Skip to main content

Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)

Item

Teideal
Agallamh le Bríd Ní Loideáin (26/08/1975)
Achoimre
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh i mBiúró na Staire MíleataTuairisc faoi Luíochán Thuar Mhic Éadaigh
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith chlár Sé do Bheatha, cuirtear agallamh ar Bhríd Ní Loideáin (nó Bidí Conboy, nó Bidí Phatch Mhicil) a rugadh in 1899. Tá cónaí uirthi lena mac Tim i gCeapaigh na Creiche, os cionn Loch Measca, gar do Choill an tSiáin i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ba as Coill an tSiáin, Partraí, do Bhríd ó thús. Ba cheoltóir aitheanta a bhí inti – casann sí an bosca ceoil - agus is sa bhaile a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil. Cuireann sí síos ar a saol sa cheantar. Bhíodh Éamon de Valera (‘fear tanaí, ard le srón fhada’) agus Sinéad de Valera ag teacht ar saoire go dtí an ceantar, agus ag tabhairt cuairte ar Choláiste Mhuire, scoil Ghaeilge áitiúil. Bhíodh Pádraig Mac Piarais thart freisin, cé nach bhfaca sí é. Labhraíonn sí faoi na Dúchrónaigh, agus cuimhníonn sí ar an luíochán mór le rá a tharla sa cheantar [luíochán Thuar Mhic Éadaigh is dócha]. Bhí beairic mhór ag an RIC sa cheantar agus lasadh é, agus tá sé tite i léig anois.
Léiritheoir
Ó hÉalaí, Seán
Aoi
Ní Loideán, Bríd (Bidí Conboy)
Dáta
26-08-1975
Tréimhsí Ama
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
Raon Tíreolaíochta
Ceapaigh na Creiche, Co. Mhaigh Eo
Choill an tSiáin, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo
Fad na Míre
00:29
Contae
Contae Mhaigh Eo
Ábhar na Míre
Éamon de Valera
Pádraig Mac Piarais
Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh
Cogadh na Saoirse
Aitheantóir
31794
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim