Skip to main content

Ailt ó Irisí an Phléaráca

Bailiúchán

Míreanna

Cuardach Casta
  • Ciorraithe in Oideachas Speisialta
    Ó thús na Bealtaine seo caite tá athruithe fógraithe ag an Roinn Oideachais maidir le seirbhísí oideachais speisialta sna bunscoileanna. Anseo déanann Mairéad Ní Chualáin, oide scoile i Scoil an Droma, Leitir Móir, cur síos ar na hathruithe atá tarlaithe agus an imní mhór ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí i gCeantar na nOileán.
  • Gorbachev na Gaeltachta: Agallamh le Pádraig Ó hAoláin
    Ar na mallaibh, labhair Pádraig Ó hAoláin lena chomh Thiobraid Árannach, Donncha Ó hÉallaithe. San agallamh tráchtann an Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta, ar na hathruithe atá ar bun san eagraíocht fhorbartha agus admhaíonn sé nach rabhthas sách cúramach san am a caitheadh ó thaobh na Gaeilge de agus fostaíocht á cruthú sa Ghaeltacht. Leagann sé amach an cur chuige a bheidh aige féin i mbun na heagraíochta agus an dóchas atá aige gur féidir an taoille a chasadh arís. Déanadh eagarthóireacht ar an agallamh lena ghiorrú.
  • Na Niseacha ar ais
    Ní chuireann tada le féile nó le hócáid d'aon chineál ar nós cairde nó gaolta a bheith ag teacht ó i bhfad ó bhaile. Is comhartha measa acu siúd é ar a bhfuil ag tarlú agus ardaíonn sé croí agus meanman an dream ag baile a gcuid seanchairde a fheiceáil arís.
  • Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh - An Choláiste Tin
    Tá an Choláiste Tin nó Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh tógtha as an nua i mbliana agus tá Pléaráca an-sásta gur inti a bheas Oscailt Oifigiúil Phléaráca Chonamara 2005. Cuireann Meta Uí Mháille síos ar stair an Choláiste.
  • Máirtín Ó Neachtain agus Capaillíní Chonamara
    Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thug Máirtín Ó Neachtain suim a bheith aige sna capaill. Sna tríochadaí, bhuaigh a shin-shean athair - Páidín Breathnach as Snámh Bó, duais le capall agus searrach ag seó i gCarna. Ansin tháinig seanathair Mháirtín ó thaobh a mháthair agus ba iad na capaill mian a shaol féin.
  • Éist le Fuaim na hAbhann'
    Chaith Pádraig Ó Flatharta nó Paddy Phaitín Johnny as Camus blianta ag obair mar mhaor uisce agus mar chigire iascaigh le Bord Iascaigh Réigiún an Iarthair. Labhair sé le Meta Uí Mháille faoi chúrsaí iascaireachta i gConamara. Tá sé cáinteach agus díomach faoi an easpa caomhnaithe agus forbartha ar iascaireacht locha agus aibhneacha.
  • Saoir Bád, Bádóirí agus Saoir Cloch Ros Muc agus Chamuis
    Bhíodh scoth na mbádóirí i gCamus agus i Ros Muc agus bhíodh roinnt acu in-ann saoirseacht agus cultacha seoil agus eile a dhéanamh, cosúil le Michaelín Mhicil Dharach Seoige ó Chamus Uachtair, bádóir, saor agus fear farraige agus seoltóireachta. Deirtear go ndearna sé culaith seoil don American Mór fadó. Tá sé luaite faoi Mhike Chite san amhrán Céad Slán le Camus a chum Colm Ó Méalóid go raibh aithne mhaith air i gCill Rónáin is i gCill Mhuirbhí.
  • Bobby Beggs - báireoir a maireann a cháil
    Deireadh an seandream fadó go mbíodh daoine áirithe ann a raibh sórt draíocht acu ó dhúchas agus go raibh sin acu gan fhios dóibh féin. Anois má bhí peileadóir ar bith in Éirinn riamh a raibh an tréith seo ag roinnt leis, déarfainn gurbh é Roibeard Ó Beig é, an Bleácliathach, a raibh a ainm i mbéal na tíre sna tríochaidí agus i dtús na ndaichidí, agus gnaoi agus gean air dá réir.
  • Eagarfhocal 2005: Cúigear Ros Dumhach
    Is beag a cheap éinne nuair a cuireadh cúigear fear as Ros Dumhach, Co Mhuigheo i bpriosún i dtús an tSamhraidh de bhrí nach raibh siad sásta cloí le hurghaire cúirte a chuir an comhlacht Shell i bhfeidhm orthu, go mbeidís fós sa bpriosún faoin am a bhfuil an iris seo ag dul i gcló. Tá ós cionn cheithre scór lá déanta i bpriosún anois ag Micheál Ó Seighin, Uinsionn Mac Craith, Philib Mac Craith, Willie Cordubh agus Breandan Philibín agus gan aon chosúlacht fós air go bhfuiltear chun iad a scaoileadh saor.
  • An tIascaire Dúshlánach
    Gearrscéal le Pádraig Seoige, Camus.
  • An Chéad Laoch, James Brendan Connolly
    Bhí teacht le chéile deas in Inis Mór le gairid nuair a bhronn fear as Marblehead i Massachussetts cóipeanna de leabhra a scríobh James Brendan Connolly ar phobal an Oileáin. Ba é James Connolly an chéad duine a bhuaigh bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha nuair a hathbhunaíodh iad i gCathair na hAithne sa nGréig in 1896. Ba as Árainn a athair agus a mháthair.
  • Clár Ealaíon don Óige - Pléaráca 2003/2004
    Rinne Pléaráca iarracht mhór le bliain anuas réimse leathan imeachtaí ealaíon a chur ar fáil d'óige Chonamara. Le maoiniú ó Ealaíon na Gaeltachta (fochomhlacht d'Údarás na Gaeltachta) agus An Chomhairle Ealaíon, fostaíodh Oifigeach Ealaíon chun Clár Litríochta & Drámaíochta don Óige a riaradh. Ba í Máire Ní Chualáin an t-oifigeach sin agus níor spáráil sí a cuid fuinnimh mar a thuigfidh sibh ón méid a reáchtáladh.
  • Aiséirí Na Fíréin
    Beidh deis ag muintir Chonamara an sár-bhanna seo a chloisteáil beo in Óstán an Dóilín ar an Satharn, 2ú Deireadh Fómhair.
  • Capoeira
    Beidh taispeántas Capoeira ar bun le linn an dioscó óige i gCamus ar an Aoine 8 Deireadh Fómhair. Tugann Colm de Bhaldraithe léargas ar céard é.
  • Cladaigh Chonamara: Aiste faoi Shéamus Mac an Iomaire
    Scríbhneoirí Óga: I mbliana ghlac ceithre iarbhunscoil páirt in imeachtaí An Ciorcal Scríbhneoirí Óga - Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Coláiste Cholmcille, Indreabhán; Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc agus Scoilphobal Mhic Dara, Carna. Seo aiste a scríobh Mary Catherine Ní Mhaoilchiaráin, Scoilphobal Mhic Dara, Carna faoi Shéamus Mac an lomaire.
  • Cór Náisiúnta ar Camchuairt
    Tá Cór Náisiúnta na hÉireann faoi stiúir Celso Antunes ar camchuairt timpeall na hÉireann an Fómhar seo. An Mháirt an 5/10/04 beidh siad i Séipéal na Deastógála i gCamus, ar an gCéadaoin 6/10/04 i gCill Rónáin, Inis Mór agus an Déardaoin in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann. Seo é an dara cuairt ar Chonamara ag an gCór, bhí siad i Séipéal Chamuis cheana cúpla bliain ó shoin, áit a dtáinig slua mór as áiteacha éagsúla lena gcloisteáil. Bhain siad fhéin an-sásamh freisin as a gcuairt ar Chamus, go mór mór an Séipéal.
  • Na Súilleabhánaigh as Uachtar Ard
    Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi ‘Bhliain na bhFrancach’ agus tráchtar go minic i gConamara ar ‘Bhliain an Bhrosna’ ach tá bliain eile fós nár cheart do Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go caoin ceansa ‘Bliain na Súilleabhánach’.
  • Teach Ósta Uí Fhlatharta nó Tigh Khit
    Ba mhór i gceist ag an seandream agus iad ag caint ar laethanta aonaigh, Tigh Pheter William. Is ann a buaileadh smugairle ar bhois is an margadh déanta agus is ann a hóladh an luckpenny. Is maith an scaitheamh blianta anois ó bhí aonach i nDoire Né ach ní shin le rá nach bhfuil tarraingt daoine i gcónaí Tigh Khit, mar a fuair mé amach an tráthnóna bog báistí a bhuail mé isteach i mí Lúnasa le labhairt le Kit faoi na blianta atá caite aici i mbun gnó ansin. Bhí slua maith istigh ann agus daoine ag teacht is ag imeacht, ach bhí sí flaithiúil lena cuid ama agus í ag cur sios dom mar a bhí an saol nuair a tháinig sise go Doire Né ar dtús - agus ar an athrú atá tagtha le imeacht na mblianta. Chonaic sí an t-am a raibh mná liobrálacha a d'óladh piontaí pórtair lá aonaigh (ag am nach dtéadh mná isteach i bpubanna) cé nárbh iad mná Chonamara iad is cosúil, i bhfad sul má cloiseadh caint ar Women’s Lib, ná ar chearta ban. An chéad cheist a chuir mé ar Khit ná cén uair a d' oscail an áit seo ar dtús?
  • Pleanáil agus Teanga i nGaeltacht Chonamara
    Ó Bhealtaine 2003 tá iarratais phleanála i gConamara á meas de réir an Phlean Forbartha nua. Sa Phlean Forbartha 2003-2009, tá polasaí raidiciúil leagtha síos faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tharraing na míreanna faoin nGaeilge sa Phlean Forbartha go leor cainte, cruinnithe, achrainn agus conspóide ag an am. Tar éis cur agus cúiteamh go leor, ghlac Comhairleoirí Contae leis an bpolasaí nua, a deireann go bhfuil sé i gceist cead pleanála a thabhairt sa Ghaeltacht ’with special consideration to Irish speaking applicants....and by imposing conditions in granting such permissions which will ensure the stabilisation and the promotion of lrish as a community language.’ (Alt 10.3). Tá sé ráite chomh maith go mbreathnófar go fabhrach ar iarratais phleanála ar thithe a thógáil sa Ghaeltacht do chainteoirí dúchais Gaeilge agus do lánúineacha le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh go ceantar a bhfuil Gaeilge á labhairt ann. Athrú suntasach é seo ar an bpolasaí a bhíodh ann roimhe sin.
  • Oidhreacht Lamb
    Laillí Lamb de Buitléar ag comhrá le Máire Ní Chualáin faoina hathair, an t-ealaíontóir, Charles Lamb, agus faoi theaghlach Lamb.
  • Comhairle Chonamara
    Toghadh Seosamh Ó Cuaig ina Chomhairleoir Contae neamhspleách ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtús an tSamhraidh seo caite. San alt seo, cuireann sé síos ar cheann de na pointí polasaí atá aige mar chomhairleoir - sin Comhairle riaracháin dá cuid féin do Chonamara.
  • Siopa Uí Mháille: Agallamh le Frank a'Mháille
    Tá Siopa Uí Mháille i Rosmuc le os cionn céad bliain go maith. Labhair Frank a' Mháille le Meta Uí Mháille faoi stair an tsiopa agus an saol mar a bhí.
  • An Saol le Séamus Jamesie
    Sé Séamus Jamesie Ó Flaithearta a osclóidh Féile Phléaráca Chonamara 2004 sa Chistin ar an gCeathrú Rua an Aoine 1 Deireadh Fómhair ag 8.00. Tá aithne ag Gaeltacht agus Galltacht ar Shéamus de bharr a chuid craoltóireachta ar Raidió na Gaeltachta. Ach bhí agus bíonn níos mó ná sin ar bun aige. Le leisce an fhocal a bhaint as a bhéal féin (rud a bheadh deacair!), d'iarr muid air cur síos a dhéanamh dúinn ar a shaol.
  • Eagarfhocal 2004: Turasóireacht i gConamara: bás nó beatha?
    Bhuel tá sé tagtha agus imithe, séasúr na turasóireachta. An raibh sé go maith nó go dona? Braitheann sé cén cineál turasóireachta a bhfuil tú ag caint air. Mar tá an dá chineál anseo i gConamara.
  • ‘T. Barrett of Boston’
    Is minic gur scéalta cruatain agus uaignis a bhaineann leis an imirce ach ní hamhlaidh do Tom Barrett seo a d'fhág an scoil agus a bhaile i bhFoirnis i Leitir Mealláin agus é tri bliana déag le dul ag foghlaim ceird na táilliúireachta. Labhair sé le Meta Uí Mháille.
  • Fáilte ar ais roimh Mhuintir Nís!
    I 1999 tháinig deich nduine fhichead as Nis ar Oileán Leodhais na hAlban ar cuairt chuig Conamara le linn Fhéile Phléaráca Chonamara. I Lúnasa 2000, d'eagraigh Pléaráca grúpa ceoltóirí agus damhseoirí le dul anonn chuig féile i Nis, Céilidh san Iar Thuath.
  • Plean nua forbartha do Chontae na Gaillimhe
    Tá Séamus Breathnach ina Chomhairleoir Contae neamhspleách ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ó 1999. Is é cathaoirleach Choiste Comhairleoirí Chonamara é do 2003. Anseo déanann sé roinnt anailíse ar an bPlean Nua Forbartha do Cho. na Gaillimhe.
  • Ó Éirí go Luí na Gréine
    Bhí sé ar intinn agam, le bliain nó dhó, cuairt a thabhairt ar an tSeapáin. Cén fáth an tSeapáin? Bhí col ceathrar liom ag múineadh scoile sa tír sin le cheithre bliana déag, agus bhí sé i gcónaí ag iarraidh orm cuairt a thabhairt air.
  • Scríbhneoirí Óga: M'Athair
    Tá Ciorcal Scríbhneoirí Óga ag teacht le chéile faoi choimirce Phléaráca Teo. ó 1999. Tháinig an Ciorcal Scríbhneoirí Óga le chéile i 2003 faoi stiúir Thadhg Mhic Dhonnagáin. Seo roinnt samplaí de shaothar na scríbhneoirí óga a ghlac páirt i mbliana.
  • Scríbhneoirí Óga: Gadaí an tSaoil
    Tá Ciorcal Scríbhneoirí Óga ag teacht le chéile faoi choimirce Phléaráca Teo. ó 1999. Tháinig an Ciorcal Scríbhneoirí Óga le chéile i 2003 faoi stiúir Thadhg Mhic Dhonnagáin. Seo roinnt samplaí de shaothar na scríbhneoirí óga a ghlac páirt i mbliana.
  • John Killeen: Gaiscíoch Íománaíochta
    An té nach mbeadh eolas cruinn aige ar chúrsaí iománaíochta i nGaillimh ó lár na ndaichidí go blianta tosaigh na gcaogaidí is dóigh go ndéarfadh sé leis féin gur chruthaigh foireann an chontae thar cionn ar fad de bharr na ngradam a rug siad leo in imeacht na tréimhse sin. Gan amhras ar bith rinne na sárfhir gaisce agus Corn an Bhóthar larainn a bhreith leo ar a gconlán féin i 1947 - éacht a bhí inchurtha le beart pheileadóirí Chiarraí i 1927.
  • Ó Siracusa go Cloch na Rón
    Faigheann muide, a bhfuil sé d'ádh orainn seoladh le Paddy Barry le blianta, bulletin uaidh, mar a thugann sé féin air, go luath sa mbliain, ag insint faoi na pleananna seoltóireachta a bhíonn aige don Samhradh. Is iondúil gur turas ar chósta thiar na hÉireann nó síos go Ciarraí agus Corcaigh a bhíonn i gceist. Mar is gnáth, tháinig an bulletin i mbliana, ach níor chreid mé mo dhá shúil nuair a chonaic mé go raibh sé beartaithe aige bád a thabhairt as an tSicil go Cloch na Rón. An mbeadh spéis agam ann? An ólann cat bainne? An Caitiliceach é an Pápa?
  • Eagarfhocal 2003: Scéimeanna Fostaíochta Pobail i mBaol
    ls léir le tamall anuas go bhfuil sé ar intinn ag an Tánaiste Mary Harney an plug a tharraingt ar na scéimeanna fostaíochta pobail. An fáth a thugtar ná go bhfuil folúntais fostaíochta sna cathracha agus sna bailte móra nach bhfuiltear in ann a líonadh. An méid sin ráite táthar ag cur go tréan leis na figiúirí dífhostaíochta seo le roinnt míonna anuas le monarchana ag leagan amach na céadta oibrí beagnach chuile sheachtain.
  • Litir ó Sydney
    Tá Sibéal Ní Mháille agus a cairde i Sydney na hAstráile. Breathnaíonn sé go bhfuil siad ag baint an-spraoi as.
  • Ceardlann an Spidéil: Fiche Bliain ag Fás
    Breathnaíonn Gearóid Ó Murchú ar fhás agus fhorbairt Cheardlann an Spidéil thar na mblianta.
  • An Gréasán Pobail in aghaidh Foréigean Baile
    Bunaíodh an Clár Náisiúnta Forbartha agus Tacaíochta Pobail i 1990 mar aitheantas ar ról atá ag forbairt pobail i ndul i ngleic le bochtanas agus míbhuntáiste.
  • Seosamh Ó Bradáin: Baireoir a mhairfidh a chuimhne
    Is iomaí sin báireoir fiúntach a tharraing gnaoi is gean ar Ghaillimh ón lá stairiúil úd - 1 Aibreán 1888 - ar threoraigh Séamus ó Laigheanáin fir an Iarthair i gcoinne Thiobraid Árann i mBiorra sa chéad chluiche ceannais iománaíochta do Chraobh 1887.
  • Scéal Imirceora: Imirce, Uaigneas, Grá, agus scarann an bás na daoine
    Rugadh i Snámh Bó mé. Iníon le Pat Phaddy Hynes agus le Mary Kelly. Ba as Eanach Mheáin mo mháthair ó dhúchas. Bhí ochtar clainne acu agus bhí mise ar an tríú duine ba shine.
  • Agallamh le hÉamon Ó Cúiv
    Ceapadh Éamon Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tar éis an toghcháin deiridh. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis faoi nithe éagsúla atá faoina chúram anois.
  • Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta - Trumpa gan Teanga
    Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997-1999 ar an Aire Éamonn Ó Cuív, ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos le straitéis chuimsitheach réadúil leis an nGaeilge a shlánú sna ceantracha sin ina raibh sí fós in úsáid mar ghnáththeanga pobail. De bharr na stocaireachta sin, bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreán 2000, le Peadar Mac an Iomaire ina Chathaoirleach air. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ina chathaoirleach ar Phléaráca ag an am. An alt seo, caitheann Donncha súil chriticiúil ar an tuarascáil 30 leathanach, a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i Márta 2002, tar éis dhá bhliain i mbun oibre.
  • An Lady Mhór
    Sé Pádraig Mhicil Rua Mac Donnchadha an saor a thóg an Lady Mhór. Bhí sé ina chónaí sna Leacracha Rua i dTír an Fhia. Ba duine muinteartha é le clann Johnny Jimmy, a bhfuil An Mhaighdean Mhara acu anois. Níl muid cinnte cén bhliain ar tógadh An Lady ach tá bád cláraithe sa mbliain 1893 do Stephen O Brien, i Sea Fishery of Ireland, eagraíocht a rinne clárú ar bháid iascaigh, i mBaile Átha Cliath agus an t-ainm Lady uirthi.
  • Eagarfhocal 2002
    Tá bliain eile imithe agus Féile an Phléaráca faoi lán tseoil arís. Tá an fhéile teannta amach beagán níos faide sa mbliain againn. Ceann de na fáthanna leis seo ná le go mbeadh níos mó ama againn imeachtaí a phleanáil do na scoileanna agus go mbeadh seans acu féin socrú síos théis saoire an tSamhraidh sula dtosódh lucht an Phléaráca ag glaoch orthu ag lorg tacaíocht d'imeachtaí.
  • Fóram na Gaeltachta
    Déanann Gearóid Ó Cosgora, ball de choiste oibre Fhóram na Gaeltachta, cur síos ar an méid atá déanta go dtí seo chun an fóram a bhunú.
  • Cumann Peile Piarsaigh na mBan
    Bunaíodh Cumann Peile Piarsaigh na mBan sa mbliain 1996 tar éis don chlub óige deireadh seachtaine a chaitheamh i gCorr na Móna, áit a raibh imeachtaí difriúla ar siúl do na clubanna óige. I measc an ghrúpa a chuaigh go Corr na Móna bhí cearthrar cailíní - Máire Bríd Breathnach, Roisín Ní Mhainín, Sally Ní Laoi agus Máirín Ní Mhainín.
  • Glór na nGael ar an gCnoc
    Beidh ócáid mhór i bparóiste an Chnoic ar an Domhnach an 16 Meán Fómhair nuair a bhronnfar Gradam Ghlór na nGael 2000 ar Phobal an Chnoic. Cuireann an tAth Micheál Ó Flannabhra síos ar an obair atá déanta sa bparóiste chun an gradam seo a bhaint amach.
  • Úsáid nua do Phortaigh i gCois Fharraige
    Le roinnt mhaith seachtaine anuas, tá clós Sheanscoil Shailearna líonta suas le ualach adhmad agus is iomaí duine a bhfuil an cheist curtha aige - céard len aghaidh é? Tugann Caitlín Nic an Ultaigh, bainisteoir Chomharchumann Shailearna freagra ar an gceist sin.
  • An Gaelacadamh
    Bunaíodh An Gaelacadamh i 1980 agus ó shin i leith, tá an eagraíocht ag obair go dícheallach agus é mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn i gceantar Chonamara agus Oileáin Árann.
  • Oideachas Feabhais - An Ghaeltacht fágtha fós gan seirbhís iomlán
    ln eagrán na bliana seo caite den iris seo, scríobh Mairéad Ní Chualáin - múinteoir i mBunscoil an Droma, Leitir Móir faoi an neamhaird a déanadh ar na Scoileanna Gaeltachta sa gCuraclam nua a tháinig amach anuraidh. San alt seo, léiríonn sí go bhfuil an neamhaird céanna dá dhéanamh ar pháistí na Gaeltachta nuair a thagann sé go dtí múinteoireacht feabhais.
  • An RIC i Ros Muc
    Sa bpictiúr seo tá John Feely as an Nua Shéalainn lena bhean chéile, Elizabeth. Tógadh an pictiúr i mí Meán Fómhair 2000, ag beairic na nGardaí sa nGort Mór. Tháinig John ar cuair ar Ros Muc toisc go raibh a athair (John Feely freisin) ag obair ann ó 1913-1920 mar bhall den R.I.C.
  • Festy Ó Conláin
    Bhásaigh duine de na ceoltóirí is mó cáil as Conamara an Samhradh seo. Bhí ainm Festy Conlon luaite leis an bhfeadóg stáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D'iarr muid ar Shéamas Ó Cualáin as an Spidéal cur síos ar a chara agus a fhear muinteartha.
  • Cóilín Sheáin Dharach Seoige
    ln Aibreán na bliana seo, bhásaigh Cóilín Sheáin Dharach Seoige, duine a thagann chun cuimhne nuair a luaitear na chéad fhéilte a d'eagraigh Pléaráca. Ó thosaigh Pléaráca Chonamara ag eagrú an chomórtais damhsa ar an sean-nós do Chorn Mháirtín Beag Uí Ghríofa, bhuaigh Cóilín an corn seo faoi dhó. Eisean agus damhseoirí eile dá ghlúin a choinnigh an stíl sean-nóis ag imeacht sular tháinig an borradh atá ann faoi láthair i measc na hóige. Mar a deir go leor, bhí an sean-nós ceart ag Cóilín agus spreag sé go leor damhseoirí níos óige. D'iarr muid ar Bhidín Seoige, dreifiúr Chóilín píosa a scríobh faoina dreatháir.
  • Mianach Ghleann Gabhla
    Tá an mianach seo a bhí tréigthe agus faoi uisce le 130 bliain i ngleann dhá mhíle siar ó Uachtar Ard. Is é an t-aon mhianach sa tír é atá oscailte do chuairteoirí agus tá stair an-spéisiúil ag baint leis.
  • Saol an Bhádóra
    I ngach eagrán de iris Phléaráca ó 1991 rinne Ruaidhrí Ó Tuairisg cur síos ar bháid mhóire. ln eagrán na bliana seo déanann sé cur síos ar an saol a chaith na bádóirí agus a dteaghlaigh.
  • John Phaitín Tom
    Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile.
  • Eagarfhocal 2001
    Ráiteas Misean Phléaráca Teo. – ‘Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn.’
  • Corn na hIomanaíochta - Corn Liam Mhic Chárthaigh
    Tá an corn álainn do bhuaiteoirí Chraobh Shinsear lománaíochta na hÉireann ainmnithe i gcuimhne an tsárGhaeil, Liam Mac Cárthaigh, a rinne obair churata ar son chluichí Chumann Lúthchleas Gael i Londain Shasana i gcaitheamh a shaoil.
  • Ceol Pobail - Coincheap Nua sa gCeol
    Cuireann Caitríona Ní Chonaola síos ar cur chuige nua chun an ceol a mhúscailt ionainn uilig.
  • Máire Choilm agus Mise
    Seo sleachta as aiste le Jackie Mac Donncha a fuair duais Oireachtais cúpla bliain ó shin. An teideal a bhí ar an aiste ná Máire Choilm agus Mise. Cailleadh Máire Choilm i lár na seascaidí. Ba í an duine deireanach den chlann í. Is dóigh gur imigh an seál léi.
  • Caoimhín Ó Maicín
    Chaith Caoimhín Ó Maicín aon bhliain déag agus fiche ag teagasc i nGairmscoil na bPiarsach i Ros Muc idir 1955-1986. Bhí sé ina phríomhoide ar an scoil ar feadh bliana sular éirigh sé as an mhúinteoireacht.
  • Beirt Bhan Mhisniúil
    Beidh Éadaoin Ní Challaráin ag kayakadóireacht d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha agus tá Niamh Ní Chuaig tar éis bonn a bhuachaint i gcomórtais reatha idirnáisiúnta. Tá cur síos anseo ag Nuala Ní Chonghaile ar an méid atá bainte amach acu.
  • An St Jude nó An Micí
    Is údar cainte i gcónaí é ag lucht na mbád, cé rinne a leithéid seo de bhád, cé dhó ar dearnadh í, cén áit, céard a tharla de agus mar sin de. Is dóigh gur cuid den draíocht é a bhaineann leis na báid nach bhfuil na freagraí ar fad againn. Tá eolas réasúnta maith againn faoi chuid de bháid Chonamara ach tá cuid eile agus tá bearnaí go leor le líonadh.
  • Céilidh san Iar Thuath
    Cuireann Gearóid ó Murchú síos ar chuairt a thug grúpa ceoltóirí agus damhsóiri as Conamara ar Oileáin na hAlban.
  • Leatrom ar Pháistí na Gaeltachta sa gCóras Oideachais
    Cuireann Muireann Ní Chualáin, múinteoir i Scoil an Droma síos ar cén fáth nach bhfuil an curaclam nua do bhunscoileanna feilteach do scoileanna na Gaeltachta agus iarann sí curaclam dá cuid féin don Ghaeltacht.
  • An Bille Pleanála agus an Ghaeltacht
    Nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht i 1997, ba é an tAcht Teanga a ndéantar tagairt indíreach dó i gclár an Rialtais an píosa reachtaíochta is mó a tharraing aird phobal na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Le déanaí, thuairisc an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Éamonn O Cuív T.D., go bhfuil dul chun cinn déanta leis an mbille seo nuair a chinn an Rialtais dul ar aghaidh agus ceannteidil an bhille a ullmhú. Is deacair a rá ag an bpointe seo agus cúrsaí polaitiúla chomh corrach agus atá, an éireoidh leis an Aire an bille seo a fhoilsiú agus é a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad roimh an chéad toghchán eile.
  • Eagarfhocal 2000
    Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991. Ní raibh i gceist ag an am ach an fhéile amháin sin a eagrú, mar fhreagra ar 'Tuarascáil' a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar Stáid Láithreach na Gaeilge. Caint éadóchasach is mó a bhí sa 'tuarascáil', a scríobhadh i bPáras go gairid sara bhfuair Breandán Ó hEithir bás. Ba mhór an chomaoin a chuir an tÁrannach orainn i gConamara, mar gur ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara, a theacht le chéile leis an mbréag a thabhairt don méid a cuireadh i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil. Ba é Pádraig Ó Cosgordha as Carna a mhol féile mhór phobail a eagrú, le imeachtaí ar bun 'ó Bhearna go Carna' lena léiriú don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch agus an pobal sásta an saibhreas cultúir agus teanga a cheiliúradh.
  • An Mhaighdean Mhara
    Sibhse a tógadh ar an gcósta bheadh eolas agaibh faoi iontaisí na farraige agus faoi dhraíocht na mara. Cé go bhfuil neart iomrá in tíre ar an rón agus ar an mbéaloideas a bhaineann leis ní bheadh eolas faoin mhaighdean mhara chomh coitianta céanna - neach farraige a bhfuil an-iomrá uirthi i mbéaloideas Chúige Uladh. Ar ndóigh tá an t-amhrán An Mhaighdean Mhara cloiste agam i gConamara ach tá sé i bhfad níos coitianta ag amhránaithe Thír Chonaill. Shíl mé féin i gcónaí go raibh an scéal seo thar a bheith spéisiúil agus rómánsúil, do pháistí agus do dhaoine fásta.
  • Duais AIB Better Ireland Awards: Céard a rinne Pléaráca leis an Duaischiste?
    Bhí an-bhliain ag Pléaráca Teo., an scéim ealaíon phobail i 1998/99. Chomh maith leis na gnáthimeachtaí bliantúla a reáchtáil, fostaíodh oifigeach ealaíon don óige i Meán Fómhair 1998 a chuir borradh faoi imeachtaí ealaíona don óige i ndeisceart Chonamara. Déanadh clár leathuaire teilifíse faoin eagraíocht le linn Fhéile an Phléaráca 1998 agus léiríodh é seo ar TnaG agus ar RTÉ i rith na bliana nua.
  • An tAthair Stiofán Ó Conghaile nó An Misean Mór
    Is beag duine i gConamara a bhí tagtha in aois céille nuair a rugadh mise nár chuala caint agus trácht ar an Misean Mór nó an tAth Stiofán Ó Conghaile as Árainn. Go deimhin nuair a chuimhnítear air, cuimhnítear ar na línte seo leanas :’Nach deas an rud poitín sa tír seo/d'íocfadh sí cíos agus poor law/Leigheasfadh sé casacht na hoíche/agus dhíreodh sé an seanduine cam.’ Amhrán an Phoitín
  • Cluichí Iománaíochta Nár Cheart a Dhearmad
    San alt seo le Séamas Ó Cualáin tá cur síos suimiúil stairiúil ar an gcéad chluiche iománaíochta idir chlubanna a imríodh faoi rialacha Chumann Lúthchleas Gael in 1885 agus freisin ar chluiche iomána eile faoi na rialacha nua idir sinsir na Gaillimhe agus Thiobraid Árann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar 13 Feabhra 1886.
  • Conamara 2000+
    Cén chaoi a bheidh ar an nGaeltacht seo amach sa mhílaois nua? Chuir roinnt daoine a gcuid tuairimí ar pháipéar dúinn, cuid acu i bhfoirm filíochta.
  • Mar a líonadh na boscaí in Olltoghchán '99
    Mar a líonadh na boscaí in Olltoghchán '99.
  • Tomhas agam ort
    Seo tomhaiseanna a bhailigh Eimear Ní Riagáin atá fostaithe ar scéim fostaíochta pobail Phléaráca ó Chóilín Sheáin Dharach Seoige as an gCladach ó Dheas, Ros Muc. Bíonn Cóilín, a bhfuil cáil bainte amach aige de bharr a chuid damhsa sean-nóis, ag teacht isteach chuig imeachtaí san lonad Lae i Ros Muc chuile Déardaoin agus níl aon lá a mbíonn sé istigh nach ag cur tomhaiseanna a bhíonn sé ar gach a mbíonn thart air. Shocraigh Eimear go scríobhadh sí síos cuid dóibh. Seo iad, tá na freagraí tugtha chomh maith.
  • Pádraig Mac Piarais: Laoch agus Scríbhneoir
    Ón am a bhí mé i mo ghasúr beag bhí cur síos á dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais i mo theachsa. Bhíodh mo mháthair agus mo athair agus mo mhuintir uilig ag inseacht scéalta faoin bPiarsach agus mar a dtug sé grá a chroí don dúiche seo Ros Muc agus dá mhuintir. Nuair a ghlac sé peann ar láimh chun scéalaíocht, is iad muintir Ros Muc a tháinig ina cheann nó mar a thug sé féin ar an áit 'Ros na gCaorach'.
  • Oíche Filíochta
    Beidh oíche fhilíochta i dTeach Scríbe arís i mbliana mar chuid de fhéile Phléaráca Chonamara. Is ar an Déardaoin 16 a bheidh sé ar bun agus siad na filí a bheas ag glacadh páirt ann ná Nuala Rua Ní Dhomhnaill, Dara Ó Conaola, Colette Nic Aodha, Gearóid Mac Lochlainn agus Aifric Nic Aodha.
  • Cúrsaí Teangan sa nGaeltacht
    An scéal is mó atá i mbéal gach duine sa nGaeltacht le tamall, an méid Béarla atá dhá labhairt ag daoine óga i gConamara. Thug mé an cheist aníos i gcomhrá le daoine éagsúla lena dtuairimí a fháil agus rinne mé nótaí níos deireannaigh maidir le gach a raibh le rá acu. Ní agallaimh a déanadh leo. Seo é a raibh le rá acu faoin nGaeilge ag tosnú lena daoine is sine ar labhair mé leo.
  • 1969 - Bliain na gCearta Sibhialta i gConamara
    Tríocha bliain ó shoin bhain Peadar Mac an lomaire creathadh as an rialtas. Bhailigh sé 1522 vóta i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar san ollthoghchán i 1969, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialata na Gaeltachta, eagraíocht a bunaíodh 2 mhí sar a fógraíodh an ollthoghchán. Is ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Domhnach 23 Márta i Seanscoil an Chnoic, a bunaíodh Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta, mar a ghlaodh air ag an am. D'eascair an cruinniú as agóid, ag Teach Furbo (Connemara Coast Hotel a thugtar ar anois) cúig lá roimhe sin. Eagrán den clár teilifíse Quicksilver - seó quiz - a bhí dhá thaifeadadh ag RTÉ san óstán.
  • Ardán do na hEalaíona
    Ach oiread le Leitir Ceanainn, leis an Muileann gCearr, le Loch Garman nó áit ar bith eile sa tír, tuilleann pobal Chonamara amharclann chun fáilte a chur roimh sheónna, drámaí agus ceoltóirí náisiúnta is idirnáisiúnta a bhíonn ar chamchuairt na tíre. Agus níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, teastaíonn a leithéid d'áis chun forbairt a dhéanamh ar ár n-ealaíona féin i gConamara.
  • Bláth na hÓige
    ‘Bhí sí chomh deas sin nach n-iarrfá imeacht aisti ar chor ar bith.’ Sin a bhí le rá ag John William Seoige faoin mbád ar chaith sé cuid mhaith dá óige inti. Sé Máirtín Ó Cathasaígh as Maoinis a rinne Bláth na hÓige do Sheán Seoige, seanathair John William, in lnis Bearachain, timpeall na bliana 1885. Bhí William Sheáin Seoige, a rugadh timpeall 1867, ina fhear óg nuair a tógadh an bád. Tá sé ráite gur fhan Máirtín Ó Cathasaigh in Inis Bearachain go dtí go raibh sí críochnaithe aige – trí mhí. Fuair sé tuairim £8 as ucht í a dhéanamh.
  • Agallamh le Seosamh Ó Cuaig
    Chuir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Óige le Pléaráca, agallamh ar Sheosamh Ó Cuaig, craoltóir, iarbhall tofa de Údarás na Gaeltachta agus duine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
  • Eagarfhocal 1999: An Spidéal faoi Léigear ag 'An Tulán Cleasach'
    Tá aitheantas tugtha do thábhacht na Gaeltachta sa mBille nua Pleanála, a foilsíodh le gairid. As seo amach caithfear cosaint teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur san áireamh in aon phlean forbartha a réiteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe.
  • Conamara Aineoil
    De bharr leatroma agus droch íde ar feadh na gcíanta tá dreaim mór de mhuintir Chonamara nach bhfuil aithne ná fios ag mórán daoine eile orthu. Sin iad na daoine i gConamara atá hómógnéasach. Ar nós dreaim ar bith faoi chos, muintir na hAstráile nó Mheiriceá faoi shliocht na nEorpach, nó an lucht siúil in Éirinn, nó fiú na hEireannaigh go fíor gairid, tá droch féiniúlacht, lagmhisneach, fadhbanna intinne agus óil ag cuid mhór acu. Cuireann an-chuid dóibh a lámh ina mbás féin - go háirid fir óga. Chuir cuid acu cumann ar bun le deis a thabhairt dóibh castáil ar a chéile gan brú ná bagairt. Labhair lris an Phléaráca leo.
  • Seanscoil Shailearna ó 1884
    Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní.
  • Cérbh é Sam Maguire?
    Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bPáirc an Chrócaigh ar an seachtú lá fichead den mhí seo le críoch a chur le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh, gaiscígh Chonnacht, agus Cill Dara, curaidh Laighean, tógfar gártha molta maíte mustracha agus iomprófar an captaen buach go caithréimeach croíléiseach go hArdán Uí Ógáin mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cé hé an sárfhear sainiúil seo ar ainmníodh an corn gleoite ina dhiaidh?
  • Johnny Mhorgan: Dealbhadóir
    Duine ar bith a chuaigh suas Baile an Domhnalláin, baile beag taobh thoir den Spidéal, is cinnte gur thug siad suntas don ghairdín lán líonta de dhealbha éagsúla - fear an ghiotáir, bean an bhosca ceoil, an Mhaighdean Mhuire, bó na leath-adhairce, lachain, cailleacha dubha, iolar, coiníní, rón, deilf, iad uilig curtha le chéile le suimint agus rudaí aisteacha eile a gheobhfá thart faoin áit.
  • Stair na nDroichead i gConamara
    Tá tábhacht ar leith ag baint le logainmneacha nó ainmneacha áite, agus is cinnte go bhféadfaí a rá nach bhfuil cosán ná garraí, claí ná cnocán, abhainn ná loch, ná sruthán nach bhfuil a bhlúire beag staire féin ag roinnt leo. Tá seo fíor faoi na droichid freisin. Tá stair ag baint le gach aon cheann acu, nó tá scéalta le n-aithris fúthu.
  • Patsy Ó Ceannabháin
    Ag an tráth seo den bhliain agus muid ag ullmhú don Fhéile a dhéanann comóradh is ceiliúradh ar teanga agus ar chultúr na Gaeltachta, ní féidir gan súil siar a thabhairt ar an mbliain atá caite agus ar an saibhreas atá sciobtha uainn ag an mbás ón am seo anuraidh. Ba buille mór do Ros Muc bás an tseanchaí áitiúil Jimín Tony Ó Nia. Agus ba buille tubaisteach do Ros Muc, do Chonamara, don sean-nós agus do cultúr na Gaeltachta bás Phatsy Uí Cheannabháin a fuair bás ag tús an tsamhraidh, mar a dúirt an t-amhrán ‘le Iinn don chuach a bheith ag seinm ceoil is an duilliúr glas ag fás’.
  • Teach Ghairfean agus Conroys Ros Muc
    Tá pleananna móra ann Tigh Chonroy a chur in oiriúint lena úsáid mar ionad cultúir agus mar acmhainn don cheantar. Tá stair spéisiúil ag an Teach. Tá an t-alt seo bunaithe ar agallamh a chuir Meta Uí Mhállle ar Jimín Toni ó Nia, a bhásaigh le linn na bliana, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.
  • Bád Pheada: An Morning Star
    Ina shuí lena uncail taobh amuigh de Tigh Joe Mac i gCill Rónáin i Samhradh na bliana 1960 a thit Johnny Healion i ngrá le báid Chonamara. Bhí cleachtadh mhaith ar bháid agus ar sheoltóireacht aige roimhe sin ós rud é gur tógadh i mBeann Éadair é ach an lá áirid seo chonaic sé An Mhaighdean Mhara ag teacht isteach go sean-chéibh Chill Rónáin le ualach móna, an seol tosaigh agus an jib caite anuas aici agus ag ceangal suas le balla. Dúirt sé go gcaithfeadh sé ceann de na báid sin a fháil. Ach fillfidh muid ar Johnny ar ball.
  • Agallamh an Phléaráca: An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta
    Dhá bhliain ó shoin ceapadh Gearóid Ó Tuathaigh, ollamh le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. San agallamh seo, a chuir Donncha Ó hÉallaithe air le déanaí, léiríonn sé a dhearcadh ar an obair atá ar bun ag an Údarás agus ar na fadhbanna atá le réiteach. Léiríonn sé a imní faoi thodhchaí na Gaeltachta. Má ghlacann an rialtas le moladh ón Údarás go mba chóir go mbeadh an tÚdarás ar fad tofa go daonlathach, ag an gcéad toghchán eile, tiocfaidh deire le chathaoirleacht Ghearóid Uí Thuathaigh, gan ach beagán le cois leath dá thréimhse ceapacháin caite aige sa phost.
  • Eagarfhocal: Cá bhfuil an Tascfhórsa Gaeltachta?
    ‘Ní dul chun cinn eacnamaíoch a mharóidh an Ghaeilge ach gan an cineál seo dul chun cinn ní bheidh pobal ann le teanga d'aon tsórt á labhairt. Ach os a choinne sin d'fhéadfadh forbairt tionsclaíoch de chineál áirithe, saor ó aon rialacha teanga, an Ghaeilge a scuabadh chun siúil níos tapúla ná mar a rinne na bataí scóir…’
  • Maria Ní Dhomhnaill agus an Eitilt Yogic
    Fuair bean óg dathúil ón gCeathrú Rua, Maria Ní Dhomhnaill, breis is dhá chéad vóta sa toghchán an Meitheamh seo caite. Chuir sí spraoi agus fuinneamh isteach sa bhfeachtas toghchánaíochta i nGaillimh Thiar, agus tharraing sí aird ar pholasaithe Páirtí an Dlí Nádúrtha le linn a feachtais i gConamara agus i gCathair na Gaillimhe.
  • Gaeltacht Chonamara, Fóram Chonamara: Céard iad féin?
    Níl an t-aontas céanna 's a bhíodh i nGaeltacht Chonamara. Forás na Gaillimhe údar amháin atá leis seo. Is cuid de bhruachbhailte na Gaillimhe go leor de cheantar Chois Farraige anois. Fágann seo difríocht mhór idir é agus Iorras Aithneach agus Ceantar na nOileán. Is ceantair éagsúla atá iontu faoin am seo. Ach tá difríocht eile ann feasta, agus sin difríocht aicme. Tá go leor airgid sa nGaeltacht anois, agus is ag an meánaicme atá sé.
  • Dánta le Seosamh Ó Guairim
    Dá Mairfinnse go deo deo deo beo/Bheadh chuile shórt daite agam buí,/Bheadh tithe daite agam buí,/Bheadh tulach 'gus cnoc daite agam buí,/Bheadh Páid 'gus Cóil freisin/'Gus iad daite agam buí,/Bheadh chuile shórt sort daite agam buí/Mar ba chóir, 'gus canúintí...
  • Curachaí ar an Spidéal
    Sna seachtóidí bhíodh cáil ar an Spidéal faoi Féile na gCurachaí ar an gcaoi céanna is atá cáil ar Chinn Mhara de bharr Cruinniú na mBád. Ach an oiread le roinnt eile féilte farraige, níor reachtáileadh Féile na gCurachaí i mbliana sa Spidéal. Ach fós féin tá borradh nua faoin spórt sláintiúil seo gCois Fharraige. Le fada an lá ní raibh aon fhoireann iomartha ón Spidéal ag tógáil páirt sna féilte curachaí. Is cosúil go mbeidh athrú ar an scéal sin. An samhradh seo, thosaigh grúpa díograiseach ag iomradh agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh foireann fear agus foireann ban ag tógáil páirt sna rástaí curachaí an chéad bhliain eile. Tá baint mhór ag Tommy Standún leis an aithbheochan seo sna curachaí, agus cuireann sé síos anseo air.
  • Lionard Mac Craith: Imreoir Ildánach na Gaillimhe
    ‘Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal’, a deirtear. Ach chomh fada is a bhaineann sé le riar de bháireoirí Chumann Lúthchleas Gael is féidir leo teacht taobh na gaoithe ar an seanfhocal sin. Séard tá i gceist agam na himreoirí ildánacha inniúla atá chomh hábalta aclaí oilte ag luascadh an chamáin agus atá iad ag bualadh peile. Agus faoi mar is eol do Fheara Fáil is fada buí óna chéile an dá chluiche seo.
  • Tatarstan agus Sean Nós Chonamara
    Rinne Bill Whelan, a chum Riverdance, ceol an phobail a ghalántú ach cén dochar? Rud ar bith a tharraingíonn uisce ag an muileann agus bíonn uisce sa bhfuisce de dhíth ar ghoile an lucht éisteachta cathrach, ar a raibh Riverdance dírithe. Thug Riverdance cead a chinn do lucht na veistí bána seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt don rud a bhíonn á choinneál faoi cheilt acu: a dtírghrá.
  • An Claidheamh Soluis
    Seo píosa a casadh dhom le ghairid sa bpáipéar a bhí ag Conradh na Gaeilge i dtús an chéid - An Claidheamh Soluis. Bá é Pádraig Mac Piarais a bhí ina eagarthóir nuair a foilsíodh é, i mí Dheireadh Fómhair 1906. Tá sé ionann is a bheith cinnte gurbh é féin a scríobh é. Ní amadán ar bith a bhí sa bPiarsach. An t-aon locht a gheobhfá ar an leagan amach a bhí aige ar an scéal, an abairt sln faoin mBéarla – ‘knowledge of English which is imagined to be so necessary for one who has to make his way in the world.’ Ní imagination a bhí ann, ar ndóigh, ach dearg riachtanas. Bhí an-bharúil aige do chúis na Gaeilge i Ros Muc ag an am ar chuma ar bith. Céard a déarfadh sé inniu, meas tú?
  • Damhsa an Cháca
    Ó tháinig ann do Phléaráca Chonamara tá aird faoi leith dírithe ar dhamhsa ar an sean nós sa Ghaeltacht seo agus is léir go bhfuil borradh nua tagtha i suim an phobail trí chéile sa ghné seo den traidisiún. Sa chomhthéacs sin, b'fhéidir gur spéis le léitheoirí na hirise seo nós a bhain le hócáidí damhsa sa seansaol agus a luaitear go háirithe le cúige Chonnacht. Tá cuntais ar an nós seo tiomsaithe ag Séamus Ó Duilearga in Béaloideas 11 (1941), 126-42, agus is féidir a bhfianaise a chur go hachomair mar leanas: shocraítí cáca (maisithe) ar loine (nó ar fhearas cuí eile) agus bhíodh sé ar teaspeáint ar láthair an damhsa mar a ndéanfaí é a bhronnadh ag deireadh an chruinnithe ar an damhsóir ab fhéarr sa chomhthionól. Thabharfadh sé siúd an cáca dá rogha cailín nó roinnfeadh sé féin ar an gcomhluadar é.
  • Drong nua de Dhamhsóirí Sean-nóis Chonamara
    Fearacht réigiúin eile sa tír, tháinig scoth na n-ealaíontóirí tradisiúnta amach as Conamara. Ba ceardaithe ar dhamhsa tradisiúnta Chonamara leithéidí Mháirtín Beag Ó Gríofa, Phádraig Cháit Bhreathnach agus an cuairteoir féiltiúil Paddy Bán Ó Broin, a shoilsíonn mar réalta eolais don ghlúin nua damhsóirí a chuala na a n-ainmneacha luaite ach nach bhfaca riamh ar chlár urláir iad.
  • Séipéal Chamuis - céad bliain slánaithe aige
    Tá 100 bliain slánaithe ag Teach Pobail Chamuis. Ba ar an 15 Lúnasa 1897 a beannaíodh séipéal nua i gCamus, agus bhí an méid seo a leanas i gcló in Irisleabhar na Gaeilge, mí Iúil 1897.