Brabhsáil Míreanna (88 iomlán)

  • Foinse is exactly "Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta"

Agallamh le Liam Ó Briain (11/11/1962)

Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Liam Ó Briain (1888-1974). Rugadh Ó Briain i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina…

Mícheál Ó Mainnín ag Díol na Muc (Gan Dáta)

Labhraíonn Mícheál Ó Mainnín faoin am a ndeachaigh sé le muca a dhíol i dTrá Lí, mí Feabhra [ceaptar gur i mí Márta a tharla an eachtra seo] le linn Chogaidh na…

Roibard Mac Góráin ag trácht ar Phádraig Mac Piarais (18/12/1979)

Is léacht é seo a thugann Roibard Mac Góráin faoi Phádraig Mac Piarais (1879-1916). Pléitear an Piarsach mar oide, mar scríbhneoir agus mar pholaiteoir. Déantar anailís freisin ar…

Dánta an Phiarsaigh (26/07/1992)

San eagrán seo de Mór Údair léann Mícheál Holmes na dánta agus na scéalta seo a leanas a scríobh Pádraig Mac Piarais agus déanann sé léirmheas orthu: Ar Ard…

Léacht Chriostóir Mhic Aonghusa faoi Phádraig Mac Piarais (Gan Dáta)

Tugann Criostóir Mac Aonghusa léacht faoi Phádraig Mac Piarais. Tarraingíonn sé ar fhilíocht an Phiarsaigh, ina measc The Fool agus The Rebel, chomh maith le hóráid an Phiarsaigh sa…

Laochra na Rinne (Gan Dáta)

Déanann Dóirín Mhic Mhurchú cur síos ar Laochra na Rinne i 1916, i gclár cainte agus filíochta. Déantar tagairt shonrach do bheirt as an Rinn a throid in éineacht leis an bPiarsach in…

Agallamh le Peats Cháit Ó Flaithearta (11/11/1974)

Is cuid d’agallamh a rinneadh le Peats Cháit Ó Flaithearta ó Chlochar, Corca Dhuibhne é seo. Bhí Ó Flatharta sna hÓglaigh le linn thréimhse an Éirí Amach i 1916. Cuireann…

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is…

Caoimhín Ó Beoláin ag trácht ar Chomóradh an Éirí Amach (31/03/1986)

Craoladh an mhír seo, eagrán den tsraith chlár Adhmhaidin, 70 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca. Dar le Seán Ó Tuairisg, is beag cainte atá faoin ócáid.…

Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004)

Le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916, tarraingíonn an clár seo, atá á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig agus a craoladh in 2004, ar mhíreanna fuaime…