Blácaigh na Tulaí

Teideal

Blácaigh na Tulaí

Ábhar

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De bhunadh na Breataine Bige iad Blácaigh na Gaillimhe, agus ‘Cadell’ nó ‘Cadwell’ an sloinne a bhí orthu. Ba é Richard Cadel an chéad duine acu a luaitear le Gaillimh (ag deireadh an 13ú haois–tús an 14ú haois) ach bhí leasainm air: ‘Niger’, dubh sa Laidin, nó ‘le Blak’ (a ndearnadh ‘Blake’ ina dhiaidh sin de). Ba dream mór le rá i gcathair na Gaillimhe iad ar feadh na gcéadta bliain agus stádas agus gradam dá réir acu: bhí postanna móra acu sa gcathair, agus bhí scór Blácach éagsúil ina méaraí ar chathair na Gaillimhe. Bhí easpaig ina measc chomh maith le bairnéid, ridirí agus teachtaí parlaiminte. Ba teaghlach gustalach, tábhachtach, mór le rá iad Blácaigh na Gaillimhe, mar sin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2016

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2016A04

Clúdach Tíreolaíoch

An Tulach

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI2016A04.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “Blácaigh na Tulaí,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 7 Deireadh Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3598.