Cumann Mícheál Breathnach 2011

Dublin Core

Teideal

Cumann Mícheál Breathnach 2011

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá bliain eile curtha dínn anseo in Indreabhán agus bhí go leor ag tarlú i gcaitheamh na bliana. Idir na foirne faoi aois agus na foirne Sóisir agus Sinsir, tá an oiread cluichí imeartha agus traenáil déanta i gcaitheamh na bliana. Chomh maith leis sin d’fhág muid slán ag ár gCathaoirleach, Pádhraic Joe Shéamuis Ó Fatharta. Ba mhaith liom thar ceann an Chumainn - na baill agus na foirne agus na fochoistí ar fad - buíochas a ghlacadh le Pádhraic as ucht an obair a chuir sé isteach sa gCumann ar feadh na mblianta. B’ambasadóir iontach don Chumann é agus aireoidh muid uainn go mór é. Faoi láthair is é Tadhg Mór Ó Curraoin a sheas isteach sa mbearna. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis na bainisteoirí, traenálaithe agus imreoirí a rinne a ndícheall i gcaitheamh na bliana. Is iontach an chreidúint sibh ar fad do Chumann Míchéal Breathnach.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Conall Ó Céidigh

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2011

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2011A16

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/18649dce32bc5fa085b747167eda3b89.pdf

Clibeanna

Tagairt

Conall Ó Céidigh, “Cumann Mícheál Breathnach 2011,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 16 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2308.