Skip to main content

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

Item

Teideal
An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)
Achoimre
Tuairisc faoi na heachtraí díoltais i Márta 1923
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach bás an Choileánaigh i Lúnasa 1922. Ach ní mar sin a tharla, agus tugann sé le fios gur cuireadh 77 duine chun báis idir mí na Samhna 1922 agus mí na Bealtaine 1923. Labhraíonn sé ar eachtraí díoltais le linn an chogaidh, pléitear an díoltas mar pholasaí chun deireadh a chur leis an gcogadh, agus meáitear éifeacht an pholasaí seo. Díríonn sé ar eachtraí díoltais ar leith a tharla tar éis eachtra inar maraíodh oifigeach in Arm an tSaorstáit, beirt shaighdiúirí agus beirt eile in aice le Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is i mBaile Ó Síoda, Trá Lí, i nDroichead na Cuntaoise, Cill Áirne agus sna Beathacha, Cathair Saidhbhín a pléascadh príosúnaigh agus iad ceangailte de mhianaigh. Tháinig Stephen Fuller, a bhí ina Theachta Dála do Chiarraí ina dhiaidh sin, slán as an ainghníomh i dTrá Lí, cé gur séideadh a chuid comrádaithe san aer. Luann an láithreoir, cé gur léir nár aontaigh na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis seo, gur léir go raibh cead a gcinn ag oifigigh an tSaorstáit i dTrá Lí. Críochnaíonn an láithreoir le comparáid idir na heachtraí seo agus tuairisc scríofa eile ón gceantar céanna. Ag tús na bliana sin, bhí Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach Ciarraíoch ar an mBlascaod Mór, ag cur síos ar shaol eile ar fad, a bhí slán ar uafás an Chogaidh Chathartha a bhí ag réabadh an cheantair 50 míle soir uaidh ar an mórthír.
Léiritheoir
Ó Ceallaigh, Tomás
Aoi
Ó Gadhra, Nollaig
Dáta
10-03-1987
Tréimhsí Ama
Márta, 1923: Eachtraí Díoltais sa Chogadh Cathartha
Raon Tíreolaíochta
Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí
Baile Ó Síoda, Trá Lí, Co. Chiarraí
Droichead na Cuntaoise, Cill Áirne, Co. Chiarraí
Na Beathacha, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
An Blascaod Mór, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Fad na Míre
00:13
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
An Cogadh Cathartha
Polasaí Díoltais an tSaorstáit
Bás an Choileánaigh
Stephen Fuller
An Saorstát
An tOileánach
Tomás Ó Criomhthain
Aitheantóir
29901
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim