Scéim Shóisialta na Tuaithe

Teideal

Scéim Shóisialta na Tuaithe

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú – ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchúpláil an lae inniu. Tá caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/iascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhaint amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtú acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2004

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2004A19

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI2004A19.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Scéim Shóisialta na Tuaithe,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Márta 2023, https://www.cartlann.ie/items/show/3388.