Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin...

Teideal

Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin...

Cur Síos

Thall sa Róimh a pósadh muid leathchéad bliain ó shin ar an 18ú Lúnasa 1969. Ní éirí in airde de chineál ar bith a thug chomh fada leis an Róimh muid ach cinneadh fíorphraiticiúil. Bhí chuile scilling dá raibh muid a shaothrú caite ar theach nua a bhí muid a thógáil. Bhí sé mar aidhm againn é a chríochnú de réir a chéile agus gan aon mhorgáiste a chur faoinár muineál. Sheet chipboard a bhí mar dhoras tosaigh againn agus pleainc ina aghaidh ón taobh istigh, ach bhí muid chomh sásta nach raibh aon deoir anuas orainn is dá mba in óstán ceithre réalta a bheadh muid.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2019

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2019A22

Clúdach Tíreolaíoch

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://www.cartlann.ie/files/BI2019A22.pdf

Tagairt

Joe Steve Ó Neachtain, “Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin...,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 7 Deireadh Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3773.