Skip to main content

Agallamh le Tadhg Ó Cualáin (08/03/1976)

Item

Teideal
Agallamh le Tadhg Ó Cualáin (08/03/1976)
Cur Síos
San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Thadhg (Tim Johnny) Ó Cualáin, ón Spidéal, Co. na Gaillimhe. Ba leis an Crúiscín Lán, teach ósta sa Spidéal, lá den tsaol. Bhí sé ag comhrá faoina shaol, faoina shaothar agus faoina chuid taistil. As Bothúna ó dhúchas é - Johnny Mháirtín Ó Cualáin a bhí ar a athair agus ba í Máire Tom Ní Choisdealbha as Baile an tSagairt a mháthair. Rugadh é in 1885, an duine ab óige d’ochtar clainne. Bhí sé 91 bliain d'aois ag am a chraolta. Labhair sé faoin scolaíocht a bhí aige agus na múinteoirí a chuir oideachas air. Bhí sé ag obair mar gharraíodóir do Thiarna Chill Aithnín (Muiris, a bhí ina chónaí i dTeach an Spidéil).

Chaith sé tamall san RIC ó 1908–1922. Bhí sé 22 nuair a chuaigh sé leo. Cuimhníonn sé go maith ar an lá ar fhág sé an baile. Thug a dheartháir isteach go Gaillimh é, agus suas leis go Baile Áth Cliath ar an traein. Chaith sé 10 mí ag traenáil san ionad traenála a bhí ag an RIC i bPáirc an Fhionnuisce, BÁC, agus chuaigh sé go Ros Comáin ina dhiaidh sin. Chuaigh sé síos go hÉadan Doire, in Uíbh Fhailí, ina dhiaidh sin, agus chaith sé 12 bhliain ann. Is ansin a bhí sé le linn an Éirí Amach. Ní raibh a fhios aige – ná aon duine eile ach an oiread – go raibh Éirí Amach le bheith ann, is cosúil, mar go raibh sé ciúin ann. Ní raibh faitíos air sa tréimhse chorraitheach - bhí an pobal áitiúil cairdiúil - ach obair chontúirteach a bhí ann mar sin féin. Tar éis dó Uíbh Fhailí a fhágáil chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus d’fhan sé ann go dtí 1922. Ina dhiaidh sin chaith sé seal i bPóilíní an Stáit i Meiriceá agus bhí sé ina Oifigeach Príosúin in Baltimore, Maryland freisin.
Léiritheoir
Ó Tuairisg, Seán
Aoi
Ó Cualáin, Tadhg (Tim Johnny)
Dáta
08-03-1976
Tréimhsí Ama
1885: Rugadh Tadhg Ó Cualáin
1908-1922: Tadhg Ó Cualáin san RIC
Raon Tíreolaíochta
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Teach Mór an Spidéil, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Both Chuanna, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Baltimore, Maryland, USA
Co. Uíbh Fhailí
Ionad Traenála an RIC, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath
Fad na Míre
00:30
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
An RIC
Teach Mór an Spidéil
Éirí Amach na Cásca
Aitheantóir
54990
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim