Billeachaí, An Fear agus an Bád

Dublin Core

Teideal

Billeachaí, An Fear agus an Bád

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Fear: De réir scéil ba aniar as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a tháinig Liam Mór ’ac Conghaile go Tóin an Chnoic i Ros an Mhíl, cé gurbh as Leitir Mealláin ó dhúchas é. Ba as Sruthail i gCo. Mhaigh Eo do Julia Acton, an bhean a phós Liam Mór. Tháinig sí mar chailín aimsire ag a dearthair, a bhí ina shagart ar an gCeathrú Rua.. Bhásaigh sí go hóg, in aois a naoi mbliana agus dhá scór, agus tá sí curtha i reilig Mhaighrois ar an mBánrainn, an reilig sin tá in aice le bád agus toibreacha Cholm Cille. Ba col ceathrar Liam Mór agus Páraig Mhicíl a bhí pósta ag Máireóg Deáirbe sa Rinn ar an gCeathrú Rua, agus ba col ceathracha dhó freisin Marcaisín Mhichíl Phádraig, an saothar báid as Cladhnach, agus Tón Mór ’ac Conghaile, captaen an Brig St. John, de réir an tseanchais, cé nach a bhfuil a ainm luaite ar aon cháipéis oifigiúil a bhain leis an mBrig údaí a báthadh amach ó chósta Bhostúin. Lucht farraige agus bádóirí a bhí iontu siúd ar fad.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máirín Mhic Lochlainn

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A14

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/927d74fee38b644ae4ebad52227623e2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máirín Mhic Lochlainn, “Billeachaí, An Fear agus an Bád,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2397.