Aighneas Iascaireachta 1935
Teideal
Aighneas Iascaireachta 1935
Cur Síos
I lár shamhradh na bliana 1935 thug tuairim is cúig fhear fhichead de chuid mhuintir na háite – an Tulaigh, Baile na hAbhann, an Chloch Mhór – aghaidh ar Loch na Creibhinne, nó Loch Bhaile na hAbhann, agus chuaigh siad ag iascach sa loch, a bhformhór ón mbruach, ach chuaigh triúr nó ceathrar amach i mbád. Iascach mar dhea a bhí ar siúl ag an gcuid is mó acu – d’admhaigh duine den lucht eagraithe, Séamus Ó Conghaile as Baile na hAbhann (Séamus Phat Shéamuis), ina dhiaidh sin gur slat sailí agus píosa twine ceangailte de a bhí aige féin. Tamall ina dhiaidh sin tháinig an té a mba leis cearta iascaireachta na locha, Michael Wallace, ar an láthair, le beirt ghardaí, agus tógadh ainmneacha.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Foinse
Dáta
2019
Teanga
ga
Cineál
Aitheantóir
BI2019A28
Clúdach Tíreolaíoch
Stair, Iascaireacht
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Tagairt
Lochlainn Ó Tuairisg, “Aighneas Iascaireachta 1935,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 5 Feabhra 2023, https://www.cartlann.ie/items/show/3779.