Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic

Teideal

Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá sé feicthe agam anseo i bPobal an Chnoic i gcaitheamh na mblianta go mbíonn oíche amháin ann chuile bhliain a thugann léargas soiléir dá mbíonn i láthair ar phobal beo gníomhach nach mbíonn ina chónaí. Sin í an oíche a dtagann moltóirí Ghlór na nGael le castáil le hionadaithe na gcoistí deonach agus breithiúnas a thabhairt ar na himeachtaí poballárnaithe agus teanga-lárnaithe a bhíonn ar suil sa bParóiste. Bhuaigh Pobal an Chnoic an chéad áit in Éirinn faoi dhó cheana i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael. Mhothaigh mé féin go minic gur mhór an trua nach bhfeiceann agus nach gcloiseann an pobal uilig faoi chuile shórt a bhíonn ar siúl ag na coistí deonacha agus iad ar fad ag obair go crua ag iarraidh Pobal an Chnoic a fhorbairt le ceangal na Gaeilge agus gan oiread is ceann amháin acu ag ligean a chuid maidí le sruth.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2003

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2003A01

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI2003A01.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Biseach: Eagarfhocal 2003, Pobal an Chnoic,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 6 Nollaig 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3344.