-
Teideal
-
Seosamh Ó Cuaig ag Éigse Ros Muc (02/04/1991)
-
Achoimre
-
Pádraig Mac Piarais ar ainm.ie Tuairisc faoi Chath na Ceathrún Rua
-
Cur Síos
-
Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus ar mhuintir Ros Muc. Dar leis, is beag éirí amach a tharla ó 1798 nach raibh baint éigin ag muintir Ros Muc leis. Luann sé an bhliain 1880 go sonrach, nuair a d’éirigh muintir na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe, amach ina aghaidh na dtiarnaí talún, in eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua. Tháinig scata daoine as Ros Muc chomh fada leis an gCeathrú Rua an lá dár gcionn le tacú le muintir an bhaile. Ina measc siúd a tháinig bhí Seán Ó Gaora. Insíodh scéal an Chatha do Phádraig Mac Piarais nuair a thug sé cuairt ar Ros Muc ag tús an chéid seo caite. Labhraíonn Ó Cuaig freisin faoi chúrsaí polaitíochta na linne agus riachtanais na Gaeltachta. Léitear dán an Phiarsaigh, Mise Éire, ag deireadh an chláir.
-
Léiritheoir
-
Ó Catháin, Máirtín
-
Aoi
-
Ní Dhomhnaill, Bríd
-
Ó Cuaig, Seosamh
-
Dáta
-
02-04-1991
-
Tréimhsí Ama
-
01/1880: Cath na Ceathrún Rua
-
1991: Éigse Ros Muc
-
Raon Tíreolaíochta
-
Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
-
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
-
Ábhar na Míre
-
Cath na Ceathrún Rua
-
Cogadh na Talún
-
Pádraig Mac Piarais
-
An Ghaeltacht
-
Mise Éire
-
Aitheantóir
-
19704
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim