Skip to main content

Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988)

Item

Teideal
Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988)
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar labhraíonn Beartla Choilimín Nuala Ó Flatharta as Cuileán, an Cheathrú Rua le Seán Ó Conghaile. Chuaigh an Flathartach leis na hÓglaigh nuair a bhí sé óg, agus ina dhiaidh sin le Sinn Féin agus leis an IRA. Dar leis, is ag iarraidh an dlí a thógáil as lámha na ‘bpóilíos’ a bhí siad. Labhraíonn sé faoi eachtra ar leith a tharla dó féin in aice le Loch Leacrach ar an gCeathrú Rua. Cuireadh i bpríosún i nGaillimh é ina dhiaidh sin. Labhraíonn sé faoi na coinníollacha sa phríosún (bhí 300 príosúnach ann, agus cúigear i ngach cillín), agus faoi theacht na nDúchrónach (‘…lena gcuid Crossley Tenders…agus rifles píleáilte ar an tsráid ar nós cocaí féir…’). Chaith sé seacht mí i nGaillimh. Tugadh go Príosún Mhuinseo ansin é ar feadh míosa, agus as sin go Wormwood Scrubs i Sasana ar feadh seachtaine, agus as sin go Wandsworth. Scaoileadh saor as bpríosún Wandsworth é ar an 25 Iúil 1921 mar chuid den Chonradh. Labhraíonn a bhean freisin, Maggie Uí Fhlatharta, as an nGleann Mór.
Léiritheoir
Ó Conghaile, Seán
Aoi
Ó Flatharta, Beartla (Choilimín Nuala)
Dáta
13-02-1988
Tréimhsí Ama
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
Raon Tíreolaíochta
An Cuileán, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Gleann Mór, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Loch Leacrach, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Príosún na Gaillimhe, Gaillimh
Wandsworth, Londain, Sasana
Wormwood Scrubs, Londain, Sasana
Fad na Míre
00:31
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse
Príosúin
Na Dúchrónaigh
Aitheantóir
16433
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim