Ar chiumhais na coille

Teideal

Ar chiumhais na coille

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar chiumhais na coille i gceann thóir an pharáiste a rugadh mé agus mo mhuintir romham. Ansiúd a tháinig mé in inmhe. Ionad mar sin ar bhruach abhann, le taobh coille, ar cholbhú sléibhe, téann sé i gcionn ort i ngan fhios duit más óg nó aosta tú. Bhí bochtanas ann agus géar-chall agus anró - cá bhfuil an áit Ón ngeal-chathair siar nach raibh amhlaidh an tráth úd? Ach bhí follántas ann - aer Úr na farraige ag déanamh a bhealaigh chun an tsléil:ihe agus leoithne anuas ó na tamhnaí ag castáil air ag Aill na Groigh ag béal an dorais againn, nó sin mar a cheapas. Éalaíonn torann agus diamhaireacht as coill. Áit aduain í. An cruthú, an beo, agus an bás ag carraíocht agus ag coimhlint le chéile inti Ó éirí go fuineadh gréine. Géagáin na gcrann ag lubarnaíl faoi threifíd an dúlra a chuireann beocht agus bíogacht iontu ó phréimh go duilleog. Scréach scáfar na corr-éisce agus é ar a theitheadh Ón madra crainn, tafann giortach an tsionnaigh ag mealladh chuige a chéile, meábhaíl na gcat fiáin a bhfuil scéin iontu le dúil sa gcreach a mbeidh a gcrúba ann gan mhoill - sin agus na céadta corr agus mothú eile a ghníos áit bheo aduain de choill agus a chuaigh go minic idir mé agus néal. Thuigeas go hóg nuair a bhíodh athrú aimsire air: an raibh ceo ar an abhainn nó ar an sliabh; an raibh tóchar an chláirín glórach doicheallach; an raibh an faoileán ag teannadh amach go hOgúil agus go Loch Coirib; an dtáinig tuirse ar an smólach agus an ndeachaigh sé fhéin agus an chéirseach ina dtost le duifeann nó go bhfille grian agus te as arís?

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

1981

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI1981A02

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI1981A02.pdf

Clibeanna

Tagairt

An tAth. Máirtín Ó Loideáin, O.C.D., “Ar chiumhais na coille,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Meán Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3234.