Comhairle Chonamara

 Seosamh Ó Cuaig.

Seosamh Ó Cuaig

Seosamh Ó Cuaig

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Toghadh Seosamh Ó Cuaig ina Chomhairleoir Contae neamhspleách ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtús an tSamhraidh seo caite. San alt seo, cuireann sé síos ar cheann de na pointí polasaí atá aige mar chomhairleoir - sin Comhairle riaracháin dá cuid féin do Chonamara.

Tá Bainisteoir nua ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Pat Gallagher, fear a bhí tráth ina Theachta Dála de chuid an Lucht Oibre. Ní raibh sé i bhfad tagtha nuair a thug sé cuireadh do na Comhairleoirí Contae a theacht chun cainte leis.

An lá a raibh an chuid againn atá sa gComhaontas Teicniúil istigh mheabhraigh an Bainisteoir dhúinn go raibh sé ag súil go bhféadfaí níos mó d'obair na Comhairle a dhéanamh feasta de réir ceantair, i.e na hoifigí áitiúla a neartú agus tuilleadh freagrachta a thabhairt do na cruinnithe ceantair a bhíonn ag na comhairleoirí go rialta.

Nuair a fuair mise cead cainte mhol mé go hard an dearcadh seo a bhí aige ach chuir mé i gcuimhne dhó freisin go dteastódh a dhul níos faide leis an scéal i gConamara - go bhfuil éileamh curtha chun cinn againn anois go mbeadh Comhairle dár gcuid féin againn sa taobh seo den chontae.

"Cá bhfios," a deirimse, "nach gcuirfeá féin isteach ar an bpost mar Bhainisteoir ar Chomhairle nua Chonamara nuair a bheas an post fógartha; fear mar thú a bhfuil ardcháilíochtaí agat agus Gaeilge líofa." "Cén chaoi a mbeadh an tuarastal?" ar seisean agus aoibh an gháire air.

I nGaeilge a rinneadh an comhrá seo ach, ar ndóigh, níor dhearmad mé an chaint a rá aríst i mBéarla le go dtuigfeadh na comhairleoirí ar fad a bhí i láthair céard a bhí ar bun againn. Mheabhraigh mé go maith dóibh freisin nach mise amháin atá ag cur an éilimh faoi Chomhairle Chonamara chun cinn - gurb é polasaí oifigiúil an Chomhaontais Teicniúil ar fad anois é.

Ag an gComhaontas Teicniúil seo atá móramh ar an gComhairle Contae faoi láthair. Is againn atá urlámhas ar na Coistí Pleanála dá réir. Tá na Comhairleoirí Neamhspleácha ann, fear Shinn Féin, fear an Lucht Oibre, agus lucht Fhine Gael.

Nuair a bhí comhráití ar bun leis an gComhaontas Teicniúil a chur le chéile bhí deis againn ar fad ár gcuid pointí polasaí a chur chun cinn. Chúig phointe dhéag a bhí agamsa agus bhí an Chomhairle do Chonamara ar cheann acu. Bhí suim mhór agam a fháil amach cén glacadh a bheadh ag comhairleoirí as oirthear an chontae leis an éileamh sin.

Nuair is géire a bhí na comhráití ar bun le ceannas na Comhairle a shocrú tháinig beirt acu chomh fada liom anseo in Aill na Brún - fear as Fine Gael, Tiernan Walsh agus fear an Lucht Oibre, Colm Keaveney. Chuir mé mo chuid pointí polasaí ós a gcomhair agus muid suite cois na tine.

"Céard a déarfadh sibh le Comhairle faoi leith do Chonamara?" a d'fhiafraigh mé díobh. Ba é Tiernan Walsh ba túisce a d'fhreagair. "Duine ar bith a thiocfadh anseo as an áit a bhfuil mise i mo chónaí thoir," a dúirt sé, "d'fheicfeadh sé lena shúile féin na difríochtaí móra atá idir oirthear agus iarthar an chontae - two different countries altogether." Má thuigeann Tiernan Walsh é níl baol ar bith nach dtuigeann léitheoirí na hirise seo é!

Ná glacadh muid ach oiread leis an gcaint a bhíonn ag daoine áithrid (a) gur rud neamhghnách a bheadh sa gComhairle nua ná (b) go mbeadh Conamara ró-bheag. Tá dhá Chomhairle i dTiobraid Árann le fada agus ní heol dom gur chuir sé aon bhac ar chúrsaí riaracháin ann. Ní lú ná sin a laghdaigh sé tacaíocht an phobail d'fhoireann iománaíochta Thiobrad Árann. (Tá roinnt daoine saonta ann fós a déarfadh nach bhfuil ann ach aon Chontae na Gaillimhe amháin agus go gcaithfear dílseacht dó sin a chosaint!).

Níl sé i bhfad blianta ó roinneadh Contae Bhleá Cliath ina chomhairlí éagsúla áitiúla. Ní dhearna sé aon dochar dóibh siúd ach oiread.

Maidir le méid an cheantair is é an freagra is éifeachtaí air sin go bhfuil níos mó daoine ar liosta na vótóirí i gConamara ná mar atá (a) i gCo. Liatroma agus (b) i gceantar Chomhairle Contae Longfoirt.

Céard a cheapfadh lucht Rialtais faoi Chomhairle nua do Chonamara? Fear amháin acu a thug a thuairim go dtí seo - an tAire Éamon Ó Cúiv. Thug seisean freagra mion sa gConnacht Tribune ar na chúig phointe dhéag a chuir mé chun cinn leis an gComhaontas Teicniúil a bhunú. Is fiú an méid a dúirt sé faoi Chomhairle Chonamara a ríomh aríst.

"I am absolutely delighted that Seosamh Ó Cuaig has adopted my approach in relation to this matter, particularly in relation to an examination of the arrangements of Cork County Council. ln relation to Údarás na Gaeltachta, I have received proposals in relation to the amendment of the Údarás na Gaeltachta Act from Údarás na Gaeltachta. I intend in the near future to initiate a public consultation process in relation to possible changes in the Act. I am firmly of the opinion that one cannot review the structures of Galway County Council and examine the issue of a possible separate Council for Conamara without also considering the future role of Údarás na Gaeltachta in the Gaeltacht areas."