Skip to main content

Agallamh #2 le Sighle Humphreys (29/03/1987)

Item

Teideal
Agallamh #2 le Sighle Humphreys (29/03/1987)
Achoimre
Páipéir agus Beathaisnéis Sighle Humphreys i gColáiste Ollscoile BÁCSighle Humphreys ar WikipediaMáire Comerford ar WikipediaTuairisc faoi Mháire Comerford ar RTÉ
Cur Síos
Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Shighle Humphreys sa chlár seo, a craoladh ar an 29 Márta 1987. Rugadh in aice le Páirtín, Co.an Chláir í agus ba dheirfiúr a máthair le Mícheál Ó Rathaille, a maraíodh san Éirí Amach. Chonaic sí féin agus a muintir roinnt d`eachtraí móra Éirí Amach na Cásca agus bhí aithne mhaith acu ar dhaoine a raibh baint acu leis. Bhí Sighle gníomhach i gCumann na mBan agus dar léi go raibh spiorad na hÓglaigh in ísle brí i Muilte Uí Bheoláin mar gheall nach scaoilfeadh de Valera mná isteach ann. Chreid sí gur thug sé ardú meanman d’fhir agus do mhná óga a bheith ag meascadh le chéile.

Bhí sí in aghaidh an Chonartha i 1921 agus bhí sí i bpríosún cúpla uair - chas sí in aghaidh de Valera níos deireanaí mar gheall gur chuir sé poblachtánaigh i bpríosún. Tar éis na scoilte faoi Chonradh 1921 theastaigh ó phoblachtánaigh a bhí ar son agus in aghaidh an Chonartha teacht le chéile agus feachtas a bheith acu i dtuaisceart Éireann. D`iarr Liam Ó Maoilíosa (Liam Mellows) ar Shighle Humphreys agus cúigear eile as Cumann na mBan dul go tuaisceart Éireann agus ospidéal a bhunú. Thosaigh an Cogadh Cathartha an lá sula raibh sí le dul go tuaisceart Éireann. Bhíodar le dul ar aghaidh go Dún na nGall ar aon nós ach shocraigh duine de na mná, Máire Comerford, fanacht i mBaile Átha Cliath mar gheall go raibh daoine ag scaoileadh a chéile ansin agus go mbeidís ag teastáil. Bhí an-drogall ar dhaoine san iarthuaisceart dul i mbun gnímh ag tús an Chogaidh Chathartha, níor chreideadar chomh dáiríre agus a bhí cúrsaí i mBaile Átha Cliath.

Bhí Sighle Humphreys ar dhuine de na mná a chuaigh ar stailc ocrais ar feadh 31 lá ag deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí easaontas i measc na mban faoin stailc ocrais. Mhothaigh cuid acu go mbeadh níos mó drogaill ar cheannairí an tSaorstáit ligean do mhná bás a fháil ná fir, ach mhothaigh mná eile nach raibh siad ach ag déanamh aithrise ar na fir a bhí ar stailc ocrais freisin.

Tá agallamh eile le Sighle Humphreys (Uimh. 43647) sa bhailiúchán seo.
Léiritheoir
Ní Shé, Helen
Aoi
Humphreys, Sighle
Dáta
29-03-1987
Tréimhsí Ama
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha
Raon Tíreolaíochta
Páirtín, Co. an Chláir
Muilte Uí Bheoláin, Baile Átha Cliath
Fad na Míre
00:29
Contae
Contae an Chláir
Ábhar na Míre
Éirí Amach na Cásca
Cumann na mBan
Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Sighle Humphreys
Ernie O’Malley
Máire Comerford
Aitheantóir
43648
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim