Leagan Giorraithe d’Agallamh a chuir Seán Ó Tuairisg ar Tim Johnny do Raidió na Gaeltachta

Dublin Core

Teideal

Leagan Giorraithe d’Agallamh a chuir Seán Ó Tuairisg ar Tim Johnny do Raidió na Gaeltachta

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh é an bhliain chéanna ar tógadh Scoil Shailearna ar an gCnoc, Indreabhán, sa mbliain 1885. Bhí sé ina gharraíodóir ag an sean-Lord Killanin. Chuaigh sé isteach sna seanphóilíos, nó san RIC, an bhliain ar bhásaigh Micheál Breathnach, 1908. D’imigh sé as an RIC sa mbliain 1922. Ansin chuaigh sé go Maryland, sna Stáit Aontaithe, áit ar chaith sé geábh sna State Police agus bhí motorbike aige ansin, a deir sé. Tamall eile mar oifigeach príosúin i mBaltimore agus ina dhiaidh sin tháinig sé abhaile go dtí a bhaile dhúchais, an Spidéal, áit ar cheannaigh sé teach ósta, a bhí aige go ceann i bhfad ina dhiaidh sin agus atá fós cáiliúil mar An Crúiscín Lán. Sin é Tim Johnny, nó Tadhg Ó Cualáin. I mBoth Chuanna, díreach taobh thiar de dhroichead an Spidéil, a rugadh é, ach cér daoibh é?

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Daithí Ó Muirí (a thras-scríobh)

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A16

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/fd9aca6db0c3fc0df82e4f58621ddf0a.pdf

Clibeanna

Tagairt

Daithí Ó Muirí (a thras-scríobh), “Leagan Giorraithe d’Agallamh a chuir Seán Ó Tuairisg ar Tim Johnny do Raidió na Gaeltachta,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/2399.