-
Teideal
-
Agallamh le Peadar Ó Máille (09/05/1981)
-
Achoimre
-
Peadar Ó Máille ar ainm.iePeadar Ó Dónaill ar WikipediaTomás Ó Deirg ar WikipediaTomás Ó Deirg: Beathaisnéis i Leabharlann Mhaigh Eo
-
Cur Síos
-
San eagrán seo de Blianta faoi Bhláth tá Peadar Ó Máille (1895-1985) as Baile Logáin, Cor na Rón Thoir, Indreabhán ag caint ar an tréimhse a chaith sé in Óglaigh na h-Éireann. D`fhás na hÓglaigh go sciobtha tar éis Éirí Amach na Cásca, agus is minic a bhunaigh duine a tháinig abhaile as ceantar éigin eile díorma de na hÓglaigh ina bhaile féin. Is amhlaidh a tharla i gcás an cheantair siar ón Spidéal. Bhí Peadar Ó Máille ag múineadh Gaeilge i gCo. Laoise agus ba é a bhunaigh díorma de na hÓglaigh siar ón Spidéal thart ar 1917. Ba é freisin a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta do Shinn Féin i gConamara do thoghchán 1918. Rinne poblachtánaigh an cheantair an-obair, dar leis.
Cuireann sé síos ar an seal a chaith sé i bpríosún i gcampa an Churraigh – bhídís ag déanamh tolláin éalaithe. Deir sé go raibh na gardaí príosúin go maith, tríd is tríd. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha bhí sé ar chuid den dream a coinníodh istigh, in éineacht le daoine ar nós Pheadair Uí Dhónaill agus Thomáis Uí Dheirg (a bhí ina Aire Oideachais sna 1930í agus na 1940í) nuair a scaoileadh gach duine eile amach. Coinníodh na príosúnaigh seo istigh ionas nach gcuirfeadh siad tús arís le gníomhaíochtaí míleata ina gceantair dúchais. Labhraíonn sé faoin deacracht a bhí aige, mar phoblachtánach, i gcúrsaí fostaíochta tar éis an Chogaidh Chathartha. Thug sé aghaidh ar Uíbh Fhailí le post nua a ghlacadh ach b`éigean dó filleadh abhaile nuair nach raibh sé sásta móid dílseachta a ghlacadh don Saorstát nua a bunaíodh i 1922. Labhraíonn Peadar Ó Máille freisin faoin aithne a bhí aige ar Mhicheál Ó Coileáin (tríd an IRB), ar Éamon De Valera agus ar an scríbhneoir Pádraig Ó Conaire i mBaile Átha Cliath.
-
Léiritheoir
-
Ó Conaola, Maidhc P.
-
Aoi
-
Ó Máille, Peadar
-
Dáta
-
09-05-1981
-
Tréimhsí Ama
-
1918: Olltoghchán
-
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
-
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
-
Raon Tíreolaíochta
-
Baile an Logáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
-
Conamara, Co. na Gaillimhe
-
Campa an Churraigh, Co. Chill Dara
-
Fad na Míre
-
00:30
-
Contae
-
Contae na Gaillimhe
-
Ábhar na Míre
-
Na hÓglaigh
-
Cogadh na Saoirse
-
An Cogadh Cathartha
-
Campa an Churraigh
-
Príosúin
-
An tIRB
-
Aitheantóir
-
24095
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim