Nuair a tugadh cuireadh dom a bheith páirteach i Brest 92, an taispeántas báid traidisiúnta is mó ar domhan, bhí an-ríméad orm. Bhí mé le currach a thógáil mar chuid de na céadta imeachtaí a bhí eagraithe don ócáid.
Maidin bhreá ghrianmhar a bhí inti nuair a chrochamar na seolta ar an Mac Duach i gCinn Mhara ag triall ar an bhFrainc agus cruinniú na mBád thall i mBrest. Is maith is cuimhin liom Colm Ó Maoilchiaráin agus é ag plánáil an halmadóir nua…