-
Teideal
-
Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)
-
Cur Síos
-
San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na Dúchrónaigh agus iad ag dó tithe i rith Chogadh na Saoirse. I measc na nithe a phléitear, déanann sé trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann. Is beag meas a bhí aige ar na húdaráis áitiúla (an RIC) freisin - ‘Bhí cuid de na sean-phóilíos go dona’, dar leis. Cuimhníonn sé freisin ar an sos cogaidh, agus ar an gCogadh Cathartha. Is leis an abairt seo a leanas faoi Tom Mháirtín a chuireann an láithreoir, Seán Ó Conghaile, críoch leis an gclár: ‘Is minic a deir sé, agus é ar an mbicycle, go raibh an ghaoth ina aghaidh…bhuel tá súil againn go mbeidh an chóir aige an chuid eile dhá shaol’.
-
Léiritheoir
-
Ó Conghaile, Seán
-
Aoi
-
Ó Loideáin, Tomás
-
Dáta
-
19-03-1988
-
Tréimhsí Ama
-
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
-
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
-
Raon Tíreolaíochta
-
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
-
An Tuar Beag, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
-
Fad na Míre
-
00:30
-
Contae
-
Contae na Gaillimhe
-
Ábhar na Míre
-
Cogadh na Saoirse
-
An Cogadh Cathartha
-
Máirtín Ó Cadhain
-
Na Dúchrónaigh
-
Aitheantóir
-
15813
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim