Coinnigh Ann Í

Dublin Core

Teideal

Coinnigh Ann Í

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is minic a dhéantar dearmad ar an tríú cluiche Gaelach, ach anseo i bParóiste an Chnoic ní amhlaidh atá, mar go bhfuil pinniúr 40 x 20 ag Páirc na mBreathnaigh, agus tá pinniúr aon bhalla i Scoil Sailearna. Is cluiche é seo nach dteastaíonn ach balla agus liathróid lena imirt. Tá go leor scileanna agus aclaíochta i gceist leis mar aon le comhordú, súile ghéar agus luas. Is cinnte go gcuireann na scileanna a bhaineann leis an liathróid láimhe le mo chumas camógaíochta agus peile freisin. Is féidir le cailíní agus buachaillí an cluiche a imirt. Is féidir le hóg agus aosta an cluiche a imirt freisin. Go deimhin, tá fear i Meiriceá atá 96 bliana d’aois agus é fós ag imirt.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ciana Ní Churraín

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2009

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2009A26

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/b606223dccbd2e4c5e457f2bc29deeb1.pdf

Clibeanna

Tagairt

Ciana Ní Churraín, “Coinnigh Ann Í,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2263.