Tarrtháil Farraige i 1930

Dublin Core

Teideal

Tarrtháil Farraige i 1930

Ábhar

Báid & Bádóirí; Stair

Cur Síos

Bhíodh trádáil mhór idir Conamara agus Árainn, chomh maith le Cinn Mhara agus Co. an Chláir riamh sa saol. Bhíodh báid as Ros an Mhíl ag tarraingt sna háiteacha sin freisin ar ndóigh. Is iomaí cineál aimsire a chonaic na bádóirí agus is iomaí gábh a raibh siad ann. Sa mbliain 1930 tharla timpiste do dhá bhád agus iad ar a mbealach go Cinn Mhara le lucht móna, ceann as Ros an Mhíl agus ceann eile as an gCeathrú Rua. An Mounte an t-ainm a bhí ar bhád na Ceathrún Rua agus ba iad Páraic Ó Súilleabháin agus Seán Mac Donncha a bhí ar an stiúir uirthi. An Colmcille a bhí ar bhád Ros an Mhíl, bád le Pat Seoige as an mBaile Láir. Ba é mac Phat, Cóil, agus Peadar Mac an Iomaire (Peadar Thomáisín) a bhí á stiúradh lá na timpiste.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máire Ní Chualáin

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2014

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2014A03

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/0a18b2824ebe5b9547d415a6b1aa970d.pdf

Tagairt

Máire Ní Chualáin, “Tarrtháil Farraige i 1930,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/550.