An Bhrídeog

Dublin Core

Teideal

An Bhrídeog

Ábhar

Béaloideas; Cultúr

Cur Síos

Tá an tradisiún seo ar an oileán leis na cianta. Is oíche speisialta í oíche na Féile Bríde do na cailíní bunscoile. Déantar an bhrídeog as dornán tuí. Cuirtear maide slat choill trasna sa dornán mar lámha. Cuirtear éadach bán ar a ceann, gúna agus maisítear í le ribíní ildaite agus bróistí. Cuirtear súile, srón agus béal uirthi agus ar ndóigh an sparán leis an airgead a chur ann. Is tar éis na scoile a théann na cailíní thart ó theach go teach, beirt le gach brídeog agus deir siad an phaidir in onóir Naomh Bríd agus is beannacht í seo do chuile theach ar an oileán ar an oíche seo.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máirín Uí Chonghaile

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2009

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2009A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/7831e62f48e58228bc0fcf1c619734f2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máirín Uí Chonghaile, “An Bhrídeog,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/503.