Scéim Uisce an Chnoic/na Minna

Teideal

Scéim Uisce an Chnoic/na Minna

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí bliain ó shin anois ó thosaigh Coiste Chomharchumann Shailearna Teo. ag iarraidh feabhas a chur ar sholáthar uisce an cheantair. Is iomaí teacht le chéile a bhí i gceist agus is mó ná sin litreacha a scríobhadh agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh soláthar glan sásúil uisce a chur ar fáil do phobal Chois Fharraige. Ní mórán tairbhe a bhí ag an gCoiste de bharr a gcuid iarrachtaí go leor den am, mar go bunúsach bhí tacaíocht an Chomhairle Condae ag teastáil sola mbeadh An Roinn Comhshaoil sásta feabhsú a airgeadú. Ní tacaíocht airgid a bhí ag teastáil ón gComhairle Condae ach tacaíocht i bpronsabail mar, gan an tacaíocht seo ní fhéadfadh an Roinn Comhshaoil aon rud a dhéanamh dúinn.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

1998

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI1998A09

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI1998A09.pdf

Clibeanna

Tagairt

Gearóid de Faoite, “Scéim Uisce an Chnoic/na Minna,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 7 Deireadh Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3280.