Dea-scéal

Dublin Core

Teideal

Dea-scéal

Ábhar

Polaitíocht

Cur Síos

Sé'n scéal is deireanaí faoi bhóthar Chonamara go bhfuil sé socraithe gur ar philéir a bheidh an bóthar seo tógtha anois, mar chuirfeadh sé seo deireadh leis an imní a bhí ar shaineolaithe na mbuataisí glasa faoi an dúlra. Beidh an bóthar os cionn an airde a chaitheann frog léim, agus os cionn an airde a strapann seilimidí, sceartáin agus feithidí thábhachtacha eile. Beidh na ceannabháin bhána ag fás faoi, agus ní chuirfidh sé as do na driseacha ach oiread, an cor is deireanaí sa scéal, mar go bhféadfadh sé go bhfásfadh driseacha trasna an bhóthair, ó tharla nach bhfuil cead iad a bhaint níos mó gan cead speisialta.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máire Ní hEidhin

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2011

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2011A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/607d54ae1c2e9c6464f067ac45a60cd1.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máire Ní hEidhin, “Dea-scéal,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/524.