Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta)

Dublin Core

Teideal

Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta)

Ábhar

Tiarnaí Talún
Teach Mór an Spidéil
An Cogadh Mór
An Cogadh Cathartha
Na Muiriseachaí
George Morris

Cur Síos

Tá muintir Chill Aithnín, Tiarnaí Talún an Spidéil, Co. na Gaillimhe, faoi chaibidil sa chlár seo, atá curtha i láthair ag Maidhc P. Ó Conaola. Tá Teach Mór an Spidéil le díol, agus áirítear teampall Protastúnach an Spidéil, maoirseacht na habhann agus an cháil a bhí ar mhuintir Chill Aithnín mar Thiarnaí Talún sa phlé. I measc na n-aíonna a ghlacann páirt tá Pete Sheáin Phatch Ó Cualáin, Johnny Joe Mharcuis Ó Curraoin, Joe Johnny Aindriú Ó Neachtain agus Seán Ó Neachtain. Luaitear sa chaint an Cogadh Mór agus an Dara Cogadh Domhanda, chomh maith le harm agus cabhlach na Breataine.

Ag labhairt dó faoi George Morris, coirnéal in Arm na Breataine a maraíodh sa Chogadh Mór, chuala Johnny Joe Mharcuis, a bhíodh ag obair do thiarnaí Chill Aithnín sa Spidéal, gur duine dá chuid saighdiúirí féin a mharaigh George Morris. Mhothaigh na saighdiúirí go raibh siad ró-fhada ag troid, go raibh siad ró-lag agus dá marófaí Morris go mbeadh seans níos fearr acu éalú. Luadh freisin go raibh fear as an Spidéal sa reisimint ag Morris. Nuair a maraíodh Morris d`fhág an fear seo an tArm agus liostáil sé sa chabhlach. Maraíodh é go gairid ina dhiaidh sin nuair a chuir fomhuireán a long go tóin poill. Maidir le Teach an Spidéil, dódh i 1922 é mar gheall go raibh sé i gceist Arm an tSaorstáit a chur isteach ann. Níor ceapadh gur le holc do na Muiriseachaí a lasadh é. Moladh sa chaint gur chóir don choiste áitiúil an teach a cheannach agus é a úsáid mar áis turasóireachta. Luaitear stair chéibh an Spidéil freisin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conaola, Maidhc P.

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

Gan Dáta

Cuiditheoir

Ó Cualáin, Peadar (Pete Sheáin Phatch)
Ó Curraoin, Seán (Johnny Joe Mharcuis)
Ó Neachtain, Seosamh (Joe Johnny Aindriú)
Ó Neachtain, Seán

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

32218

Fad

00:31

Clúdach Ama

1810: Tógadh Teach an Spidéil
01/09/1914: Maraíodh George Morris sa gCogadh Mór
1922: Dódh Teach an Spidéil sa Chogadh Cathartha

Láithreoir

Ó Conaola, Maidhc P.

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/a43dc56de0cc99a43ccd9f1cd4eeb423.mp3

Tagairt

Ó Conaola, Maidhc P., “Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 30 Aibreán 2024, https://www.cartlann.ie/items/show/646.