Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu

Teideal

Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dúirt Máirtín Ó Cadhain, mórscríbhneoir Chonamara agus go deimhin duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge riamh anall, ina thiomna liteartha dheireadh saoil, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, go raibh sé ag scríobh i gcaitheamh a shaoil ar uireasa traidisiúin liteartha, ‘cés moite de na filí tuaithe’. Bhí cuid áirithe den cheart aige sa méid sin, ar ndóigh, má tá i ndán is go gciallaíonn traidisiún liteartha riar scríbhneoirí ardréime a bheith romhat sa líne a mbeadh corpus canónda úrscéalta, drámaí, filíochta (i gciall liteartha na hardfhilíochta, go háirithe) agus gearrscéalta foilsithe acu agus léitheoirí iomadúla acu, gan trácht ar litríocht fhairsing chritice a bheith ar fáil lena saothar a “mhíniú” don domhan mór.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2016

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2016A05

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://140.203.202.64/files/BI2016A05.pdf

Clibeanna

Tagairt

Gearóid Denvir, “Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 29 Meán Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3599.