí an pháipéir. Deartháir é le Liam Ó Flaithearta (Pic: Mairéad Ní Eithir).

Páipéar nua-aoiseach

Dhá chineál nuachta a bhíodh ann in ndáiríre: nuacht na hEorpa agus an domhain mhóir, taobh le scéalta na Gaeltachta. Níor tráchtadh an oiread sin ar nuachtaí na hÉireann. Ba dheacair do nuachtán beag a bheith tráthúil le scéalta mar sin, agus is cosúil go raibh brú ar Bheaumont ó Roinn an Airgid gan ligean dá pháipéar trácht ar pholasaithe rialtais. Go deimhin stopadh an deontas beag a bhí sé a fháil sa deireadh mar gheall ar chomh neamhspleách is a bhí an páipéar agus mar gheall ar dhrocheagar ghnótha. An uair féin a tarraingíodh anuas cúrsaí na hÉireann, ba é leagan amach 'An Chomhdháil Phoblachtach' a bhí ann. Tráchtadh ar stailceanna, ar chearta na ndaoine a bhí gan obair, agus ar imeachtaí na Sé Chondae. Ba mhinic gluaiseacht na Léinteacha Gorma i gceist. Dheintí iarracht dhá thaobh an scéil a thabhairt go minic, ach amannta eile d'ionsaítí iad. Mheasadh An-tÉireannach gach uile dhream de réir mar a bhíodh maitheas nó dochar á dhéanamh acu do na daoine. Ach rinne na 'Litreacha don Mhol ó Thuaidh' blaodh mhagaidh de na Léinteacha agus a dtaoiseach, Eoin Ó Dufaigh, 'Eoinín na Léinteacha'. Tréith eile a bhain leis an bpáipéar an méid ábhar grinn a chuaigh i gcló air, idir na 'Litreacha don Mhol ó Thuaidh', (cur síos ar imeachtaí na Gaillimhe), cartúin a tharraingíodh leithéidí Ailbhe Uí Mhonacháin, agus scéilíní agus agallaimh beirte as Conamara.

Chuir an páipéar roimhe soláthar a dhéanamh don aos óg go háirithe, agus bhíodh dhá leathanach ar ardchaighdeán (agus ar chostas mór) i gcónaí faoi scéalta agus rannta do pháistí. Rinne Sorcha Ní Ghuairim agus a deirfiúr Máire gaisce ann, agus foilsíodh leathdhosaen leabhar do pháistí agus úrscéal do dhéagóirí as ábhar a bhí ar An t-Éireannach i dtosach. Ba bheag ar fad an méid leabhar do pháistí (seachas leabhra scoile) a bhí foilsithe sular tháinig ann don pháipéar.

https://www.cartlann.ie/files/original/c3519c65af04292f28fdb523ff5f6fcf.jpg

Seán Ó Cathasaigh as Carna a scríobh aistí faoí chúrsaí nuaíochta do An tÉireannach. Chaith sé a shaol ina dhiaidh sin ar Fhoireann Aistriúchán na Dála (pic Eíbhlín Ní Chathasaigh).

Páipéar ar leith a bhí in An t-Éireannach ar mhórán bealaí. Níor chuir sé spéis i 'gCogadh na gCanúintí' ar chor ar bith, ní hionann agus na páipéir agus na hirisí Gaeilge a chuaigh roimhe. Ina leaba sin d'fhoilsítí aistí i nGaeilge na hAlban (cóirithe beagán) lena chruthú nach raibh ach aon Ghaeilge amháin in Éirinn agus sa tír thall. Bhí riar d'imeachtaí na cúise ann, ach sa deireadh ba pháipéar nuachta seachas páipéar Gaeilge a bhí ann. Léirigh sé an chos ar bolg a bhíothas a dhéanamh ar an nGaeltacht go glórach agus go minic. Mar aicme lucht oibre faoi chois a bhreathnaigh sé ar a muintir, 'náisiún beag faoi leatrom' nach raibh aon aird air tar éis na cainte go léir faoi náisiúin bheaga. Cháin an páipéar an 'fhaisistidheacht' idirnáisiúnta go minic, agus ba chóir gurbh ábhar bróid é go raibh dream Gaeilgeoirí dúchais i dtús cadhnaíochta ag nochtadh tréithe na deachtóireachta i dteanga a muintire féin.

https://www.cartlann.ie/files/original/20f3a55cb2bf6c2c2f1eefc1fb3352d2.jpg

Cartún le hAilbhe Ó Monacháin (ag cáineadh an Appointments Commíssion srl.)

Cuid de thraidisiún réabhlóideach An t-Éireannach, traidisiún a d'fhéach lena gcearta a thabhairt do ghnáthmhuintir na Gaeltachta trí chóras na tíre a athrú. Bhí go leor scríofa ag Seosamh Mac Grianna faoin gceist cheana féin in aistí ar nós ’Self-Rule for the Gaeltacht’. Chuir Proinsias Ó Riain agus daoine eile ceist mhuintir na Gaeltachta ar an gclár oibre don Chomhdháil Phoblachtach. Bhí cruinnithe eagraithe ag muintir cheardchumann Shéamuis Mhóir Uí Lorcáin faoin gceist, agus choinníodh Mícheál Ó Maoláin an cheist os comhair na gceardchumann. Aon dream amháin muintir An t-Éireannach agus an dream a bhunaigh Coiste na bPáistí le cabhair airgid ó na ceardchumainn. Scéim a bhí ann le páistí lucht oibre na gcathracha a cur don Ghaeltacht ar laethanta saoire, saoire nárbh acmhainn dóibh ar aon bhealach eile.

https://www.cartlann.ie/files/original/ecc0f6b50a3681deb8d1de5ab93976c5.jpg

Fir an larthair ag tabhairt súil thart ar thaltaí na Mí. Is ag Seán Ó Coisdealbha atá an maide ina lámh.

https://www.cartlann.ie/files/original/d81808f908cb5562ec50ee06b8c4f24e.jpg

Sorcha Ní Ghuairim, as Roisín na Maithneach, eagarthóir An tÉireannach agus sáramhránaí (ar dheis) in éindí le Bríd Ní Neachtain, as Baile an Domhnallán, AnSpidéal, a scríobh don pháipéar freisin. (Pic: U. Mac Thomáis sinsear).

Le linn don pháipéar a theacht amach a d’fhás Muintir na Gaedhealtachta agus feachtas Chondae na Mí. Bhí oidhrí ar na gluaiseachtaí seo: feachtas Pheadair Mhic an Iomaire, Cearta Sibhialta na Gaeltachta sna 1970idí, agus Cumhacht, an cineál páirtí polaitiúil pobail a raibh súil ag muintir An t-Éireannach leis. Bhí baint ar leith ag go leor acu seo le Gaeltacht Chonamara, agus gan iad ní bheadh na háiseanna pobail atá i gConamara inniu ann, ná pobal chomh láidir is atá, ná Pléaráca ar bith b'fhéidir...