-
Vox Pop ar TnaG Is mór i gceist an Vox Pop ar Nuacht TnaG. D'iarr Máire Áine Ní Chuaig de roinnt daoine i measc chuile aoisghrúpa i gConamara cén barúil a bhí acu faoin stáisiún nua.
-
Bad Chonroy: An St. Patrick Is dóigh gur cuid den draíocht í, an neamh-chinnteacht a bhaineann le go leor de bháid mhóra Chonamara - cén bunús a bhí acu, cé rinne iad, cén bhliain, cé dhó ,cén áit, céard a tharla dóibh agus mar sin de. í eisceacht ar bith í Bád Chonroy. Dúirt Dick Scott, i measc go leor daoine eile, ina leabhar, The Galway Hookers gur tógadh í sa mbliain 1911. Ach ní réitíonn chuile dhuine leis an tuairim sin. Dúirt Pat Cheoinín sa mbliain 1981, ar chlár de chuid RnG faoin mbád, gur tógadh í sa mbliain 1907. Dúirt Jimmy Tony Ó Nia as An Cladach Ó Dheas, Ros Muc, gur tógadh í a mbliain 1908.
-
Tús le obair atógála Scoil Sailearna Le cúpla mí anuas tá tús curtha le hobair atógála ar sheanscoil Shailearna sna hAille in lndreabhán. Comharchumann Shailearna atá i mbun na hoibre. Tá sé i gceist ag an gComharchumann lonad Pobail agus lonad Oidhreachta, a chur ar fáil ann do mhuintir Chois Fharraige. Beidh Oifig an Chomharchumainn á lonnú san áit chomh maith le háiseanna eile nuair a chríochnófar an obair ar an suíomh i gceann dhá bhliain eile.
-
Mar a líonadh na boscaí i dToghchán '97 Mar a líonadh na boscaí i dToghchán '97.
-
Éamonn Ó Cúiv, T.D. - Agallamh Achoimre ar agallamh a thug Éamonn Ó Cuív T.D. do Dhonncha Ó hÉallaithe, tús Meán Fómhair. Labhraíonn sé faoi na cúraimí atá air mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin; faoin méid atá leagtha amach aige le déanamh faoi stádas na Gaeilge; faoi theorannacha na Gaeltachta; faoi mhíchothromaíocht forbartha i gConamara; faoin mbealach a bhfuil TnG agus RnaG ag cliseadh ar phobail na Gaeltachta agus faoi roinnt nithe eile.
-
Eagarfhocal: Aire na Gaeltachta Gan Ghaeilge/Ní Neart go Cur le Chéile Is mór an masla don Ghaeltacht go bhfuil Aire Gaeltachta roghnaithe ag Bertie Ahern nach bhfuil a dóthain Gaeilge aici le déileáil le pobail na Gaeltachta ná le pobal labhartha na Gaeilge, trí mheán na Gaeilge. Ní raibh gíog ná míog as na heagraíochtaí Gaeilge, mar is gnáth, faoin masla seo – an masla is mó a thug aon rialtas ó bunaíodh an stát do lucht labhartha na Gaeilge.
-
Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn ‘Ach cá bhfuil Tigh Pheadair Mhóir mar sin?’ - ceist a chuirtear go minic orm nuair a luaitear na hoícheantaí áirneáin a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana sa teach ósta ceann tuí sin ar an mBánrainn. ‘Siar díreach ó chros bhóthair na Tulaí agus feicfidh sibh teach ceann tuí ar thaobh na láimhe deise’. ‘Ach nach shin Tigh Pheadair Dick?’
-
Pléaráca sa mBriotáin Mar thoradh ar iarratas ar Chiste Eorpach le teangacha mionlaigh a chur chun cinn, fuair Pléaráca roinnt airgid le déanaí le oibriú in éindí le Ar Vro Bagan - compántas drámaíochta a oibríonn tré Bhriotáinis. Tá Ar Vro Bagan lonnaithe i Plouguerneau - baile beag ar an gcósta 30 míle ó thuaidh de Bhrest. Síleadh gur bealach an-mhaith é le cleachtadh agus oiliúint a chur ar fáil don ghrúpa atá páirteach i Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca, go n-ullmhófaí seó in éindí le compántas proifisiúnta, a bhfuil ardchaighdeán ag baint lena gcuid oibre.
-
Scoth Peileadóra as Carna ar lár Ar an dara Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite d'fhuadaigh an bás uainn Hugó Ó Ciardha a raibh cónaí air le fad i mbaile mór an Longfoirt. Faoi mar is eol dá lán ba ón mbaile seo a thiomáineadh sé bus paisinéirí le C.I.É. go Gaillimh lá i ndiaidh lae ar feadh na mblianta. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.
-
An Stáisiún Ginte Leictreachais i Scríb 1957 osclaíodh an stáisiún ginte leictreachais i Scríb, Ros Muc, Conamara. Móin a d'úsáidtí ann le leictreachas a ghiniúnt. Ag an am ba fhreagra é ar an dífhostaíocht agus ar an imirce a bhí ag bánú Chonamara, chomh maith le ceantair tuaithe eile ar fud na tíre. Thug sé fostaíocht agus saothrú ní amháin do na daoine a bhí ag obair sa stáisiún fhéin, ach do go leor eile a bhí fostaithe ag muintir Kheogh i dtionscal na móna.
-
Búir na Scéime Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca a bhain an príomh duais i rannóg na timpeallachta do Thionscnaimh Pobail i Réigiún an larthair. Ba aitheantas an duais ar an obair mhór atá déanta ag lucht na scéime le bliain anuas. Is comórtas é seo a eagraíonn FÁS chuile bhliain do scéimeanna ar fud na tíre.
-
Graceville Ag déanamh staidéir ar obair an Land League i gConamara a bhí mé nuair a fuair mé amach gur tugadh slua mór daoine as Conamara siar go Minnesota os cionn céad bliain ó shin, gur caitheadh amach ar na prairies iad agus gur dúradh leo a bheith ina bhfeilméirí tréana cruithneachta ann. Bhí caint mhór ar Rath Cairn ach ba mhó de scéal é seo - agus bhí sé imithe as cuimhne na ndaoine.
-
Filíocht Chaitlín Maude Chuir an tAthair Séan Ó Donnchú Caitlín Maude i gcosúlacht le duine a chuaigh amach ar an bhfarraige ard, i gcurach beag a cuid samhlaíochta, go ndeachaigh sí ag iascaireacht agus gur thug sí ar ais climín álainn dánta a bhfuil beomhaireacht, sólás, solas agus an-fhírinne iontu. Is álainn go deo an cur síos é sin ar fhilíocht Chaitlín Maude. Bheadh sé deacair cur leis an léargas a thug sé ar a cuid filíochta ina sheanmóir ag an Aifreann ag Éigse Chaitlín Maude, le gairid.
-
Some Mother's Son 'lt just goes to show,' a dúirt an Bhean mheasúil sa slua ag déanamh ar an doras amach ón Town Hall, 'that it wasn't worth it.' Ag an bpremiere Éireannach de Some Mother's Son a bhíomar, scannán déanta ag Terry George bunaithe ar an Stailc Ocrais a bhí ar siúl ag príosúnaigh Phoblachtánacha sna Sé Chontae sa bhliain 1981, agus ar bhás Bobby Sands.
-
An Sean-Nós agus an Nua-Nós Is ceist le cur céard is brí le sean-nós? Is ceist freisin ná céard is nua-nós ann? Is furasta míniú a thabhairt ar nua nós, b'fhéidir. Is minic go ndéantar iarracht sean-nós a mhíniú nuair a bhíonn comórtaisí sean-nóis ar siúl cosúil le comórtaisí an Oireachtais. Tugann na moltóirí míniú maith go leor ar an sean-nós is fearr ach b'fhéidir nach mbíonn tréithe iomlána an tsean-nóis ag iarrthóirí agus is deacair a dhéanamh amach mar sin céard é scoth an tsean-nóis dáiríre.
-
Ceol agus Ceoltóirí, Ceoláin agus Ceoltóirí Seo thíos sliocht as léacht a thug Joe Steve Ó Neachtain do Chumann Mherriman i mbliana.
-
An Meiricean Mór ‘Seol, seol, a Mheiricean Mhóir/'Spáin do chuid siúil do Tom Deáirbe/Nach bhfuil siad dá rá nach bhfuil do mháistir de bhád/Le fáil a'ainn anseo i gConamara. Cúpla líne as amhrán breá Tom a' tSeoige faoi cheann de bháid mhóra Chonamara. Is é a scéal féin scéal chuile bhád. D'fhan cuid acu ag an gclann céanna ó thús, díoladh cuid acu thar tír amach, thit cuid acu sna cuanta agus ceannaíodh cuid acu go minic. Sé an ceann deire seo scéal an Mheiricean.
-
Eagarfhocal 1996: Freastal na Meán Gaeilge ar phobail na Gaeltachta An mhí seo chugainn seolfar dhá mheán nua i gConamara – an stáisiún nua teilifíse TnaG agus An Nuachtán - páipéar nua Gaeilge. Fáiltíonn muid ó chroí rompu agus molann muid misneach na ndaoine atá ag tabhairt faoin dá mheán nua. Thar aon rud eile, tá súil againn go n-éireoidh leo lucht féachana agus pobal léitheoireachta mór a bhuanú anseo i nGaeltacht Chonamara, cé go dtuigeann muid gur meáin ‘náisiúnta’ go príomha a bheas iontu…..
-
Máirtín Mhichael Labhráis Breathnach - An Fear Deireannach ar Inis Eilte Tá sé ráite gur Fia nó Eilc an chiall atá leis an bhfocal Eilte. Tá carraig taobh thoir don oiléan ar a nglaotar Carraig Léim na hEilte. Níl ar an oileán ach teach amháin, ach tá ballaí thoir i lár an oileáin agus is dócha go raibh cónaí ann sul má tháinig mo mhuintir anseo, ach níl aon eolas cé iad fhéin.
-
Meaircín agus Joe Clochartaigh Meaircín agus Joe Clochartaigh, na saorbháid ó Mhaoinis, le model den bád deireannach a thógadar, An Meaircín Joe. Beidh borradh iontach ag tíocht faoi tógáil bád aríst i gConamara de bharr Scéim Eorpach, atá ceadaithe do Chumann Húicéarai na Gaillimhe. ‘Saor Bád’ atá ar an scéim agus tá £7,500 ceadaithe faoi Clár Horizon do Chumann na Húicéaraí le plean a chur le chéile chun cúrsa oiliúna do dhaoine óga ó Chonamara a chur ar bun, i dtógáil agus i ndeisiú bád seoil.
-
Aimsiú nó Ionradh? Sa mbliain 1992 comóradh ar fud Mheiriceá Theas 500 bliain ó aimsiú na h-ilchríche sin. Bhí a mhacasamhail céanna de chomóradh san Madre Patria, an Spáinn agus an Phortaingéil. Deir an stair oifigiúil linn gur aimsigh na Spáinnigh tíortha labhartha na Spáinnise agus na Portaingéilise lbha Espannhola nó An Bhreasail thart faoin mbliain 1492. Má théann muid níos faide leis an scéal seo tá sé rí-thábhachtach ceist amháin a chur díreach agus sí sin céard is ciall le 'aimsiú'.
-
Cóilín Phádraig Shéamais ag dul go Sasana Tá an gheamaireacht Cóilín Phádraig Shéamais a scríobh Joe Steve Ó Neachtain do Phléaráca, le taisteal go Londain sa bhFómhair. Léireofar Cóilín Phádraig Shéamais ar an Domhnach 29 Deireadh Fómhar, in lonad na nGael (The Irish Centre) i gCamden Square. Chonaic os cionn 3,000 duine Cóilín Phádraig Shéamais mí na Márta seo caite, nuair a léiríodh an gheamaireacht i hallaí pobail ar fud Chonamara agus Árann. Sé Trevor Ó Clochartaigh a léirigh Cóilín Phádraig Shéamais do Phléaráca.
-
Uachtarán nua an Conradh Toghadh Gearóid Ó Cearbhalláin ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge mí Bealtaine seo caite. Béal Feirsteach go smior é Gearóid, lán le fuinneamh agus smaointí. B'é a bhí ina eagarthóir ar Lá, an páipéar Gaeilge seachtainiúil a fhoilsítear i mBéal Feirste. Chas Úna Ní Cheannabháin agus Bríd Ní Chartúr leis an Uachtarán nua ag an gceolchoirm mór faoin aer a d'eagraigh an Conradh, ar pháirc Choláiste Chonnacht an mhí seo caite, le eolas a fháil ar céard a bhí i gceist aige a dhéanamh le Conradh na Gaeilge.
-
Leader II: Agallamh le Ivan Mac Philip Tá Clár Leader II don Gaeltacht réidh le tosnú. Céard é Leader? Céard tá Leader ag iarraidh a bhaint amach? Cén cineál togra a fhaigheann cúnamh airgid tré Leader? Cén caoi ar féidir cúnamh a fháil ó Leader? Chuaigh Úna Ní Cheannabháin chun cainte le Ivan Mac Philip, atá ina Oifigeach Réigiúnach le Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) - an eagraíocht atá i bhfeidhil Clár Leader na Gaeltachta.
-
Cuairt ar Bhéal Feiriste Thaisteal grúpa beag ó Phléaráca go Béal Feirste an chéad dheireadh seachtaine de mí Lúnasa. Bhí Féile an Phobail ag tosnú in Iarthar Bhéal Feirste. Turas eolais a bhí ann, le seans a thabhairt do dhaoine ó Chonamara eolas agus aithne a chur ar mhuintir Iarthar Bhéal Feirste. San grúpa a thaisteal bhí Mairéad Ní Scanláin, Meta Ní Mháille, Treasa Ní Mhaoleoin, Mandy Ní Mhurchú, Dáithí Ó Muírí, Caomhán Ó Scolaí, Róisín Ní Mhainnín agus Turlough O'Connor. Pádraic Ó Flatharta a bhí ag tiomáint an mionbhus agus sé a bhí an-fhoighneach linn ar feadh an deireadh seachtaine.
-
Caitheamh Aimsire na nDaoine sa Seansaol Sciotar Uisce nó Sceidíní: Cluiche deas simplí é seo a d'imrítí cois farraige áit a bhfuil neart leacóg nó Ieicíní. D'imreodh páistí, cailíní is buachaillí, fir is mná an cluiche agus bhíodh an-tóir air le linn na huaire breá – go háirithe i ndeireadh an earraigh agus i dtús an tsamhraidh. Chloisfeá daoine ag rá: ‘Fág seo go ndéanfaidh muid sciotar uisce nó sceidíní!’
-
Slán le hInis Meáin Ar an gcéad Domhnach de mhí Iúil, 1970 a chéadsheol mise go hlnis Meáin. Ba é an chéad uair ar fharraige mhór an Atlantaigh mé. Bhí mé i mo bhliain dheireannach sa choláiste ársa Má Nuad, agus mé ar bheagán Gaeilge. Bhí tuairim mhaith agam go mbeadh tréimhse i nGaeltacht Chonamara nó ar oileán Gaeltachta i ndán dom, agus bhí sé thar am agam tosnú ar fheabhsú mo chuid Gaeilge.
-
Céard é Cunús? Ní fios cén chéad duine a raibh an oiread sin drochmheasa ar a comharsa aige gur cunús a thug sé air. Focal coitianta anois é cunús (conús an litriú caighdeánach) i gcaint Chonamara, cé go mba rí-annamh sa litríocht é go dtí gur thosaigh an Cadhnach ag scríobh.
-
Tá an Teilifís ag Teacht: Agallamh le Cathal Goan Labhair Bríd Ní Chartúr le Cathal Goan, Ceannasaí TnaG le gairid. Phléigh siad na ceisteanna a bhíonn dhá gcur ag an bpobal maidir leis an tseirbhís nua teilifíse tré Ghaeilge, a bheas a cheanncheathrú i mBaile na hAbhann.
-
Cuairt ar fhéile cheoil Cnapan i bhFfostrosol na Breataine Bige Fearacht Raiftearaí nár lig an tairscint ar cairde nuair a fuair sé an cuireadh go Baile Uí Laoi, nuair a d'iarr Pléaráca ormsa an mbeadh suim agam a theacht leo go Ffostrosrol na Breataine Bige, thoiligh mé ar a dhul. Bhí an-cháil cloiste agam ón dream a bhí thall anuraidh ar an bhféile Cnapan agus chomh maith le sin ba bhreá liom an tír a fheiceáil don chéad uair.
-
An Turas Aniar Ar an Satharn 16 Meán Fómhair, fágfaidh rothaithe An Spidéal ag 9.00 ar maidin le taisteal go Ráth Cairn. Tá an turas seo á dhéanamh ag muintir Ráth Cairn agus a gcairde mar chomóradh 60 bliain ar bhunú Ghaeltacht Ráth Cairn.
-
An Mhaighdean Mhara Tá difríocht mhór amháin idir an Mhaighdean Mhara agus aon cheann eile de bháid mhóra Chonamara. Sí an t-aon bád mór í atá déanta ag an gclann a bhfuil sí acu fós - clann Mhic Dhonnchadha nó clann Johnny Jimmy Pheaitsín as an gCuilleán, An Cheathrú Rua. Tá rud eile freisin ag baint leí, sí an bád mór deireadh í a tharraing móin go hÁrainn as Conamara ag tús na seachtóidí, timpeall 1972. As Caladh Thaidhg a bhíodh sí ag tarraingt.
-
Agallamh le Bob Quinn Scannánadóir a bhfuil cónaí air i gConamara ó 1970, chaith sé a phost buan le RTÉ in aer i 1969 agus tá sé anois ceapaithe ar Údarás RTÉ. San agallamh seo le Bríd Ní Chartúir nochtann Bob Quinn a chuid smaointe ar RTÉ, ar Chonamara agus ar TnaG.
-
Dónall Ó Colchúin Rugadh agus tógadh Dónall Ó Colchúin ar an gCeathrú Rua. Fuair sé a oiliúint i gColáiste Iarlfhlatha, Tuaim agus ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhíodh suim i gcónaí aige i scríbhneoireacht agus i gcumadóireacht, ach ba mhó cáil a bhí ag muintir na háite air mar shiopadóir ar an gCeathrú Rua. Filíocht phobail is mó a léirítear ina chuid dánta agus tá baint mhór ag stair na Ceathrún Ruaidh leo, chomh maith le léiriú ar shaol an lae inniu.
-
Seán Mac Giollarnáth (1880-1970) Cé gur chaith sé cuid mhór dá shaol, mar aturnae agus mar ghiúistís ins na cúirteanna i gCondae na Gaillimhe, is féidir a rá gur fearr aithne atá ar Sheán Mac Giollarnáth, mar bhailitheoir béaloidis, agus mar fhear a scríobh faoin dúlra.
-
Agallamh le Seosamh Ó Cuaig C.) Céard iad na haidhmeanna a bhí agat ar Bhord an Údaráis mar Ionadaí Pobail? F.) Is dóigh gurbh í an aidhm a bhí agamsa i gcónaí tuilleadh cumhachta a bhaint amach don Ghaeltacht agus féachaint leis na rudaí a theastaigh ón dream as ar fáisceadh mé féin – gnáthmhuintir na Gaeltachta, más féidir an focal sin a úsáid – a chur chun cinn.
-
Blúiríní Eolais foi Chamus Rugadh Lady Dudley, nó Rachel Gurney mar a bhí uirthi, i Keswick i Sasana. Bhí a hathair ina Lord Lieutenant ar Éirinn, ina Chathaoirleach ar an Royal Commission on Congestion agus ina Governor General san Astráil. Bhí aithne ar Lady Dudley mar an bhean a chur scéim banaltrachta ar bun in áiteacha i gConamara.
-
An Ghaeltacht i mBliain an 2000 - Pobal nó Ionad Oidhreachta? ‘Ní shílim fhéin go bhfuil aon ghá a dhul i bhfad leis an díospóireacht áithrid seo, maidir leis an bhliain, bliain an 2000. Sílim go mba leor a bheith ag éisteacht le pobal lnis Oírr ag an Aifreann inniu, ag freagairt an Aifrinn go nádúrtha, agus go raibh sé go maith a bheith ag éisteacht leis an bhfoireann peile as lnis Oírr agus foireann mo cheantar fhéin, foireann Micheál Breathnach, ag imirt ar an bpáirc anseo amuigh, ag fógairt ar a chéile go hiomlán as Gaeilge, ag eascainí i nGaeilge, buíochas le Dia. Ar ndóigh, tá bliain an 2000 chomh gar dhúinn, agus gur ar éigean go mbeidh muid bailithe abhaile as Tigh Ned ar chor ar bith nó go mbeadh sí ar ár mullach má bhíonn aon seisiún maith ann ina dhiaidh seo.
-
Eagarfhocal 1995: Míchothramaíocht Forbartha i gConamara/Fórum Ghaeltachta de dhíth Ag an am seo den bhliain is cúis dóchais do lucht na Gaeilge an dea nuacht faoi Ghaelscoileanna nua ag oscailt ar fud na tíre. Is breá an rud é go bhfuil an oiread sin éilimh ag lucht na gcathracha agus na mbailte móra ar oideachas tré Ghaeilge ach is beag an sólás é sin don phobal Gaeltachta a chailleann múinteoir as scoil dhá oide, mar a tharla i mbliana i gcás Scoil an Chnoic ar na hOileáin agus mar a tharla anuraidh i Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc. Tá scoileanna beaga Dheisceart Chonamara i mbaol a ndúnta. Mar a tharlaíonn is sna ceantracha a bhfuil scoileanna beaga is láidre atá an Ghaeilge labhartha i nDeisceart Chonamara - na hOileáin, Camus, Ros Muc.
-
Súil le Leader 2 Sna seachtaine tá amach romhainn déanfaidh go leor grúpaí forbartha tuaithe iarratais ar Chlár Leader 2 ina gceantair riaracháin. Ta Meitheal Forbartha na Gaeltachta ag riaradh Leader, clár forbairt tuaithe an Aontais Eorpaigh sa Ghaeltacht ó 1992.
-
Atlantean Tá sé deich mbliana ó rinne Bob Quinn Atlantean, an sraith doiciméide a cheistigh rud a dúradh linn ar scoil faoi ár gCeilteachas. Ghlac na scoláirí beagnach ar fad leis gur tháinig na Ceiltigh chugainn ón Eoraip agus gur shocraigh siad faoi dheireadh in Éirinn agus gur Cheiltigh muide mar sin.
-
Louis Marcus Duine de mhór-scannánadóirí é Louis Marcus. Craoladh sraith spéisiúil leis ar an dteilifís níos túisce i mbliana faoin teidil The Irish Condition. I measc na nithe a bhí faoi chaibidil sa tsraith bhí ceist mhór na Gaeilge. In agallamh san iris Film West léigh Louis Marcus a intinn faoin stát seo agus an Ghaeilge.
-
Ros Muc Is ceantar álainn aoibhinn Gaelach é ceantar Ros Muc. Síneann an paróiste ó Úraid, an Teach Dóite, síos don Léim, ó dheas go Leitir Mucú, isteach go Muiceannach, anoir go Siléar agus Ros Cíde. Blianta ó shin bhí paróiste Leitir Móir istigh le Ros Muc agus Camus. Bhíodh triúr sagart sa bparóiste an t-am sin. Sa mbliain 1950 déanadh paróiste de Leitir Móir.
-
Arran for a Holiday. A Fortnight's Experience in the Heart of the Gaeltacht. I Meán Fómhair 1914 foilsíodh tuairisc bhreá fada ar an gClaidheamh Solais – páipéar seachtainiúil a bhíodh ag Conradh na Gaeilge ag an am – faoin teideal Arran For a Holiday. Seo cúpla sliocht as an dtuairisc sin.
-
Am agus Tráth: Ag Leanacht an Réalt Eolais Taobh amuigh de scoil Ros a’Mhíl an oíche cheana bhí beirt againn ag breathnú suas ar an spéir bhreá réaltógach. ‘Nach breá a bhreathnaíonn an chamchéachta’, a deir mé féin, ‘agus an méid réalta atá i mBealach na Bó Finne.’
-
Turas na Breataine Bige Mí Iúil chuaigh grúpa ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí ar an sean nós ó Ghaeltacht Chonamara go dtí an Bhreatain Bheag le páirt a ghlacadh i Cnapan – féile mór ceoil. Bíonn grúpaí ó na tíortha Ceilteacha ar fad páirteach sa bhféile bhliantúil seo. Is i Ffostrasol, baile beag i ndeisceart na Breataine Bige, i gceantar láidir Breatnaise a bhíonn an fhéile ar bun.
-
Peigín agus an Scorach Chonaic os cionn 3,500 an gheamaireacht a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, Peigín Leitir Móir agus an Scorach níos túisce i mbliana. Pléaráca – an Scéim Ealaíon Pobail atá dhá airgeadú ag an Combat Poverty Agency faoi scéim Horizon agus atá lonnaithe i Ros Muc a d’iarr ar Joe an gheamaireacht a scríobh. B’é Trevor Ó Clochartaigh ó Chill Chiaráin a léirigh an seó agus chuir Paul Corbett snas ar an gceol.
-
Comhairle Pobail Nua i gCeantar na nOileán Tá Comhairle Pobail nua bunaithe i gCeantar na nOileán ó thús an tSamhraidh. Ag cruinniú poiblí a bhí i halla Thír an Fhia ar an 25 Iúil 1994, ghlac an pobal a bhí i láthair le moltaí bhí curtha le chéile ag grúpa oibre a bhí tagtha le chéile le roinnt míonna roimhe sin.
-
Comharthaí Bóthair na Ceathrún Rua Nuair a sheol Liam Mac Com Iomaire clár Phléaráca Chonamara ’94 in Óstán Chois Fharraige le gairid, rinne sé gearán láidir faoi na comharthaí bóthair ata crochta ag Comhairle Contae na Gaillimhe sa gCeathru Rua.
-
Amhráin Tom a tSeoige Is dóigh gur féidir a rá gur beag lá nach bhfuil amhrán nó dhó a chum Tom a tSeoige le cloisteáil ar an Raidió. Cloisfidh tú iad, ar maidin is sa tráthnóna, ar chláracha faoi bháid is faoi churachaí, agus is deacair clár iarrataisí a shamhlú, gan cumadóireacht Tom a bheith ina measc. Ní ó Chasla amháin a chastar na h-amhráin seo mar is minic iad ar chláracha ó Bhaile na nGall agus ó Dhoirí Beaga freisin.
-
Na Súilleabháin Chróga as Uachtar Ard Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi ‘Bhliain na bhFrancach’ agus tráchtar go minic i gConamara ar ‘Bhliain an Bhrosna’ ach tá bliain eile fós nár cheart go Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go caoin ceansa ‘Bliain na Súilleabhánach’.
-
An Capall Go dtí gur tháinig an pinsean amach ag tús an chéid seo ní raibh aon tábhacht ag baint le dátaí ag na gnáth-daoine. Choinnigh siad comhaireamh ar am le tarlú mór éicínt a lua leis – Oíche na Stoirme Móire, Bliain Bhalfour, Bliain an Droch Shaoil agus mar sin de. Tá corr dhuine fós nach dtugann dátaí dhuit ach a déarfas leat ‘ó, sin í an bhliain ar cheannaigh mé an láir dhubh’, nó ‘sin í an bhliain nár thriomaigh fód móna go deireadh an Fhómhair.’
-
Oíche Áirneáin Scoil na hAirde Móire Seo an tuairisc a thug Seosamh Ó Cuaig ar Raidió na Gaeltachta do Mháirtín Jaimsie ar an oíche áirneáin i Scoil na hAirde Móire, Cill Chiaráin, anuraidh le linn Pléaráca Chonamara. Beidh oíche áirneáin aríst ann i mbliana ar an Déardaoin 15ú.
-
Gaelcheol Tíre ó Chonamara Tá sé 20 bliain o craoladh An Damhán Alla leis an ngrúpa Na Cloigne Folmha ar Raidió na Gaeltachta don chéad uair. B’é An Damhán Alla an chéad cheann de amhráin nuachumtha Chonamara a eisíodh ar cheirnín agus mar adeir Mícheál Ó Conghile sa leabhar Croch Suas É scaip an t-amhrán i measc muintir na Gaeltachta ‘mar a bheadh fiabhras ann.’ Ó shoin tá os cionn 100 amhrán nua tagtha ó chumadóirí Chonamara, atá le cloisteáil sna pubannaí, sna hallaí damhsa, ar an Raidió agus áit ar bith a mbíonn cóisir. Tá roinnt mhaith de na hamhráin seo eisithe ar chaiséid ag Cló Iarchonnacht.
-
Pádraig 'Ac Coisdeala ón Spidéal: Gael Dílis, Sárbháireoir, Ilcheardaí, Cainteoir is Ceoltóir Cumasach Ba i mBaile an Dónalláin i bhfoisceacht leathmhíle de shráidbhaile an Spidéil a saolaíodh Pádraig 'Ac Coisdeala (Peait Sheáin Tom), duine de na Gaeil ba dhílse dár chuir cos i mbróig riamh. Chuir sé suim i ngach ar bhain le saíocht Chlainne Gael is le saoirse a thíre.
-
An Royal Mail-Car Is iomaí duine a fuair marcaíocht ar charr a'phosta, nó ar an Mail, sna tríochadaí nó sna ceathrachadaí. B'fhéidir nach raibh an bus ag dul an bealach, nó, má bhí fhéin, nach raibh an t-am feiliúnach, agus ar ndó, ní mórán carr a bhí ar na bóithre ag an am.
-
Oscailt Féile na gCurachaí, An Spidéal 1994 Ní feasach mé fhéin go bhfaca mé riamh agus mé ag éirí suas i mo ghasúr aon rásaí, ná aon gheallta curachaí ná báid mhóra thart ar cheantar Chois Fharraige le linn m'óige. Ní shin le rá nach raibh neart acu ann. Bhí agus go leor acu ann ar chuile bhaile den limistéar agus dalladh curachaí agus foirne fear osgardha, dalbaí, có-láidir, có-ábalta, le iad oibriú agus a úsáid.
-
An Focal Pléaráca - céard a chiallaíonn sé? Cé go bhfuil cáil ar na Gaeil mar dhream spóirtiúil spraíúil, is minic a théann siad i muinín na bhfocal iasachta agus iad ag caint ar chúrsaí caitheamh aimsire. Iasachtaí is ea craic, géim, spraoi, teidhm agus pléaráca féin, dar liom. Focal é Pléaráca atá sa teanga le os cionn dhá chéad bliain go leith. Tá sé in amhráin ag na Connachtaigh Aodh Mac Gabhráin (tmp. 1720) agus an Cearbhallánach (1670-1738), agus ag na Muimhnigh Seán Ó hUaithnín (1688- ?) agus Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1715-1795).
-
Amárach: Nuair a labhair Fintan Coogan Béarla agus é ag speecháil sa Spidéal Bhíodh toghcháin go minic ann i dtús na hochtaidí agus an rialtas dhá athrú chomh minic is a d'athrófá léine. Dúisíodh conspóid teangan in Amárach le linn an fheachtais don tarna toghcháin i 1982 nuair a cuireadh i gcló an litir seo ar eagrán an 19 Samhain1982.
-
Toghchán Údarás na Gaeltachta 1994 - Na Boscaí Vótála Toghchán Údarás na Gaeltachta 1994 - Na Boscaí Vótála.
-
Damhsa ar an Sean Nós De réir a chéile tá an damhsa ar an sean nós ag fáil aitheantais. Dúradh gur chuir Riverdance, an damhsa le linn Chomórtas Amhránaíochta Eurofíse sex ar ais i ndamhsa traidisiúnta. Aithníodh san lrish Times go bhfuil stíl damhsa Mhichael Flatley, Ie fáil anseo i gConamara agus go bhfuil baint nach beag ag 'Pléaráca Chonamara' lena chur chun cinn.
-
Toghchán 1969 ‘Táimse ag seasamh mar neamhspléach mar go bhfeictear dom go bhfuil an pobal thiar - agus muintir na tuaithe i gcoitinne - rómhór faoi bhois ag polaiteoirí a bhfuil a gcéad dílseacht ag dul do pháirtithe polaitíochta, in áit iad a bheith ag fónamh don phobal a thogh iad an chéad lá. Ní féidir leo leas an phobail a dhéanamh ach sa chás gur ionann sin agus leas an pháirtí. Is minic nach ionann an dá leas…’
-
Teallach Ainnín: Scéim Tithe na nAosach ar an gCnoc Tugann go leor daoine Tithe Foyle orthu ach Teallach Ainnín an t-ainm ceart atá orthu. Is gearr anois go mbeadh daoine socraithe go compórdach isteach iontu. Scéim tithe don aosach atá iontu, do dhaoine atá amach sna blianta ach ag a bhfuil drochthithíocht faoi láthair. Sé an Roinn Comhshaoil atá ag cur an airgid ar fáil le íoc as togáil na dtithe agus sé Loch Lurgan Teo. - comhlacht neamhbhrabasúil a bhunaigh Comharchumann Shailearna, Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Forbairt Pobail Teo. breis is bliain ó shin atá ina mbun.
-
Eagarfhocal 1994: Buailte gan Nuachtán Gaeltachta Tá sé deich mbliana ó shin ó foilsíodh an chéad eagrán den pháipéar seachtainiúil Anois. Bheartaigh Roinn na Gaeltachta i 1984 an deontas a bhaint den dá pháipéar Ghaeilge Inniu agus Amárach, a bhíodh ann ag an am agus tugadh an deontas a bhíodh ag an dá pháipéar sin móide beagán lena chois do Ghael Linn le Anois a fhoilsiú.
-
An tÚdarás, Rialtas Áitiúil & Teorainneacha na Gaeltachta Tá baol mór ann i gcónaí go mbeidh toghchán an Údaráis coinnithe siar go dtí mí an Mheithimh seo chugainn, go rithfear iad ar an lá céanna leis an toghchán Eorpach agus dá bhrí sin, nach mór an aird a bheas ag na bpobal trí chéile ná ag na mórmhéain náisiúnta ar chruachás na Gaeltachta. Cháin Michael D. agus páirtí an Lucht Oibre, Cathal Ó hEochaidh agus Fianna Fáil nuair a tharla an rud céanna in 1989. Ach is fada an tréimhse cúig bliana i ngnóthaí poiblí. Sílim go bhfuil ciall i gcónaí leis an argóint gur cheart toghchán Údarás na Gaeltachta a thionól ar ócáid eile seachas an lá vótála don Eoraip.
-
Ar Aistear na gCuradh Linn 1993 Ó tharla go bhfuil an iománaíocht faoi réim i gContae na Gaillimhe arís téann Séamas O Cualáin siar ar bhóithrin an smaointe agus bualann le sean-bháireoir a thuill clú agus cáil dó féin is dá chontae.
-
Colm de Bhailís - File Leitir Mealláin Ba mhaith liom léargas a thabhairt ar scéalaí, ar stairí ar fhear ceirde, ach thar aon ní eile, ar fhile. B'é an Piarsach féin a dúirt, gur rugadh Colm de Bhailís, ar an dara lá de mhí na Bealtaine 1796, i Leitir Mealláin - oileán mara amach ó chósta Chonamara atá anois ceangailte leis an mór thír de bharr cheithre dhroichead a tógadh idir na h-oileáin ag deireadh an chéid seo caite…
-
Lúb an Mhartello Níos luaithe i m bliana d'fhoilsigh Cósta Chonamara sraith leabhráin a thugann cuntas ar shiúlóidí éagsúla sa gceantar. Sa sliocht seo thíos déantar cur síos ar ghnéithe áithride de stair Ros a' Mhíl a bhfuil iarsmaí de le feiceáil againn i gcónaí.
-
An Tónaí agus Brannelly Tá dhá inseacht ar scéal agus seacht rá ar amhrán, deirtear. Tá, a mh'anam, agus níos mó ná dhá inseacht ar scéal na mbád mór i gConamara. Chuir mé romham scéal An Tónaí a bhreacadh síos chomh maith agus a b'fhéidir liom. Tá seans maith nach réiteoidh chuile dhuine leis an leagan seo gus má tá a mhalairt de scéal ag éinne eile chuirfinn fáilte roimhe.
-
Cinegael: Fiche Bliain ag Fís Seanscoil an Chnoic i gCois Fharraige, a úsáideadh mar stiúideo nuair a bhí Bob Quinn ag déanamh an scannán Caoineadh Airt Uí Laoghaire i 1974. Ba é an chéad scannán drámaíochta Éireannach ó deineadh The Dawn sna triochadaí. Ní hamháin gur deineadh i gConamara é ach baineadh úsáid as aisteoirí áitiúla ar an gcuid is mó. B'iad iad an dá réalt sa scannán Seán Bán Breathnach agus Caitlín Nic Dhonncha as Ros a' Mhíl.
-
An tÉireannach 1934-37: Páipéar in Aghaidh Stuif Deir údair mhóra gurb é Inniu an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge a dhírigh ar chúrsaí nuachta seachas ar ghnóthaí na Gaeilge. Ach bhí páipéar eile ann roimhe, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath gach uile Shatharn ó Mheitheamh 1934 go Feabhra 1937. Rinne an nuachtán An t-Éireannach léirmheas géar ar imeachtaí Hitler, Mussolini agus deachtóirí eile. Ba mhar a chéile an pholaitíocht a bhí le brath taobh thiar de agus an pholaitíocht a chleacht an Chomhdháil Phoblachtach (Republican Congress), comhdháil de ghrúpaí ceardchumann, de shóisialaithe agus de Phoblachtóirí sóisialacha (1934-36). Bhí difríocht mhór eile idir An t-Éireannach agus Inniu, agus b'shin gur '... cainteoirí dúchais na daoine a bhailigh Seán Beaumont le chéile mar scríbhneoirí don pháipéar seo agus le cuidiú leis ar dhóigheanna eile', mar a scríobh an t-iriseoir Cathal Ó Tuathail agus é ag fógairt teacht an pháipéir nua i 1934.
-
'Can you tell me where is Greenhill?' Can you tell me where is Greenhill? a d'fhiafraigh an fámaire Poirtingéileach díom an lá cheana. There is no such place around here a deir mé féin leis. But the address of my Bed and Breakfast...." ag taispeáint ainm teach lóistín dom i mbróisiúr de chuid Bord Fáilte - "Ah, it’s Cnocán Glas you're looking for - you'll see that name on a stone sign on the main road." Níor thuig sé féin cén fáth nach mbeadh an seoladh ceart i leabhrán Bhord Fáilte - ach cén fáth an dtuigfeadh? Stríopachas nua turasóireachta atá i leithéidí an Greenhill seo. Ní raibh an t-ainm sin luaite ar mhapa ar bith riamh.
-
Muintearas & Euroform: Caomhní Scileanna Oidhreachta agus Forbairt Thurasóireacht Chultúrtha Cuireadh tús leis an gclár traenála ‘Caomhnú Scileanna Oidhreachta agus Forbairt Thurasóireacht Chultúrtha’ faoi scáth Mhuintearais, an Togra Oideachais Gaeltachta í Mí Deireadh Fómhair 1992. Tá an clár airgeadaithe ag Ciste Euroform an Chomhphobail Eorpaigh agus ag Údarás na Gaeltachta…
-
Ros na Rún - freagra Sheosaimh Uí Chuaig ar alt Antoine Uí Fhlatharta san Irish Times Duine dínn féin é Antoine Ó Flathara. As Leitir Mealláin eisean. As Áill na Brún ar an taobh eile den chuan mise. Mar dhuine a chuir go láidir in aghaidh £300,000 d'airgead an Údaráis a chur isteach i 'Ros na Rún ' agus mar dhuine a d'eagraigh cuid mhaith den vótáil ina aghaidh is trua liom go gceapfadh Antoine gur locht ar bith a bhí againn air féin ná ar a chuid oibre mar níorbh ea ná tada mar é.
-
Eagarfhocal 1993: 'T na G? - Tá lucht na gcúpla focal ag fáil réidh dhó' Beidh sé an-deachair ag an Rialtas dul siar ar an ngeallúint a tugadh maidir le bunú seirbhís teilifíse trí Ghaeilge. Tá dhá thuarascáil ag an Aire Michael D. Higgins, ó thús Mheán Fómhair. Níl a fhios ag an bpobal céard atá sna tuarascáil ach tá corr leide tugtha sna páipéir agus ar Radio na Gaeltachta faoin gcineál seirbhíse atá molta ag Coiste Uí Thuathaigh, agus gan fiacail a chur ann ní maith linn a gcloistear dúinn.
-
Cill Chiaráin Sliocht as an leabhar Conamara Theas - Áit agus Ainm, aistriú Gaeilge a rinne Liam Mac Con lomaire ar Mapping South Connemara le Tim Robinson (foilsithe ag Coiscéim, £5).
-
Tógáil Curraigh sa Bhriotáin Nuair a tugadh cuireadh dom a bheith páirteach i Brest 92, an taispeántas báid traidisiúnta is mó ar domhan, bhí an-ríméad orm. Bhí mé le currach a thógáil mar chuid de na céadta imeachtaí a bhí eagraithe don ócáid.
-
Fear na Curaighe a Chuaigh go Tamhain Sliocht as an leabhar Peadar Chois Fharraige – bailiúchán de sheanchas a thóg Seán Mac Giollarnáth ó Pheadar Mac Tuathalláin. Ba as an Teach Mór, Cois Fharraige, do Pheadar Mac Tuathalláin ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i nGaillimh ar an bhFaiche Beag áit a bhfuair sé bás i 1930. Tá litriú na Gaeilge fágtha mar a bhí sé sa gcéad eagrán ach gur sa gcló Rómhánach atá sé.
-
Féinrialtas ar Mhanainn Chaith mé féin, an bhean agus na gasúir seachtain ar Oileán Mhanainn le gairid. Áit spéisiúil le haghaidh saoire é gan dabht ar bith ach ní ar sin is mó a bhí aird agamsa, tá faitíos orm, ach ar chomh suimiúil agus atá an t-oileán ó thaobh riaracháin agus polaitíochta de. Teipeann glan orm dul ar saoire mar a dhéanfadh duine eile.
-
Cas Amhrán 1992: Amhrán na nAsal Liricí an amhráin.
-
Cas Amhrán 1992: Pluid Dhorcha Lára Liricí an amhráin.
-
Meitheal Forbartha na Gaeltachta: Clár Leader i bhfeidhm sa Ghaeltacht I samhradh 1991 tháinig os cionn 100 grúpa pobail, comharchumainn, coistí pobail le chéile i gcomhar le Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe chun an grúpa Meitheal Forbartha na Gaeltachta a bhunú.
-
Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí Ba i nDoire Luanaigh, baile atá ag bordáil ar thrí mhíle soir ó shráidbhaile an Spidéil, a rugadh agus a tógadh Maitiú Ó Curraoin nó Maitiú na Tamhnaí, faoi mar a thugtaí air. D'réir mar instear ba fhear scolbánta crua fáiscthe é le folt breá gruaige a bhí chomh catach leis an madra uisce.
-
Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta!' I 1969 dhúisigh Gaeltacht Chonamara. Thosaigh daoine ag eagrú, ag gearán, ag éilimh a gcearta, ag agóidíocht in aghaidh lucht údaráis, ag labhairt amach ar a son féin. Tarraingíodh aird go náisiúnta ar fadhbanna na Gaeltachta, ó thaobh dearcadh na Gaeltachta dhe. Bunaíodh ‘Iarchonnacht '85’, eagraíocht a chreid go gcaithfí Gaeltacht Chonamara a 'athphlandáil' le Gaeilgeoirí ó na cathracha, ag a mbeadh na scileanna éagsúla a theastódh, le saol 20ú aoiseach a thógáil in larchonnacht. Bunaíodh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta chomh maith agus sheas Peadar Mac an lomaire in Ollthoghchán an bhliain sin agus bhailigh sé os cionn 1500 vóta. D'athraigh an toghchán sin cúrsaí polaitíochta i gConamara, mar gur bhris sé an marbhfháisc a bhí ag Fianna Fáil ar phobal an cheantair ó 1932 i leith.
-
Éamon a Búrc - ag cur síos ar ghábhadh a ndeachaigh sé tríd ar an bhfarraige Sliocht as bailiúchán de scéalta ón seanchaí Éamon a Búrc arbh as an Aird Mhóir, Carna dhó. Tógadh an scéal seo as bailiúchán a chuir Peadar Ó Ceannabháin in eagar agus a d’fhoilsigh an Clóchomhar i 1983. Deirtear linn gur tharla an eachtra sa bhliain 1896.
-
Campas - Idir Inis Oírr agus Enez Eusa na Briotáine 'Séard a chiallaíonn an focal éigin 'campas' láthair nó suíomh ollscolaíochta. Is gluaiseacht Campas Eorpach Imshaoil a bunaíodh sa bhliain 1990 i tíortha an Chomhphobail. Tá sé mar aidhm aige grúpa scoláirí tríú leibhéil ó thíortha éagsúla na hEorpa a thabhairt le chéile chun dul i mbun staidéir i gceantair tuaithe neamhfhorbartha agus i gceantair chathracha atá faoi mhí-bhuntáiste. Cuirtear na scoláirí faoi chúram lucht ollscoile agus déanann siad scrúdú ar ghné éigin den timpeallacht a bhfuil baint aige le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta.
-
Logainmneacha: Dianghá le Cruinneas Ó tosaíodh ag cur ainmneacha na mbailte in airde ag ceann chuile bhóithrín sa taobh seo tíre tá an-suim múscailte i logainmneacha. Gné fíorthábhachtach den stair áitiúil í seo agus ó tharla gurb ea níor mhór a bheith an-chúramach go mbeadh na hainmneacha cruinn agus litrithe i gceart. Má dhéantar dearmad tá baol ann go mbuanófar an dearmad sin leis an aimsir. ‘Beatha teanga a labhairt: buanú teanga a scríobh’, a deirtear.
-
Seandálaíocht Chonamara Go dtí le fíor-ghairid ceapadh gur taobh tíre sceirdiúil, neamh-thorthúil a bhí i gConamara gan aon suíomhanna seandálaíochta ann. lad sin a bhí ann ceapadh nach raibh aon tábhacht ag baint leo. Shíl na húdair nár chónaí mórán daoine ann go dtí tar éis aimsir Chromail san 17ú aois.
-
Seán Chóilín Ó Conaire (1913-1991) Thíos ar shochraid Dhiarmaidín Uí Shúilleabháin i gCúil Aodha a bhí go leor de phobal Éigse na hÉireann nuair a scaip an scéala go raibh Seán Chóilín Ó Conaire as Ros Muc, fonnadóir cáiliúil eile, caillte freisin. Níorbh ionann is bás anabaí Dhiarmaidín, bhí a fhios ag cairde Sheáin Uí Chonaire go raibh sé in Ospidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riabhach le tamall roimhe sin agus bhí tamall caite roimhe sin arís aige i dTeach Banaltrais Pháirc Mheirlinne i nGaillimh, de bharr timpiste a bhain dó ar cheann de shráideanna na cathrach sin. D'fhág an timpiste céanna seachrán ar a chuimhne, rud a d'fhág an stór mór amhrán a bhí ina cheann aige, cé is móite den bheagán acu atá curtha ar bhuantaifead, ar throigh gan tuairisc. Ar an tríú lá de mhí na Nollag 1991 a bhásaigh sé agus na ceithre fichid beagnach slánaithe aige. Bhí sé ina bhaintreach ar dhá phósadh; aon iníon amháin a bhí aige leis an gcéad bhean agus tá sise pósta i Sasana le Búrcach as Co. Thiobrad Árann.
-
500 Bliain tar éis Columbus I mbliana tá An Bhreasail mar atá an chuid eile de thíortha Mheiriceá Theas ag comóradh ‘500 Bliain d'aimsiú an domhan nua’, agus scaipeadh na Críostaíochta go dtí ilchríocha eile. Ba mhaith le go leor againn gur ócáid nó ceiliúradh lúcháireach, bhríomhar, chaithréimeach a bheadh inti. Ba mhaith linn a chreidiúint go dtáinig borradh, fás agus rath ar na daoine, ar a mbeatha agus ar a gcultúr de bharr an aimsiú seo, agus go raibh an Chríostaíocht páirteach sna gnéithe seo freisin.
-
Cruinniú na mBád i mBrest/Douarnenez Maidin bhreá ghrianmhar a bhí inti nuair a chrochamar na seolta ar an Mac Duach i gCinn Mhara ag triall ar an bhFrainc agus cruinniú na mBád thall i mBrest. Is maith is cuimhin liom Colm Ó Maoilchiaráin agus é ag plánáil an halmadóir nua faoi dheifir, fiú agus muid ar an mbealach siar go céibh na Páirce Móire.
-
Eagarfhocal 1992: Raidió na Gaeltachta - Faoi Bhláth nó ag Meath? ‘Is maith ann Radió na Gaeltachta. Sin é an rud is fearr a d'fhéadfaí ar á fúithi. Agus ní beag mar mholadh é, go háirid nuair a chuimhníonn tú ar an méid rudaí ar an saol seo nach bhféadfá a rá gur maith ann iad…’
-
Eisimirce: Taithí Ros Muc Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Gníomhaíocht ar Bhochtaineacht i nGaillimh gearr leagan de thuarascáil taighde ar an imirce i gCondae na Gaillimhe. Niall Farrell a scríobh an tuarascáil seo Eisimirce...Éagóir lnleigheasta – Taithí na Gaillimhe agus shíleamar go mb'fhiú cuid dhó a bhaineann le pobal Ros Muc a fhoilsiú anseo. Tá fáil ar an dtuarascáil i nGaeilge agus i mBéarla ag oifig Ghníomhaíocht ar Bhochtaineacht i nGaillimh ag 54 Sráid Doiminic, Gaillimh.
-
An Dá Cheann Nuair a bhíodh scéal á scaipeadh ar fud na tíre uilig m.sh. an Tír Naofa fadó, deirtí go raibh sé á leathadh ’ó Dan go Beer-sheba’. Siad sin dhá cheann na tíre ó thuaidh agus ó dheas. Mar a chéile san ‘talamh beannaithe’ abhus - Conamara - go dtí an lá inniu. Nuair a bhíonn muintir na Gaeltachta ag trácht ar an gceantar ar fad, déarfaidh siad gur iomaí teach breá áirgiúil nó gur fánach an méid seanchais atá fágtha, nó gur beag bheidhlín atá á sheinm ‘ó Charna go Bearna!’
-
Ar Aistear na gCuradh Linn Hugó Ó Ciardha, Scoth Peileadóra as Carna. “Is dóigh gurb é Hugó Ó Ciardha an chéad pheileadóir as Gaeltacht Chonamara a ghnóthaigh bonn Chraobh Shinsir Peile na hÉireann le Gaillimh. Chuir roghnóirí an chontae sonrú san ógfhear breá scafánta seo nuair a chonaic siad é i mbun imeartha le foireann bhuach Carna i gcraobh chomórtas sóisir an chontae.”
-
Caoineadh na Mairbh i gConamara Céard atá i gceist le caoineadh na marbh? Deir Séamas Ó Catháin, an t-údar béaloideasa, go raibh an nós seo - caoineadh a dhéanamh - os cionn an mhairbh le fáil i mbeagnach gach tír ar domhan agus gur nós é atá an-sean ar fad. Deir sé gur sa Ghréig atá na caointe is sine le fáil. Tá sé san Iliad, agus déanann Arastotail tagairt dó. Bhí sé le fáil sa Róimh cosúil le traidisiún na Gréige agus i chuile áit ar fud na hEorpa. Maireann sé fós sa bhFionnlainn agus san Israel. Sé Giraldus Cambrensis an chéad chuairteoir go hÉirinn a rinne tagairt do chaoineadh.
-
Séamas C- as na Minna Foilsíodh an t-alt seo i dtús san iris Tuairisc a bhíodh á fhoilsiú ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, le linn na seachtóidí. Shíleamar gur mb'fhiú é a fhoilsiú arís.
-
An Spidéal agus Plougrescant na Briotáine B'íontach an tógáil chroí a bhain leis an radharc a bhí romhainn nuair a ghluais an bus go réidh mall trí shráidbhaile beag Plougrescant na Briotáine chomh fada le Hall an Bhaile - bratach na hÉireann agus na Briotáine ar foluain os cionn an halla, comhartha mhór fháiltithe i nGaeilge agus i mBriotáinis ar chiumhais an chosáin agus muintir an bhaile ag fanacht le fáilte chroíúil a chur romhainn. Bhí turas naoi n-uaire déag a chloig curtha dínn againn ón uair a d'fhágamar sráidbhaile an Spidéil agus sinn ag tosú ar thuras naoi lá arbh é a phríomhchuspóir cleamhnas cultúrtha agus cairdeasa a chur i gcríoch le muintir Phlougrescant. Ceithre dhuine is fiche a bhí sa ngrúpa - dáréag fásta agus dáréag déagóir. Bhí an turas mar thoradh ar réamhchuairt a thug Méara Phlougrescant, Michel le Saint, agus ionadaithe eile an bhaile sin ar an Spidéal i bhfómhar na bliana 1990.
-
Sgorach Ghlionnáin (sliocht as Peadar Chois Fharraige) Sé an áit a raibh Sgorach Ghlionnáin curtha faoin uamhain talmhan san áit ar a dtugtar Glionnán air, i bhfoisceacht trí mhíle do Chuan Chasla. Sgailp Ghlionnáin a tugtar ar an bpoll a raibh an Sgorach ina chónaí ann. Nuair a thiocfá i gceann a bhéil chaithfeá cromadh ag dul inti isteach. Ó bheitheá ceithre troighthe isteach d'fhéadfá díriú suas. Bhí sé ocht dtroighthe ar airde agus tuairim seacht dtroighthe ar leithead, aill ar 'chaon taobh dí agus carachán cloch os a cionn, agus mopa fraoich fásta uirthi taobh amuigh. Ní raibh deoir aníos ná anuas ann, ach chomh tirim le muileann. B'shin é a theach.
-
Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta Tá Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta, bunaithe anois ó 1980. Is i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an togra lonnaithe agus ag feidhmiú ar dtús, ach tá imeachtaí an togra leathnaithe anois chuig ceantair eile i gConamara Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camus, Corr na Móna, agus chuig Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Tá Muintearas airgeadaithe ó Fondúireacht Bernard van Leer san Ollainn agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá tograí ag Fondúireacht Van Leer i dtíortha ar fud an domhain. Sí aidhm na Fondúireachta an soláthar oideachais a fheabhsú sna ceantair ina bhfuil a gcuid tograí. Tá suim ar leith acu ról tuismitheoirí in oideachas a ngasúr a láidriú. Leanann Muintearas an fhealsúnacht seo sna scéimeanna éagsúla a reáchtáileann siad. Togra taighde agus forbartha atá ann go bunúsach agus déantar iarracht na scéimeanna a chur in oiriúint do riachtanais an cheantair, sa chás seo do riachtanais na Gaeltachta.