Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht

Teideal

Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht

Ábhar

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó thús m'óige i mo ghasúirín bheag dhom agus sula ndeacha mé ag aon scoil ariamh bhí sgéalta agam agus an spéis agam thairis sin ionta. Sgéalta grinn, sgéalta sídhe, finnsgéalta, sgéalta beaga a tharla thart sa limistéar a raibh baint aca le féiltí na bliana, le piosreógaí agus le go leór leór d'imeachtaí nádúrtha na ndaoiní agus an cheantair. Ina dhiaidh sin sea thosaigh mé cur suime agus a'teacht isteach ar na sgéalta fada agus ar a'bhfiánníocht. Bhí seisear nó mór-sheisear de shean-seansachaí ar a'mbaile a bhí chomh maith le aon seanchaí ó Chnoc Cathrach na Gaillimhe siar le cósta chomh fada le Tower-Cheann Gólaim. Ní thagadh iabh ortha nó foras ó thráthnóna nó go dtéigheadh an oíche thar druimín, ach a' sgéalíocht go dtí thar éis an mheán-oíche. Ó dá gcloisfeá Pádhraic Pháidín a cur síos ar 'Thuras na Féinne go Crích-Lochlain' nó Beartla Tom ar 'Thriúr Clainne na barr-Sgolóige', nó Seáinín Beag ag innseacht 'Céadhtach Mac Ri na gCor'.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

1983

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI1983A05

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI1983A05.pdf

Clibeanna

Tagairt

Tom Phaidi Mac Diarmada, “Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Meán Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3245.