Maitiú Ó Tuathail

Teideal

Maitiú Ó Tuathail

Cur Síos

Rugadh Maitiú Ó Tuathail, nó Matt Mhicilín mar is fearr aithne air, ar an gcéad lá d’Fheabhra 1919 i dteach beag ceann tuí i mBaile na hAbhann, Coill Rua Thiar. Dá réir sin, bhí sé 100 bliain d’aois Lá ’le Bríde na bliana seo. Micheál Ó Tuathail a bhí ar a athair, agus ba as Baile na hAbhann, Coill Rua Thiar dó. Bhí sé pósta ag Sorcha Ní Loideáin, as an mBóthar Buí, paróiste an Chnoic. Chomh fada le mo bharúil phós siad i 1916. Bhí triúr clainne acu – Máire, Maitiú agus Jude. Bhí Máire ar an mbean ba shine, Maitiú ar an dara duine agus Jude ar an duine ab óige. Fuair Micheál bás nuair a bhí Maitiú 7 mbliana.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

2019

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

BI2019A30

Clúdach Tíreolaíoch

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Comhaid

http://www.cartlann.ie/files/BI2019A30.pdf

Tagairt

Micheál G. Ó Tuathail, “Maitiú Ó Tuathail,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 7 Deireadh Fómhair 2022, https://www.cartlann.ie/items/show/3781.