Seanscoil Shailearna ó 1884

Dublin Core

Teideal

Seanscoil Shailearna ó 1884

Ábhar

Stair; Oideachas; An Ghaeltacht; Forbairt Phobail

Cur Síos

Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Róisín Ní Thuairisg

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1998

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1998A09

Clúdach Tíreolaíoch

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/2a9949929a19744da6415a20d92e61e2.pdf

Tagairt

Róisín Ní Thuairisg, “Seanscoil Shailearna ó 1884,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/378.