Filíocht Phobail Chonamara - Inné agus Inniu

Dublin Core

Teideal

Filíocht Phobail Chonamara - Inné agus Inniu

Ábhar

Na hEalaíona; Filíocht; Conamara

Cur Síos

(Bunaithe ar Léacht a tugadh ag Éigse an Spidéil 10 Bealtaine 1991). Tosaíonn mo scéal le file Conamaraíoch de chuid na haoise seo caite, Colm de Bhailís, leis an saothar filíochta a d'fhág sé le hoidhreacht againn, agus lena cheantar dúchais, sraith oileán atá ag síneadh siar deich míle san Atlantach ó fhágfas duine tír mór ag Béal an Daingin, trí oileáin Eanach Mheáin, Leitir Móir, Gharumna agus Leitir Mealláin, nó go sroiche sí nó sé Ceann Gólam thiar. Is iomaí cuairteoir i saol seo na turasóireachta cultúrtha frithchultúrtha a leanas Ród sin na nOileán - The Road to the Isles mar atá ar chuid de na comharthaí oifigiúla bóthair! Mar chuid dá sciúird trí Iarthar Órga na mBróisiúr Turasóireachta nach dtiocfadh sé ina chuimhne gur dúiche shoaitheanta ar leith i gConamara Ceantar na nOileán, fearacht leithéidí Chois Fharraige, lorras Aithneach agus An Cheathrú Rua, dúiche a bhfuil a féiniúlacht dhílis féin maille le na hoidhreacht shainiúil chultúrtha agus stairiúil ag roinnt léi.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Gearóid Denvir

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1991

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1991A14

Fad

2000

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/3893184da69164c25c087825b7cd6295.pdf

Tagairt

Gearóid Denvir, “Filíocht Phobail Chonamara - Inné agus Inniu,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/259.