-
Teideal
-
Liam Ó Loinsigh (02/04/1972)
-
Achoimre
-
Litreacha Uí Loinsigh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireannTuairisc Dan Breen ar a bhás Uí Loinsigh i mBiúró na Staire Míleata Liam Ó Loinsigh ar Wikipedia
-
Cur Síos
-
Labhraíonn an Seanadóir Mícheál Cranitch faoi Liam Ó Loinsigh. Bhí comóradh bliantúil an Loinsigh ar bun le gairid i reilig Cill Chruimthir in aice le Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Rugadh Ó Loinsigh i mBarr na gCurraithe, Co. Luimnigh in 1893. Bhí sé páirteach i gConradh na Gaeilge agus in Ord Ársa na nIbeirneach. Chuaigh sé leis na hÓglaigh tar éis an Éirí Amach agus bhí sé gníomhach i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse. Níor ghlac sé leis an gConradh, agus ceapadh é mar Cheann Foirne (Chief of Staff) an IRA i 1922. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha agus caitheadh é ar Chnoc Mhaoldomhnaigh, Co. Thiobraid Árann, ar an 10 Aibreán 1923. Fuair sé bás i gCluain Meala go gairid ina dhiaidh sin. Labhraíonn Cranitch faoin gcineál duine a bhí ann, na nithe a raibh suim aige iontu, agus na rudaí a spreag é. Dúradh gur fear cineálta, tuisceanach a bhí ann. Rinneadh comparáid agus codarsnacht idir é agus Mícheál Ó Coileán. An difríocht ba mhó a bhí eatarthu ná gur beag suim a bhí ag Ó Loinsigh sa pholaitíocht mar ghairm, dar le Cranitch.
-
Léiritheoir
-
Ní Conchubhair, Aingeal
-
Aoi
-
Cranitch, Mícheál
-
Dáta
-
02-04-1972
-
Tréimhsí Ama
-
09/11/1893: Rugadh Liam Ó Loinsigh
-
10/04/1923: Bás Uí Loinsigh
-
Raon Tíreolaíochta
-
Barr na gCurraithe, Co. Luimnigh
-
Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí
-
Cill Chruimthir, Co. Chorcaí
-
Cnoc Mhaoldomhnaigh, Co. Thiobraid Árann
-
Fad na Míre
-
00:30
-
Contae
-
Contae Luimnigh
-
Ábhar na Míre
-
Liam Ó Loinsigh
-
Cogadh na Saoirse
-
An Cogadh Cathartha
-
Mícheál Ó Coileán
-
Aitheantóir
-
48217
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim