Cumann Micheál Breathnach

Teideal

Cumann Micheál Breathnach

Ábhar

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain chiúin go maith a bhí ag Cumann Micheál Breathnach ar pháirc na himeartha i mbliana i gcomparáid Ie blianta beaga anuas. D'éirigh leis na peileadóirí a n-áit a choinneáil sa nGrád Idirmheánach cé go mb' éigean dóibh fanacht go dtí cluiche deireadh na sraithe in aghaidh na Ceathrún Ruaidh Ie haghaidh é sin chinntiú. Chuir iománaithe an Chumainn sárthaispeántas ar fáil agus an mí-ádh orthusan nach bhfuil craobh an Chontae acu i ngrád Sóisear C i mbliana. Is léir go bhfuil an obair atá ar bun faoi aois sa bpeil agus san iomáint ag dul chun sochair don chumann. Chaill an fhoireann Sóisear A a stádas agus is i sraith B a bhéas siad ag imirt an chéad bhliain eile. Go deimhin bhí na foirne Sóisear A agus C lagtha go mór i mbliana, mar go raibh roinnt mhaith gortaithe ag cur isteach ar na foirne. Chuaigh foireann Faoi-21 an chumainn go dtí cluiche ceathrú-ceannais an chontae sa nGrád A, ach cloíodh d'aon phointe amháin iad tar éis cluiche crua.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2003

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2003A14

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI2003A14.pdf

Clibeanna

Tagairt

Cóilín Ó Neachtain, “Cumann Micheál Breathnach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 6 Nollaig 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3357.